Buaiteoirí an Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte 2023/2024
6 December 2023An English version of this item is available here.
Rinne fochoiste den Bhord um Rialachas Sonraí Oscailte measúnú ar na hiarratais a fuarthas faoi ghlao an Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte 2023/2024 ar thograí cistiúcháin an 29 Samhain 2023. Comhghairdeas leis na hiarrthóirí rathúla, atá liostaithe thíos. Táimid ag tnúth leis na tionscadail chríochnaithe a fheiceáil in 2024!
Iarratasóir ar an gCiste Rannpháirtíochta | Tuairisc ar an Tionscadal | Dámhachtain don Chiste Rannpháirtíochta |
Niall Ó'Brolcháin, OÉG. |
An Alice Perry Mapathon 2024 a thugtar ar an tionscadal seo, tionscadal a ceapadh chun faisnéis a bhailiú maidir le Tailte Móna agus Foraoiseacht d’fhonn feabhas a chur ar an éiceachóras Sonraí Oscailte i dtaca le húsáid ábhartha talún agus sonraí aeráide. Tá sé mar aidhm aige faisnéis a sholáthar do lucht déanta beartas chun bithéagsúlacht a fheabhsú agus chun carbón a laghdú. Is iad mic léinn tríú leibhéal agus gairmithe óga go príomha spriocphobal an Mapathon. |
€4960.00 |
Burcin Yazgi Walsh |
Oibríonn an tionscadal seo le sonraí oscailte chun físléirithe uathúla gur féidir iad a chur ar taispeáint a chruthú. Is é an príomhsprioc tacar sonraí oscailte a chur i láthair go neamhthraidisiúnta agus na físléirithe a thaispeáint i dtaispeántas ar líne. Baineann an tionscadal sonraí seo úsáid as roinnt athróga socheacnamaíocha ó na sonraí daonáirimh is déanaí agus ó shonraí spásúla a bhaineann le ceantair bheaga chun léiriú teibí de chomharsanachtaí Bhaile Átha Cliath a fhorbairt. Leis na haschuir fhísiúla, spreagfar smaointeoireacht fhísiúil an phobail agus na n-institiúidí a oibríonn le sonraí. |
€4984.00 |
Markus Helfert and Sana Kiran, Ollscoil Mhá Nuad |
Baineann an tionscadal taighde seo le tírdhreach casta na ndúshlán cáilíochta sonraí laistigh d’fhoinsí sonraí oscailte, agus béim ar leith á leagan ar réimse na soghluaisteachta cliste (Catalóg Iompair sa tairseach sonraí oscailte). Trí fhíor-anailís uileghabhálach a dhéanamh ar thacar sonraí, tá sé d’aidhm aige léargas a thabhairt ar impleachtaí praiticiúla na ndúshlán cáilíochta sonraí sin. Is é an plean atá acu samhail aibíochta maidir le cáilíocht sonraí oscailte a fhorbairt. |
€5000.00 |
Paula O'Rourke |
HackTheClimate, beidh an Haiceatón Aeráide seo ar siúl Dé hAoine an 23 Feabhra 2024 in MERITS, An Nás, Co. Chill Dara. Imeacht is ea é atá á reáchtáil ag Foirne Chomhairle Contae Chill Dara (Oifig Aeráide, Nuálaíochta agus Fiontair Áitiúil) i gcomhar le MERITS, Innovation ThinkSpace na Comhairle. Is é an príomhdhúshlán don Haiceatón ná conas is féidir sonraí aeráide a ghabháil ar bhealach a chuireann ar ár gcumas ár bhfeidhmíocht a thomhas maidir lenár spriocanna uaillmhianacha aeráide/dícharbónaithe mar a leagtar amach iad inár bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2024-2029. |
€5000.00 |
David Graham |
Is feidhmchlár é an tionscadal seo ar féidir le gnólachtaí chomh maith le daoine aonair a úsáid chun suíomh a mheas de réir paraiméadair shonracha amhail déimeagrafaic, faisnéis réadmhaoine, áiseanna, cineálacha gnólachtaí agus brandaí. Déanfaidh an tionscadal meascán de shonraí oscailte agus de thacair sonraí tráchtála a ghiaráil agus d’fhéadfadh sé a bheith an-úsáideach do FBManna |
€5000.00 |
Brendan Cunningham |
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo seirbhís gréasáin Gnólacht le Tomhaltóir (B2C) a fhorbairt ar a dtugtar “wateralerts.ie” a sholáthróidh foláirimh gheoidhírithe ar thopaicí uisce amhail amanna taoide, airde abhann, foláirimh báistí/tuile, caighdeán uisce snámha agus sonraí foláirimh uisce-théamacha eile. |
€5000.00 |