Conas an Uirlis CEIST a úsáid ar data.gov.ie
23 July 2025An English version of this item is available here.
Is éard is CEIST ann Uirlis Sonraí Oscailte Oideachas agus Thacaíocht an Phobail de chuid na hÉireann. Tá sé ar fáil d’fhoilsitheoirí ar data.gov.ie agus tá sé ceaptha comhar a chothú leis inar féidir le foilsitheoirí teacht le chéile chun dea-chleachtais a mhalartú, ceisteanna a chur agus acmhainní a chomhroinnt.
Tairgeann CEIST bealach iomasach agus inrochtana chun do thuras foilsitheoireachta a fheabhsú. Seo an dóigh le lántairbhe a bhaint as.
Cur chun Siúil le CEIST
Téigh chuig data.gov.ie agus logáil isteach le do dhintiúir foilsitheora.
Déan nascleanúint chuig an rannán CEIST ón bpríomh-roghchlár nó ón deais.
Comhéadan so-úsáidte a bheidh romhat a ceapadh chun cuidiú leat pléití a aimsiú agus cur leo gan stró.
Tosaigh Plé Nua
An bhfuil ceist, smaoineamh nó dúshlán agat ba mhaith leat a fhiosrú leis an bpobal?
– Cliceáil “Ábhar Nua” chun plé a thosú.
– Cuir isteach teideal soiléir agus cur síos achomair ar d’ábhar.
– Is féidir leat grianghraif nó naisc a chur i gceangal freisin chun comhthéacs nó faisnéis chúlra a sholáthar.
Bealach iontach atá ann chun léargas agus aiseolas a bhailiú nó aird a tharraingt ar chuir chuige nuálacha maidir le foilsitheoireacht sonraí.
Pléigh leis an bPobal
Déanann rannpháirteachas gníomhach leas do CEIST. Is féidir leat:
– Ábhair atá ann cheana féin a bhrabhsáil go bhfeice tú a bhfuil á phlé ag daoine eile.
– Páirt a ghlacadh i gcomhráite ach ráiteas a thabhairt, ceisteanna leantacha a chur, nó do chuid saineolais féin a thairiscint.
– Freagairt do phostálacha chun tacaíocht nó comhaontú a léiriú.
Cibé acu atá saincheist theicniúil á fabhtcheartú agat nó atá caighdeáin meiteashonraí nua á bhfiosrú agat, bíonn rud éigin le foghlaim i gcónaí ó do phiaraí.
Cén fáth an Úsáidfeá CEIST?
– Chun Dul i gComhar le foilsitheoirí sonraí cleachta agus tacadóirí sonraí oscailte.
– Chun Foghlaim ó shamplaí ón saol mar atá agus ó chomhairle phraiticiúil.
– Chun Rannchuidiú le fás agus aibíocht éiceachóras Shonraí Oscailte na hÉireann.
– Chun Leanúint de Bheith ar an Eolas faoi threochtaí, uirlisí agus caighdeáin atá ag teacht chun cinn.
Chun tuilleadh faisnéise nó tacaíochta a fháil, téigh chuig data.gov.ie nó déan teagmháil leis an Aonad Sonraí Oscailte ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin (opendata@per.gov.ie).