Skip to content

Beartas Príobháideachais agus Fianáin

An English version of this item is available here.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a choinníonn an suíomh gréasáin seo ar bun. Urramaíonn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go hiomlán do cheart chun príobháideachais, agus ní bhaileoidh sí aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait. Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil go deonach leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, i gcomhréir dhlúth le RGCS.

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais maidir leis an suíomh gréasáin seo. Mínítear roinnt téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh seo.

Bailiú agus Úsáid Faisnéise Pearsanta

Ní bhailíonn an suíomh gréasáin seo aon sonraí pearsanta, seachas faisnéis a chuireann tú ar fáil go deonach. (Mar shampla, nuair a sholáthraítear aiseolas nó a chuirtear ceist). Ní úsáidtear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar an mbealach seo ach amháin chun na críche a sholáthraíonn tú í.

Faisnéis a bhailímid go rialta

Féadfaimid an fhaisnéis a leanas a bhailiú ó gach duine a úsáideann an suíomh seo:

  • Faisnéis staidrimh (Seoladh IP agus óstainm, leagan brabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu etc.).
  • Seoladh an tsuímh gréasáin ónar tháinig tú chugainn roimhe seo, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
  • Faisnéis eile a chuirtear isteach i bhfoirmeacha, mar shampla má chuireann tú isteach do shonraí pearsanta agus foirm á hiarraidh agat nó aiseolas á thabhairt agat

Céard dó a n-úsáidimid an fhaisnéis

Ní úsáidtear aon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú ach amháin chun na críche a sholáthraíonn tú í. Ní dhéanfaimid iarracht cuairteoirí aonair a aithint, ná ní cheanglóimid na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas le haon duine aonair. Is é ár mbeartas gan faisnéis theicniúil den sórt sin maidir le cuairteoirí aonair ar an suíomh gréasáin a nochtadh d’aon tríú páirtí riamh ach amháin má cheanglaíonn smacht reachta orainn faisnéis den sórt sin a nochtadh. Ní úsáidfear an fhaisnéis theicniúil ach amháin chun críocha staitistiúla agus chun críocha riaracháin eile.

Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach ionann sonraí teicniúla, nach féidir linn a cheangal le haon duine aonair inaitheanta, agus ‘sonraí pearsanta’ chun críocha RGCS.

Beartas Príobháideachais Sonraí Oscailte

Chun RGCS a chomhlíonadh, ní mór tacair sonraí ina bhfuil sonraí pearsanta atá nasctha leis an suíomh gréasáin seo a fhoilsiú i bhfoirm atá comhiomlánaithe agus anaithnidithe go hiomchuí, ionas nach mbeidh sonraí pearsanta aon duine aonair aitheanta nó inaitheanta iontu.  Tá foilsitheoir an tacair sonraí freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar an dlí um chosaint sonraí.  Má tá imní ort go bhféadfadh sé gur foilsíodh sonraí pearsanta gan chuimhneamh mar chuid de thacar sonraí atá nasctha leis an suíomh gréasáin seo, ba cheart duit dul i dteagmháil le foilsitheoir an tacair sonraí sin, agus ba cheart duit an Roinn a chur ar an eolas freisin trí úsáid a bhaint as an bhfoirm theagmhála ionas gur féidir an tacar sonraí a dhínascadh go dtí go bhfaighfear fógra breise ón bhfoilsitheoir.

Fianáin

Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh an fhaisnéis atá stóráilte i bhfianán a bheith bainteach le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó le huimhir aitheantais uathúil ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin ‘cuimhneamh’ ort nuair a thugann tú cuairt air arís. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an tsuímh gréasáin. Go ginearálta, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin ónar féidir tú a aithint, mura bhfuil faisnéis den chineál sin tugtha agat don suíomh gréasáin.

Fianáin i roinnt áiteanna ar an suíomh gréasáin seo. Nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo den chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht ag cur in iúl duit faoi fhianáin. Má dhéanann tú an cnaipe ‘Cuir an teachtaireacht seo i bhfolach’ a chliceáil, déanfar fianán a shocrú a dhéanann taifead ar do rogha.

Tábla Fianáin

Catagóir  Ainm an Fhianáin Soláthróir Cineál  Dul in éag  

Rianú

_ga data.gov.ie (Google Analytics) HTTP

2 bhliain

Rianú

_gat data.gov.ie (Google Analytics) HTTP

Seisiún

Rianú

_gid data.gov.ie (Google Analytics) HTTP

Seisiún

Margaíocht

collect google-analytics.com Pixel

Seisiún

Anailíseach

GPS youtube.com HTTP

Seisiún

Margaíocht r/collect doubleclick.net (Google) Pixel

Seisiún

Feidhmiúil

VISITOR_INFO1_LIVE youtube.com HTTP

179 lá

Anailíseach

YSC youtube.com HTTP Seisiún
Feidhmiúil accept-cookie-policy data.gov.ie HTTP

Céad lá

Seisiún

ckan data.gov.ie

HTTP

Seisiún

Slándáil

auth_tkt data.gov.ie HTTP

2 bhliain

Feidhmiúil

CX_# Surveymonkey.com HTTP

1 bhliain

Feidhmiúil

ep201 Surveymonkey.com HTTP

1 uair an chloig

Feidhmiú

ep202 Surveymonkey.com HTTP

3 mhí

Feidhmiúil

smcx_416370_last_shown_at data.gov.ie (Survey Monkey) HTTP Seisiún

 

Ligeann formhór na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó do chuid socruithe a shaincheapadh le haghaidh fianán. Chun a fháil amach conas é sin a dhéanamh, féach ar an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair do d’aire, má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe, b’fhéidir nach n-oibreodh roinnt gnéithe de i gceart.

Tuilleadh eolais nó iarratas a dhéanamh

Má tá imní ort faoin gcaoi a bpróiseáiltear sonraí pearsanta tríd an suíomh gréasáin seo, ná bíodh drogall ort an imní sin a chur in iúl dúinn ag opendata@per.gov.ie 

Gluais na dtéarmaí teicniúla a úsáidtear

Brabhsálaí Gréasáin

An píosa bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Samplaí is iad Microsoft Internet Explorer, Mozilla Firefox agus Opera.

Seoladh IP

Sonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), arna sloinneadh i gcód prótacail idirlín (mar shampla 192.168.72.34).
Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé go bhféadfadh sé nach mbeadh an seoladh mar an gcéanna gach uair a dhéantar nasc.