Dúshlán Gníomhaithe ar son na hAeráide Sonraí Oscailte, 2022

27 Meán Fómhair 2022

Mar gheall ar an Dúshlán

Mar chuid de Dhúshlán Gníomhaithe ar aon na hAeráide Sonraí Oscailte, a seoladh i mí Aibreáin na bliana seo, táthar ar lorg smaointe agus iarratais ina n-úsáidtear sonraí oscailte chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus lena spreagadh. Tugadh dhá mhí do sheacht gcinn de thionscadail ghearrliostaithe chun uirlisí, deaiseanna, anailísí agus feidhmchláir a fhorbairt lena dtabharfaí faoin ngéarchéim aeráide ar bhealach amháin nó bealach eile. Baintear úsáid i ngach tionscadal as sonraí a foilsíodh ar an stór sonraí oscailte Náisiúnta agus/nó stór Réigiún Bhaile Átha Cliath agus pléann gach ceann acu leis an ngníomhú ar son na haeráide ar bhealach amháin nó eile. Ag Seimineár Gréasáin Seóthaispeántais ar an 14ú Meán Fómhair, léireoidh úinéirí tionscadail mar a thacaíonn a gcuid réiteach leis an ngníomhú ar son na haeráide agus mar is féidir leis an mórphobal plé leo. Agus bronnfar duaiseanna ar na tionscadail is fearr. Cláraigh don seimineár gréasáin anseo.

Cad iad na réitigh a forbraíodh?

San iomlán, bhain seacht dtionscadal, a bhféadfadh sé iad go léir tionchar a bheith acu, úsáid as sonraí oscailte agus acmhainní eile chun feidhmchláir nua a chruthú nó feidhmchláir a bhí ann cheana a fhorbairt. Seo a leanas cur síos gairid ar gach réiteach:

• 'GoZeroWaste App'

Dearadh an Go Zero Waste App chun tacú leis an laghdú dramhaíola trí dhaoine a spreagadh le stáisiúin athlíonta a úsáid le haghaidh buidéil uisce, dul chuig bulc-stórais le haghaidh earraí neamhphacáistithe, siopaí carthanais agus siopaí athláimhe a úsáid, agus a leithéid. I dtaca leis an Dúshlán, cuireadh sonraí oscailte agus sonraí ábhartha eile a bhain le Baile Átha Cliath isteach san Aip agus rinneadh gnéithe di a chluichiú agus duaiseanna a cheangal léi sular seoladh í. Déan an aip a íoslódáil inniu.

 

 • 'Nature Based Solutions Zoning Map'

Sna Réitigh Nádúr-bhunaithe, úsáidtear an dúlra agus an bhithéagsúlacht mar iarracht le dul i ngleic le héifeachtaí féideartha an athraithe aeráide – amhail Tuilte. Léiríonn an léarscáil idirghníomhach seo áit a bhfuil easnaimh sna seirbhísí éiceachórais mar aon le díothacht shóisialta ann agus is féidir í a úsáid mar uirlis le tacú le cinntí: rud a dhéanann imlonnú agus cur i bhfeidhm na Réiteach Nádúr-bhunaithe a bharrfheabhsú. Déan é a fhiosrú.

 

 • 'Cycling Infrastructure Optimisation Tool'

Léiríonn an tionscadal seo anailís ar shonraí a bhaineann leis an taisteal gníomhach d'fhonn shainaithint na suíomhanna optamacha ina bhféadfaí bonneagar rothaíochta a sholáthar (m.sh.  lánaí rothaíochta) mar aon le limistéir a bhféadfaí seirbhísí de chuid na scéime roinnte rothar a leathnú isteach iontu. Déanfar seóthaispeántas de na torthaí ag an seimineár gréasáin agus beidh siad ar fáil ar líne.

 

• 'iAdapt Game'

Is cluiche é iAdapt atá dírithe ar dhaltaí Idirbhliana agus daoine eile chun aird a tharraingt ar an oiriúnú don athrú aeráide Le linn an Dúshláin, rinneadh an cluiche a fheabhsú trí thacair de shonraí ar thuilte a chur leis agus trí bheith ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta. Bain triail as an cluiche ar líne iAdapt duit féin – tá sé saor in aisce.

 

• 'Invasive Species Dashboard'

Sa tionscadal seo, cruthaíodh léarscáil / deais idirghníomhach ar líne d'fhonn speicis ionracha a léirshamhlú do dhaoine agus béim faoi leith ar choillearnacha a bhféadfadh sé iad a bheith faoi bhagairt. Caith súil air lena sheiceáil cén áit a bhfuil na coillearnacha dúchasacha i do cheantar féin agus cé acu atá siad faoi bhagairt ó cheann ar bith de na cúig speiceas ionracha atá luaite.

 

• 'Optimising Locations for, and use of, Remote Working Hubs: an online tool'

Tá sé d’acmhainn ag moil chianoibre timpeallacht éifeachtach oibre a sholáthar níos cóngaraí don bhaile do dhaoine, rud a mbíonn tionchar dearfach aige ar an mbrú tráchta agus ar astaíochtaí feithicle. Baineadh feidhm as cuir chuige eolaíocht sonraí agus meaisínfhoghlama mar chuidiú chun na suíomhanna optamacha a shamhaltú ina bhféadfaí moil chianda a lonnú agus chun bealaí a shainaithint ina bhféadfaí cur le feasacht an phobail orthu agus lena n-úsáid.

 

 • 'Energy Calculator Infographics'

D’fhéach an tionscadal seo le ‘grafaicí eolais do shaoránaigh agus gnólachtaí’ a chruthú ina ndéanfaí léirshamhluithe sonraí agus insint a chomhcheangal - lena léiriú mar is féidir le daoine aonair agus eagraíochtaí tionchar dearfach a imirt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí bhearta sonracha a chur i ngníomh.

Sonraí agus Cúlra an Dúshláin

Cuireadh coiste ar bun go luath in 2022, ar a raibh ionadaithe de chuid Bhaile Átha Cliath Chliste, Oifig Réigiúnach Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide (ORBÁCGA), Codema, Derilinix agus oifigigh Gníomhaithe ar son na hAeráide Chomhairlí Chathair Bhaile Átha Cliath, Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Chontae Átha Cliath Theas, chun comórtas a riar agus a mhaoirsiú lena gcuirfí chun cinn úsáid na sonraí oscailte agus lena mbeifí ag plé leis an ngníomhú ar son na haeráide. Ón bhfíorthús, bhíothas ag iarraidh fiosrú a dhéanamh ar bhealaí ina bhféadfaí sonraí oscailte a úsáid le cabhrú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus le tacú le Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide údarás áitiúil Bhaile Átha Cliath. Fuarthas maoiniú le haghaidh duaiseanna ó chiste rannpháirtíochta sonraí oscailte na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe agus ó na heagrais thuasluaite. Socraíodh go bhfaigheadh na rannpháirtithe gearrliostaithe duais dar luach €1,000. Agus, de bhreis air sin, go mbeadh duais dar luach €5,000 ann don chéad áit, €3,000 don dara háit agus €2,000 don tríú háit.

Le heolas a fháil ar shonraí oscailte, féach Dublinked agus Tairseach Náisiúnta na Sonraí Oscailte. Le heolas a fháil ar Phleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath, féach an nasc seo.

An Seimineár Gréasáin Seóthaispeántais

Reáchtálfar seimineár gréasáin ar líne ar an 14ú Meán Fómhair, 12-1pm. In eochairaitheasc ó John Sweeney: Ollamh Emeritus, Aeráideolaí agus duine d’Údair an 4ú Tuarascáil Mheasúnaithe de chuid an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide a bhuaigh Duais Nobel na Síochána don eagraíocht sin, leagfar amach scála an dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus díreofar aird ar an ról féideartha a bheadh ag rannpháirtíocht an phobail leis na sonraí oscailte chun dul i ngleic leis. Ina dhiaidh seo, beidh cur i láthair seóthaispeántais gairid ann ag gach ceann de na seacht n-uirlis, deais agus aip, agus duaisbhronnadh beag don triúr sa chéad trí áit.  Cláraigh don imeacht beo ar líne anseo.

Teagmháil

Le níos mó eolais a fháil, déan teagmháil le Luke ag luke.binns@smartdublin.ie

Úsáid an haischlib #ODCAC le muid a aimsiú ar na meáin shóisialta.