CABHAIR DO CHOMHLACHTAÍ POIBLÍ MAIDIR LE HÉIRCHÓID A ÚSÁID

10 Márta 2020

An English version of this item is available here.

Creat Ionchódaithe Éirchód OGP

Tá creat ilsoláthraí forbartha ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) le haghaidh bulc-ionchódú Éirchód ar bhunachair sonraí de chuid na hearnála poiblí. Cuirfidh seo seirbhís ar fáil do PSBanna agus do chomhlachtaí stáit neamhthráchtála a mhéadóidh stóras agus úsáid Éirchód tríd an Éirchód ceart a chur, go díreach, le seoladh in bhur mbunachair sonraí reatha. Cumasaíonn an creat do sheanchórais oidhreachta TFC ar féidir nach bhfuil siad comhoiriúnach le API Éirchód luach a dtacar sonraí reatha a mhéadú mar sin féin trí Éirchóid a chur le seoltaí. Béarla 

Tá na seirbhísí roinnte ina 4 Bhaisc bunaithe ar mhéid bhur mbunachair sonraí atá le hionchódú agus tá eagraíocht tráchtála ceaptha ainmnithe ag gach Baisc ag a bhfuil praghsáil sheasta:
• Baisc 1: 0 go 100,000 taifead bunachair sonraí laistigh de thréimhse timpeall 2 sheachtain ar a mhéad;
• Baisc 2: 100,001 go 500,000 taifead bunachair sonraí laistigh de thréimhse timpeall 3 seachtaine ar a mhéad;
• Baisc 3: 500,001 go 2,000,000 taifead bunachair sonraí laistigh de thréimhse timpeall 4 seachtaine ar a mhéad; agus
• Baisc 4: 2,000,001 go 10,000,000+ taifead bunachair sonraí laistigh de thréimhse timpeall 6 seachtaine ar a mhéad.

Tá mórán sochar ann do PSBanna a úsáideann an tseirbhís seo, is é sin go laghdaíonn sí an t-ualach riaracháin ar PSBanna atá ag reáchtáil comórtais aonair ar luach íseal, go bhfuil sí éasca le bainistiú do PSBanna, go n-ardaíonn sí go tapa líon na seoltaí Éirchód, go bhfuil táille uasta soiléir ann ón tús, go bhfuil sí i gcomhréir le RGCS, go bhfuil ann do chruinneas deimhnithe na seoltaí Éirchód ionchódaithe agus nach ngearrtar táille ar PSBanna ach do thaifid a mheaitseáiltear le hÉirchód.

Chun na seirbhísí a tharraingt anuas ón gcreat níl le déanamh ach logáil isteach i ‘Zón na gCeannaitheoirí’ ar shuíomh gréasáin OGP (ogp.gov.ie), nó teagmháil a dhéanamh le Karolina Wiktorowska (OGP) ar 076 100 8328, nó ag eircodes@ogp.gov.ie.

API Éirchód OSI

Mar chumasóir bunriachtanach do PSBanna chun Cinneadh an Rialtais i Meitheamh 2017 a bhaint amach, lainseáil an [DPER Eircode Circular 19/2017] a lean agus an Bonneagar Sonraí Náisiúnta, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) feidhmchlár API bailíochtaithe agus cuardaithe Éirchód ar fud na hearnála poiblí. Cuireann an tseirbhís chomhroinnte seo API Éirchód ar chumas úsáideoirí:
• Bailíochtú fíor-ama Éirchód agus seoltaí a fháil bunaithe ar iontráil bhailí Éirchóid;
• Seoladh a ionchur chun Éirchód bailí a fháil - tuarthéacs seolta san áireamh;
• Seoltaí Ailiais a úsáid chun cruinneas um chuardú seolta d’Éirchód a mhéadú go suntasach; agus
• Réimsí seolta i bhfoirmeacha ar líne a uathlíonadh nuair a chuirtear isteach Éirchód bailí. 

Déanann an API gach Éirchód agus seoladh a thagann isteach a fhíorú i bhfíor-am arna gcur ar fáil ag custaiméirí agus aimsíonn sé go geografach sealúchais, lena n-áirítear timpeall 35% de sheoltaí neamhuathúla atá den chuid is mó i gceantair thuaithe. Tá sé ar fáil anois le húsáid gan aon chostas breise má ghníomhaíonn OSi mar fhochonraitheoir faoi cheadúnas cuí an PSB atá i gceist.

Chun rochtain a fháil ar an API déan teagmháil le digidata@osi.ie