AN TIONCHAR A BHÍONN AG BAILIÚ AGUS FOILSIÚ SONRAÍ MAIDIR LE LIOSTA FEITHIMH OSPIDÉAL

12 July 2024

An English version of this item is available here.

Sa tuarascáil seo, scrúdaítear an tionchar a bhíonn ag bailiú, tiomsú agus foilsiú sonraí ar liostaí feithimh ospidéal in Éirinn. Go sonrach, dírítear ar an tuarascáil Sonraí Oscailte maidir le Liostaí Feithimh Othar Cónaitheach agus Seachtrach Faoi Stiúir Comhairleach Eanáir 2019 - Márta 2021 arna bainistiú ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF). Sa tuarascáil, leagtar béim ar thábhacht na sonraí seo chun trédhearcacht, cinnteoireacht eolasach, agus feabhas féideartha a chur ar sheachadadh cúraim sláinte. Tá ról ríthábhachtach ag NTPF i gcóras cúraim sláinte na hÉireann trí shonraí maidir le liostaí feithimh le haghaidh seirbhísí ospidéil éagsúla a bhailiú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear Clinicí Othar Cónaitheach agus Seachtrach faoi stiúir Comhairleach. Sa tuarascáil seo, dírítear ar an ngné Sonraí Oscailte den tionscnamh sin, ina gcuirtear faisnéis ar fáil atá inrochtana go héasca maidir le líon na ndaoine atá ag fanacht ar chéad choinne thar bhandaí ama éagsúla.

Bailiú Sonraí agus Trédhearcacht

Cinntíonn NTPF cruinneas agus ionracas sonraí liostaí feithimh trí dhul i gcomhar le hospidéil phoiblí aonair. Leis an trédhearcacht sin, ligtear don phobal, do lucht ceaptha beartas, agus do ghairmithe cúraim sláinte:

  1. Staid reatha liostaí feithimh othar cónaitheach agus seachtrach trasna na tíre a thuiscint.
  2. Réimsí a bhféadfadh scrogaill nó srianta acmhainne a bheith bainteach leo a aithint.
  3. Treochtaí a rianú agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn le himeacht ama.

Cinnteoireacht Fheasach

Le rochtain oscailte ar shonraí liostaí feithimh, cuirtear ar chumas páirtithe leasmhara éagsúla cinntí feasacha a dhéanamh:

  • Is féidir le lucht ceaptha beartas acmhainní a leithdháileadh agus idirghabhálacha spriocdhírithe a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna liostaí feithimh.
  • Is féidir le hospidéil réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a aithint laistigh dá saoráidí agus barr feabhais a chur ar sheachadadh seirbhíse.
  • Is féidir le hothair léargas a fháil ar liostaí feithimh agus roghanna feasacha a dhéanamh faoina gcuid riachtanas cúraim sláinte.

Feabhas Féideartha ar Sheachadadh Cúraim Sláinte

Trí aird a tharraingt ar réimsí ina bhfuil liostaí feithimh fada, is féidir leis na sonraí:

  1. Iarrachtaí a spreagadh chun liostaí feithimh a laghdú agus rochtain othar ar chúram tráthúil a fheabhsú.
  2. Leithdháileadh acmhainní agus pleanáil seirbhíse níos fearr a éascú laistigh den chóras cúraim sláinte.
  3. Cur leis an bhfeabhas foriomlán atá á chur ar éifeachtúlacht cúraim sláinte agus torthaí othar.

Mar shampla, tháinig an chéad chás Covid-19 chun cinn in Éirinn ag deireadh mhí Feabhra 2020, agus faoi lár mhí an Mhárta, dúnadh gach scoil agus saoráid cúraim leanaí. Is dócha gur cuireadh isteach ar sheiceálacha rialta agus ar chúram coisctheach mar gheall ar an dúnadh sin, rud a d’fhéadfadh borradh ar fhadhbanna nár braitheadh a chruthú, a raibh cóireáil de dhíth orthu níos déanaí. Sna sonraí atá ar fáil ar na Liostaí Feithimh Othar Cónaitheach agus Seachtrach Faoi Stiúir Comhairleach, léiríodh go raibh 812 Leanbh (0-15 bliana d’aois) ag fanacht le cóireáil Ortaipéideach Phéidiatraiceach i bhFeabhra 2020, agus i mBealtaine 2020, mhéadaigh sin go 987. I gcás na hOta-laraingeolaíochta (ENT), bhí 735 leanbh ag fanacht le cóireáil i bhFeabhra 2020; i mBealtaine 2020, mhéadaigh an uimhir sin go 1,106. Chun aisghabháil go sábháilte ón riaráiste sin, moladh fianaise chothrom-le-dáta a úsáid chun máinliacht roghnach leanaí a bharrfheabhsú. Leis an gcur chuige seo, cinntítear cúram tráthúil agus íoslaghdaítear leathadh Covid-19 freisin. Cé nach gcruthaítear go cinntitheach coibhneas cúisíoch idir Covid-19 agus an méadú ar an liosta feithimh sna sonraí seo, léirítear conas is féidir eolas a dhéanamh do leithdháileadh acmhainní agus rochtain othar ar chúram trí aird a tharraingt ar réimsí le liostaí feithimh fada.

Béim a Leagan ar Úsáid Sonraí Oscailte

Leis an leagan amach Sonraí Oscailte, cuirtear trédhearcacht agus inrochtaineacht ar fhaisnéis maidir le ham feithimh chun cinn. Mar gheall air sin:

  • Bíonn feasacht phoiblí níos leithne ann: Le sonraí oscailte, cuirtear ar chumas saoránaigh an tírdhreach cúraim sláinte a thuiscint agus páirt a ghlacadh i bplé ar sheachadadh seirbhíse bunaithe ar eolas.
  • Taighde agus anailís: Is féidir le taighdeoirí agus anailísithe úsáid a bhaint as na sonraí chun staidéar a dhéanamh, treochtaí a aithint, agus réitigh a mholadh chun liostaí feithimh a fheabhsú.
  • Feidhmchláir thríú páirtí a fhorbairt: Is féidir sonraí oscailte a úsáid chun uirlisí agus feidhmchláir a chruthú, lena gcuirtear feabhas ar rochtain ar fhaisnéis liostaí feithimh d’othair agus don phobal.

Tá bailiú, comhthiomsú agus foilsiú sonraí liostaí feithimh ospidéal, go príomha tríd an tionscnamh Sonraí Oscailte, tábhachtach chun trédhearcacht a chur chun cinn, eolas a dhéanamh do chinnteoireacht, agus dlús a chur le feabhas féideartha sa seachadadh cúraim sláinte. Leis na sonraí seo, cuirtear ar chumas páirtithe leasmhara éagsúla oibriú i dtreo liostaí feithimh a laghdú agus rochtain thráthúil ar chúram ardchaighdeáin a chinntiú do gach othar.