An Chomhdháil Future is Data
16 June 2025An English version of this item is available here.
An 28-29 Aibreán, d’fhreastail Foireann Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí ar an gComhdháil Future is Data, arna reáchtáil in Łódź sa Pholainn mar chuid d’uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an AE. D’eagraigh Aireacht um Ghnóthaí Digiteacha na Polainne an cruinniú i gcomhar le Cathair Łódź, agus reáchtáladh é in ionad EC1, ionad uathúil a tiontaíodh ó mhonarcha cumhachta ina ionad don eolaíocht, cultúr agus teicneolaíocht. Chumhdaigh an clár seo raon saincheisteanna tráthúla maidir leis an éiceachóras sonraí Eorpach.
D’oscail an Leas-Phríomhaire agus an tAire Gnóthaí Digiteacha, Krzysztof Gawkowski an Chomhdháil, agus leag sé béim ar luach na sonraí mar acmhainn le húsáid agus le bainistiú go freagrach. Thug sé faoi deara tábhacht na Sonraí Oscailte do rialtais áitiúla go háirithe, agus i dteannta Leas-Mhéara Łódź, Adam Pustelnik, shínigh sé litir intinne go nglacfadh cúige Łódź ballraíocht i dtairseach náisiúnta na Polainne don chomhroinnt sonraí.
Rinne institiúidí na hEorpa cuir i láthair maidir leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí atá ar na bacáin agus maidir le léargais ón Measúnú ar Aibíocht Sonraí Oscailte 2024.
Rinne Ard-Stiúrthóir AS Connect an Choimisiúin Eorpaigh, Roberto Viola, cur i láthair maidir leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí atá ar na bacáin. Cuirfidh an straitéis seo leis an méid a baineadh amach sa phlean roimhe seo, ag tabhairt aghaidh ar bhacainní le comhroinnt sonraí agus ag áirithiú go mbíonn sonraí ardchaighdeáin ar fáil le tacú le nuálaíocht IS. Tá an straitéis dírithe ar na téamaí a leanas:
- Sonraí a chur ar fáil do nuálaithe
- Rialáil a shimpliú
- Cur chuige cothrom agus straitéiseach maidir le sreafaí fuinnimh
- Samhaltaí IS agus seirbhísí digiteacha a fhorbairt
Tá Straitéis Sonraí an Aontais á forbairt faoi láthair, le céim an chomhairliúcháin phoiblí oscailte, agus foilsiú pleanáilte faoi R3 2025.
Ar an Máirt an 29 Aibreán, rinne Nataliya Rozbroj-Jasinkaja ó Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh cur i láthair maidir le léargais Aibíocht Oscailte 2024. Sa phlé ar na torthaí thar na ceithre ghné (beartas, tairseach, cáilíocht, tionchar), thug sí faoi deara go bhfuil straitéisí i bhfeidhm ag gach tír, agus go bhfuiltear ag obair ar chur chun feidhme. I measc na ndúshlán a sainaithníodh bhí cuardach agus infhionntacht sonraí, agus cáilíocht sonraí a fhorbairt.
Chomh maith leis na cuir i láthair sin, thar an dá lá, reáchtáladh roinnt cur i láthair agus painéal plé saineolaí maidir le IS, cosaint sonraí sa mhargadh digiteach, agus spásanna sonraí. Tháinig na rannpháirtithe as réimse leathan cúlraí, idir oifigigh an Aontais Eorpaigh, comhaltaí as rialtas náisiúnta agus áitiúil na Polainne, toscairí ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus údaráis inniúla, acadóirí, agus ionadaithe ó thionscal na teicneolaíochta.