Skip to content

Téarmaí Tagartha - An Bord Um Rialachas Sonraí Oscailte

An English version of this item is available here.

AN BORD UM RIALACHAS SONRAÍ OSCAILTE - TÉARMAÍ TAGARTHA

1. STRUCHTÚR RIALACHAIS

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe ag stiúradh forbairt beartais agus gníomhaíochtaí feidhmithe maidir le Tionscnamh Sonraí Oscailte na hÉireann ar fud na Seirbhíse Poiblí níos leithne. Is príomhpháirt de ghníomhaíochtaí athchóirithe na Státseirbhíse é an tionscnamh Sonraí Oscailte. Tá sé ag teacht go dlúth le Clár Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí, an Straitéis r-Rialtais, Plean Athnuachana na Státseirbhíse, Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí, an Bonneagar Sonraí Náisiúnta agus an Straitéis Dhigiteach bheartaithe. Is gné lárnach é freisin de Phlean Gníomhaíochta náisiúnta na Comhpháirtíochta um Rialtas Oscailte (OGP).

Chun a chinntiú go bhfuil struchtúir láidre rialachais mar bhonn agus taca faoin Tionscnamh Sonraí Oscailte, bunaíodh an Bord um Rialachas Sonraí Oscailte (ODGB) in 2015.  

Tacaíonn Rúnaíocht, atá lonnaithe san Aonad Athchóirithe Rialtais sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, leis an ODGB. 

Tá an struchtúr rialachais seo a leanas i bhfeidhm chun tacú leis an Tionscnamh Sonraí Oscailte:

  • Stiúrann agus tiomáineann an Bord um Rialachas Sonraí Oscailte (ODGB) chun cinn an Tionscnaimh Sonraí Oscailte agus cinntíonn sé cur i bhfeidhm na Straitéise Sonraí Oscailte 2017- 2022
  • Tacaíonn an tAonad Sonraí Oscailte sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe leis an ODGB agus Meitheal na gComhlachtaí Poiblí maidir le cur chun feidhme na Straitéise agus déanann sé maoirseacht ar fheidhmiú na Tairsí náisiúnta Sonraí Oscailte.

Cuireann an Grúpa Comhairleach Sonraí Oscailte (ODAG) ar fáil tacaíocht theicniúil don Aonad Sonraí Oscailte agus comhlachtaí poiblí.  Cinntíonn sé seo go bhfuil cur chuige comhleanúnach agus comhsheasmhach ann i leith foilsiú sonraí oscailte ar fud na hearnála poiblí.

Foilsíonn an Líonra Oifigeach Teagmhála Sonraí Oscailte (ODLON) sonraí a n-eagraíochtaí agus tacaíonn an tAonad Sonraí Oscailte leo le hoiliúint agus tacaíocht theicniúil.

2.   FREAGRACHTAÍ AN BHOIRD UM RIALACHAS SONRAÍ OSCAILTE

Tá an Bord um Rialachas Sonraí Oscailte (Bord) freagrach don Aire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe as rath an Tionscnaimh Sonraí Oscailte.

Is iad freagrachtaí an ODGB:

  • Ceannaireacht straitéiseach agus rialachas a chur ar fáil de réir an chleachtais is fearr idirnáisiúnta i réimse na Sonraí Oscailte.
  • Maoirseacht agus tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Straitéise náisiúnta Sonraí Oscailte 2017-2022 i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.  
  • An chéad Phlean Straitéiseach eile a fhorbairt le faomhadh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.
  • A bheith ag obair leis an Aonad Sonraí Oscailte chun a chinntiú go gcloítear leis an Treoir nua AE maidir le Sonraí Oscailte (IR 376/2021).
  • A mheas conas acmhainneacht agus cumas comhlachtaí poiblí a fheabhsú maidir le Sonraí Oscailte a chur chun feidhme.
  • An fhéidearthacht a fhiosrú maidir le raon feidhme an tionscnaimh a leathnú thar am chun, mar shampla, Sonraí Taighde Oscailte a chur san áireamh
  • Deiseanna a mheas chun luach sonraí agus faisnéis na hearnála poiblí a uasmhéadú le haghaidh buntáistí fadtéarmacha eacnamaíochta, sóisialta agus daonlathacha. 
  • An Tionscnamh Sonraí Oscailte a chur in iúl do phríomhpháirtithe leasmhara agus tacú leis, agus a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí agus imeachtaí for-rochtana agus comhoibrithe chun feasacht a ardú ar Shonraí Oscailte.
  • Treochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a shainaithint agus monatóireacht a dhéanamh orthu chun treoir a thabhairt agus a chinntiú go bhfuil Éire ar thús cadhnaíochta agus í ag cur Sonraí Oscailte chun feidhme.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le baint amach an Tionscnaimh.
  • Athúsáid sonraí oscailte a chur chun cinn go gníomhach chun Ciste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte reatha agus bliantúil a chur san áireamh ar feadh shaolré na Straitéise Sonraí Oscailte (a fhad le 2022).  Áireofar leis seo fochoiste a cheapadh chun iarratais a mheasúnú.
  • Treoir agus treo foriomlán a chur a chur ar fáil don tionscnamh.

 

3.   BALLRAÍOCHT

Tá raon taithí agus saineolais ag comhaltaí an ODGB atá ábhartha d’fhorbairt, cur chun cinn, agus maoirseacht na Straitéise Náisiúnta Sonraí Oscailte, agus ceapfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe iad tar éis próiseas earcaíochta arna dhéanamh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.  Beidh ceapacháin ar an mBord ar feadh seal 2 bhliain ar dtús, le rogha cur leis an téarma rannpháirtíochta de réir mar a shocraíonn an tAire.  Cloífidh comhaltaí Boird leis an gCód Iompair in Aguisín 1.

Sa tábla seo a leanas leagtar amach ballraíocht an Bhoird:

Comhalta

Post Gairmiúil

Cianán Clancy

Ceannasaí na Nuálaíochta agus na Straitéise, Independent News and Media, Plc;

Bahareh Heravi

Ollamh Cúnta le Léann na Faisnéise & Cumarsáide, Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath;

Aoife Sexton  (Cathaoirleach)

Príomhoifigeach Príobháideachta agus Ceannasaí Nuálaíochta Táirgí ag Trūata

Barry Lowry

Príomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais;

Adegboyega Ojo

Ollamh Comhlach (Bainistíocht & Córais Faisnéise Rialtais), Scoil an Ghnó, Ollscoil Mhá Nuad.

Andrew O’Sullivan

Príomhoifigeach Faisnéise, An Garda Síochána;

Joan O'Connor

Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Sainchomhairleoir

Martin Quigley

Stiúrthóir Sonraí & Anailísíochta, Pobal;

Neil O'Hare 

Ollamh le Faisnéisíocht Sláinte (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) agus Príomhoifigeach Grúpa Faisnéise Ghrúpa Ospidéal Oirthear na hÉireann;

Declan Smyth

Staitisteoir Sinsearach, An Phríomh-Oifig Staidrimh

4.   CATHAOIRLEACH

Féadfaidh an tAire ó am go ham comhalta amháin den Bhord a cheapadh chun gníomhú mar Chathaoirleach an Bhoird.

5.   RÚNAÍOCHT

An tAonad Sonraí Oscailte sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe a chuirfidh ar fáil an Rúnaíocht don ODGB

6.   CUMARSÁID

Tabharfar faoi gach cumarsáid a bhaineann le gnó an ODGB san Aonad Sonraí Oscailte.

7.   CRUINNITHE

Tiocfaidh an ODGB i gceann a chéile de ghnáth uair sa ráithe ach tiocfaidh sé i gceann a chéile níos minice más gá chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an Tionscnaimh. Comhaontófar gach cruinniú leis an gCathaoirleach agus déanfaidh an Rúnaíocht iad a chur in iúl.  Tabharfaidh an Rúnaíocht fógra cúig lá oibre le haghaidh cruinnithe.  Sonrófar i ngach fógra dáta, am agus áit an chruinnithe agus an dréachtchlár.   Tionólfar cruinnithe den ODGB in oifigí na Roinne Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe ach amháin go gcomhaontófar a mhalairt leis an gCathaoirleach agus go gcuirfear an Rúnaíocht é in iúl.

8.   DOICIMÉID

An Rúnaíocht a chuirfear ar fáil doiciméid a bhaineann le gnó an chruinnithe. Scaipfear doiciméid de ghnáth cúig lá roimh chruinniú.

9.   CINNTÍ

Trí chomhdhearcadh a thiocfaidh an ODGB ar a chinntí de ghnáth. I gcás nach féidir leis an ODGB teacht ar chomhdhearcadh maidir le haon ábhar, déanfar cinneadh de thromlach.

10. MIONTUAIRISCÍ

Cinnteoidh an Rúnaíocht go gcoinnítear miontuairiscí de gach cruinniú. Scaipfidh an Rúnaíocht dréacht-mhiontuairiscí cruinnithe ar gach comhalta Boird chun tráchtaireacht a dhéanamh.  Foilseofar miontuairiscí Boird deiridh ar an tairseach sonraí oscailte.  

 

Aguisín 1

CÓD IOMPAIR DO CHOMHALTAÍ AN BHOIRD UM RIALACHAS SONRAÍ OSCAILTE

Éilítear sa Chód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit (2016) ar gach comhlacht Stáit “Cód Iompair do Chomhaltaí na gComhlachtaí Stáit” a fhorbairt agus a ghlacadh, a bheidh ina cheangal ar gach comhalta de Bhord an Chomhlachta Stáit. Ní mór cód mar seo a bheith faofa ag an mbord. Ní mór ábhair áirithe go sonrach a bheith curtha san áireamh sa chód.

Cé nach bord stáit reachtúil é an Bord um Rialachais Sonraí Oscailte (“ODGB”), bheadh sé úsáideach mar sin féin na caighdeáin chomhaontaithe, treoirphrionsabail agus oibleagáidí lena gcuirtear bonn eolais faoi iompar Comhaltaí den Bhord a leagan amach i bhfoirm scríofa.

RAON FEIDHME

Beidh feidhm ag forálacha an Chóid Iompair ar chomhaltaí den Bhord maidir lena ndualgais mar chomhaltaí den Bhord.

CUSPÓIR AN CHÓID IOMPAIR SEO

  • Tacar prionsabail eiticiúla chomhaontaithe a bhunú lena rialófar an tslí a ndéanfar gnó an bhoird.
  • Iontaoibh agus muinín a chur chun cinn agus a choinneáil, laistigh den bhord agus le páirtithe leasmhara
  • Forbairt nó glacadh cleachtas mí-eiticiúil a chosc

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Geallfaidh comhaltaí Boird i gcónaí a ndualgais a dhéanamh ar na caighdeáin is airde ionracais agus macántachta. Déantar iompar comhaltaí Boird a rialú leis na prionsabail seo a leanas agus iad ag comhlíonadh a ról:

1.  Macántacht

Déanfaidh comhaltaí boird na nithe seo a leanas:

  • Leasanna fostaíochta/gnó seachtracha i gcoimhlint nó i gcoimhlint fhéideartha le gnó an ODGB a nochtadh
  • Gan bheith páirteach i gcomhráite nó i gcinntí mar a bhféadfaidh coimhlintí leasa a bheith ann, is cuma ar nochtadh na coimhlintí sin roimhe nó nár nochtadh
  • Bronntanais chorparáideacha, fáilteachas, cóir fhabhrach nó sochair a thabhairt nó a ghlacadh, a d’fhéadfadh tionchar a imirt, nó arbh fhéidir go mbeadh an chuma orthu go n-imreodh siad tionchar, ar chumas an deontóra nó an fhaighteora breithiúnas neamhspleách a thabhairt ar idirbhearta gnó a sheachaint
  • Úsáid acmhainní nó am ODGB ar mhaithe le sochar pearsanta daoine/eagraíochtaí nach bhfuil baint acu leis ODGB nó a ghníomhaíochtaí a sheachaint

2.  Faisnéis

Ba cheart do chomhaltaí boird na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Tacú leis an ODGB a bheith ag soláthar rochtain ar fhaisnéis ghinearálta a bhaineann le gníomhaíochtaí an ODGB ar bhealach atá oscailte agus a fheabhsaíonn a chuntasacht don phobal i gcoitinne
  • Meas a léiriú ar rúndacht faisnéise íogaire i seilbh an ODGB amhail faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de, faisnéis phearsanta agus faisnéis a fhaigheann ODGB faoi rún
  • A chinntiú go gcloífidh an ODGB leis na forálacha reachtúla ábhartha (amhail RGCS agus Saoráil Faisnéise) maidir le rochtain ar fhaisnéis

Tabhair faoi deara: i gcás go dtagann ceisteanna chun cinn maidir le heisiúint faisnéise faoi fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, treoraítear iad seo chuig Oifigeach um Shaoráil Faisnéise na Roinne Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe

3.   Rúndacht Chuí

Ba cheart do chomhaltaí boird na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Rúndacht chuí a choinneáil maidir le gach faisnéis a fhaightear de bhua a bpoist.  Beidh seo fós i bhfeidhm tar éis deireadh a bheith le téarma Comhalta Boird.
  • Nuair a bheidh deireadh lena dtéarma ba cheart do chomhaltaí Boird gach ábhar de chineál rúnda a dhiúscairt nó a thabhairt ar ais d’Aonad Sonraí Oscailte na Roinne Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe

4.   Oibleagáidí

Ba cheart do chomhaltaí boird na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • A chinntiú go bhfreastalóidh siad go rialta agus go gníomhach ar chruinnithe den Bhord
  • A dtaithí a úsáid chun dúshlán a thabhairt maidir le míreanna a bheidh á bplé ag an mBord agus iad a scrúdú go criticiúil
  • Cloí le nósanna imeachta a leagfaidh an Bord síos maidir le cásanna coimhlinte leasa lena n-áirítear glacadh le poist tar éis ceapachán san ODGB a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an bhféidearthacht go mbeadh coimhlintí leasa agus ábhair imní faoi rúndacht ann
  • Dualgas an uile dhuine cloí le caighdeáin is airde na heitice gnó a aithint
  • A gheallúint go nglacfaidh siad páirt go tréan agus go fuinniúil ach freisin go heiticiúil agus go macánta

Tabhair faoi deara: Ba cheart don Phríomhoifigeach atá i mbun an Aonaid Sonraí Oscailte a chinntiú go gcuirtear ar fáil don Bhord go tráthúil faisnéis atá de cháilíocht oiriúnach chun a chur ar a gcumas do chomhaltaí Boird a ndualgais a chomhlíonadh go sásúil.

5.  Dílseacht

Ba cheart do Chomhaltaí Boird a bhfreagracht a aithint a bheith dílis don ODGB agus a bheith go hiomlán tiomanta ina ghníomhaíochtaí gnó go léir.

6.  Cothrom na Féinne

Ba cheart do Chomhaltaí Boird a bheith tiomanta do chothrom na Féinne i ngnóthaí uile ODGB

7. Timpeallacht Sheachtrach

Ba cheart do chomhaltaí boird na nithe seo a leanas a dhéanamh: 

  • A chinntiú go mbreithnítear go hiomlán ábhair is imní don phobal
  • Aon tionchar díobhálach den ghnó ar an gcomhshaol a íoslaghdú

ÁBHAIR IMNÍ COMHALTA BOIRD

Ba cheart an cód iompair a scaipeadh ar gach comhalta boird lena choinneáil. Má smaoiníonn an Bord ar chur chuige a mheasfaidh Comhalta Boird go sáródh sé a riachtanais maidir le cuibheas nó rialtacht nó nach ionann é agus riaradh críonna eacnamaíoch nó éifeachtúlacht nó éifeachtacht nó luach ar airgead ba cheart dó/di aird Chathaoirleach agus Ard-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe a tharraingt ar an ábhar.

I gcás nach dtugtar faoi ábhar imní an chomhalta Boird, féadfaidh an comhalta Boird a iarraidh go ndéanfar a n-ábhair imní a thaifeadadh go foirmiúil i miontuairiscí cruinnithe Boird.