Skip to content

Doiciméad Boinn um fhorbairt Straitéis Sonraí Oscailte na Seirbhíse Poiblí

An English version of this item is available here.

Aitheantas Doiciméid

https://data.gov.ie/pages/doicimead-boinn-um-fhorbairt-straiteis-sonrai-oscailte-na-seirbhise-poibli

STÁDAS DOICIMÉID

Ceadúnas

Ceadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)

CLÁR ÁBHAIR

1. Intreoir
2. Sainmhíniú Sonraí Oscailte
3. Ráiteas Cuspóra le haghaidh Comhairliúchán Poiblí
4. Aidhmeanna Straitéis Sonraí Oscailte
5. Ráiteas Físe le haghaidh Straitéis Sonraí Oscailte
6. Tionscnamh Sonraí Oscailte na hÉireann
7. Fís a shocrú do Gheallsealbhóirí
  1. Fís do Chomhlachtaí Poiblí
  2. Fís don Ghnó
  3. Fís don Phobal Taighde
  4. Fís don Phobal i gcoitinne (Saoránaigh agus an tSochaí Shibhialta)
8. Príomhphrionsabail na Straitéise Sonraí Oscailte?
  1. Prionsabail Straitéis Sonraí Oscailte
  2. Prionsabail Chairt G8
9. Ár bhFoinsí Sonraí a Thuiscint
10. Rialachas Sonraí Oscailte
  1. An Bord um Rialachas Sonraí Oscailte (ODGB)
  2. Meitheal na gComhlachtaí Poiblí (PBWG)
  3. Socruithe Rialachais maidir le hAthchóiriú na Seirbhíse Poiblí agus Plean um Athnuachan na Státseirbhíse
  4. Ag áirithiú go gcoinníonn Comhlachtaí Poiblí Úinéireacht ar Shonraí i nGníomhaíochtaí Soláthair
11. Úsáid Sonraí a Éascú, a Spreagadh agus a Thomhas
  1. Cásanna Úsáide
  2. For-rochtain agus Scaipeadh
  3. Forbairt Acmhainne
12. Na Chéad Chéimeanna Eile
13. Ceisteanna Comhairliúcháin

 

INTREOIR

Tá an domhan ag éirí níos digití de réir a chéile. Úsáideann Saoránaigh agus gnólachtaí a bhfóin chliste, taibléid agus ríomhairí glúine chun idirghníomhú lena chéile, chun gnó a dhéanamh, agus chun déileáil leis an tSeirbhís Phoiblí. Tá méadú ollmhór sa mhéid sonraí atá á dtáirgeadh ag comhlachtaí poiblí mar thoradh air sin. Tá a lán de na sonraí seo á bhfoilsiú cheana lena n-athúsáid.

Is é atá sa tSeirbhís Phoiblí ná raon ilghnéitheach de Ranna, Oifigí agus Gníomhaireachtaí Rialtais (dá dtagraítear mar ‘chomhlachtaí poiblí’ sa doiciméad seo) a sheachadann raon leathan seirbhísí ar fud gach réimse den tsochaí agus den ghnó.

Tá na sonraí seo luachmhar; agus tá teicneolaíocht agus sonraí á n-úsáid chun an chaoi a bpleanáiltear, a seachadtar agus a mbainistítear seirbhísí a athrú ó bhonn. De réir mar atá comhlachtaí poiblí tar éis dul chun cinn i réimsí mar ríomhsheirbhísí an Rialtais agus anailísíocht sonraí, tá an fhéidearthacht a bhaineann le sonraí, go háirithe sonraí oscailte, sochair eacnamaíocha, shóisialta agus dhaonlathacha a bhaint amach tar éis éirí níos soiléire.

Is é coincheap Sonraí Oscailte na sonraí atá i seilbh comhlachtaí poiblí a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana go héasca le hathúsáid agus le hathdháileadh. Nuair a thiteann tacar sonraí laistigh de shainmhíniú sonraí pearsanta ní mór an buncheart ar chosaint sonraí pearsanta a chosaint trí anaithnidiú agus/nó comhbhailiú sular féidir iad a fhoilsiú mar Shonraí Oscailte.

Chun an dul chun cinn a thiomáint i leith Sonraí Oscailte, tá an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an tUasal Brendan Howlin, T.D., tar éis comhairliúchán a thionscnamh ar na príomhcheisteanna nach mór a chur san áireamh i Straitéis Sonraí Oscailte na hÉireann, chun na príomhghnéithe a theastaíonn chun sochair fhéideartha Shonraí Oscailte a bhaint amach a shainaithint.

SAINMHÍNIÚ SONRAÍ OSCAILTE

Aistriúchán ón mBéarla, “Tá píosa sonraí nó inneachair oscailte má tá duine ar bith in ann é a úsáid, a athúsáid, agus a athdháileadh – faoi réir amháin, ar a mhéad, an riachtanais foinse a lua agus/nó foinse chomhchosúil a chomhroinnt” (Open Data Handbook).

Sainmhíníonn Open KnowledgeOscailte mar shonraí gur féidir le duine ar bith iad a rochtain, a úsáid, a mhionathrú, agus a chomhroinnt go héasca chun aon chríche (faoi réir, ar a mhéad, riachtanais a chaomhnaíonn foinse agus oscailteacht).

RÁITEAS CUSPÓRA LE HAGHAIDH COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ

Chun dul i dteagmháil le gach páirtí leasmhar chun príomhcheisteanna agus gnéithe a shainaithint le cur san áireamh i Straitéis Sonraí Oscailte na hÉireann.

Samhlaítear go dtabharfaidh an Straitéis Sonraí Oscailte breac-chuntas ar chreat comhleanúnach ina seachadfaidh Seirbhís Phoiblí na hÉireann Sonraí Oscailte; agus cabhróidh sí le sochair eacnamaíocha, shóisialta agus dhaonlathacha Shonraí Oscailte a réadú.

AIDHMEANNA STRAITÉIS SONRAÍ OSCAILTE

I gcomhthéacs sonraí nach bhfuil pearsanta ná íogair, bainfidh an Straitéis Sonraí Oscailte na haidhmeanna seo a leanas amach:

1. Sásra a bhunú chun dul chun cinn a thomhas maidir le sochair na Sonraí Oscailte a réadú.

2. Cur chuige saolré a bhunú i leith Sonraí Oscailte, a leagfaidh amach na gníomhaíochtaí a theastaíonn i dtéarmaí iniúchtaí sonraí, pleananna foilsitheoireachta a fhorbairt, agus sonraí a fhoilsiú trí data.gov.ie.

3. Struchtúir rialachais fhónta a leagann amach chun a áirithiú go nglactar cur chuige comhsheasmhach agus comhleanúnach i leith Sonraí Oscailte i ngach comhlacht poiblí.

4. Úsáid Sonraí Oscailte a chur chun cinn trí theagmháil a dhéanamh le struchtúir chuí agus le hEarnálacha cuí.

5. Cáilíocht sonraí atá ar fáil do chomhlachtaí poiblí le haghaidh anailíse agus cinnteoireachta a fheabhsú chun torthaí níos fearr a bhaint amach do chách trí anailísíocht sonraí fheabhsaithe.

6. Cur chuige comhsheasmhach i leith Sonraí Oscailte a leagan amach do chomhlachtaí poiblí.

7. Fearainn shonracha a shainaithint le haghaidh aird faoi leith chun ligean do scaoileadh thacair sonraí ardluacha, ar bhonn céimnithe. I measc fearainn fhéideartha don chéad chéim tá na cinn seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh:

  • Timpeallacht
  • Sláinte
  • Iompar
  • Cultúr agus Oidhreacht
  • Tuile

RÁITEAS FÍSE LE HAGHAIDH STRAITÉIS SONRAÍ OSCAILTE

Nuair atáthar ag breathnú chun cinn ar thodhchaí Thionscnamh Sonraí Oscailte na hÉireann, tá sé tábhachtach Fís a leagan amach, dearbhú soiléir maidir le huaillmhian na hÉireann agus an treoir bheartaithe do Shonraí Oscailte:

Is í ár bhfís ná go bhforbróidh Éire mar thír mar a n-aithnítear na deiseanna agus na sochair eacnamaíocha, shóisialta agus dhaonlathacha a eascraíonn as Sonraí Oscailte agus mar a mbaineann gach páirtí leasmhar amach iad.

Tá sé mar aidhm ag an Straitéis Sonraí Oscailte seo timpeallacht a chruthú, trí shonraí Rialtais a chur ar fáil, ina ndéanfaidhcomhlachtaí poiblí, gnólachtaí, taighdeoirí agus saoránaigh deiseanna nua le haghaidh taighde, nuálaíochta, trédhearcachta, rannpháirteachais agus níos mó éifeachtúlachta a chruthú agus a réadú.

Trí seo a dhéanamh, beidh Éire ábalta tairbhe a bhaint as féidearthacht Sonraí Oscailte chun deiseanna gnó a ghiniúint, fás eacnamaíoch a spreagadh, agus muinín a thógáil i Rialtas.

Chun an fhís seo a bhaint amach, leagfaidh an chéad chuid den Straitéis Sonraí Oscailte dúshláin amach do chomhlachtaí poiblí, gnólachtaí, agus taighdeoirí chun rannpháirtíocht a spreagadh agus sochair fhéideartha Shonraí Oscailte a uasmhéadú.

Spriocanna Straitéiseacha maidir le Sonraí Oscailte

 

NA BUNTÁISTÍ A BHAINEANN LE SONRAÍ OSCAILTE

Tá féidearthacht mhór ag baint le Sonraí Oscailte chun sochair luachmhara a bhaint amach ar fud na sochaí. Maidir le sochair shóisialta agus dhaonlathacha, is féidir leis na nithe seo a leanas, inter alia, a bheith ann mar gheall ar Shonraí Oscailte:

1. Níos mó trédhearcachta agus cuntasachta i gcomhlachtaí poiblí. Is féidir le breis shuntasach infhaighteachta Shonraí Oscailte ról tábhachtach a ghlacadh maidir le hoscailteacht, trédhearcacht agus cuntasacht a neartú agus is gné thábhachtach de Phlean Gníomhaíochta Chomhpháirtíocht um Rialtas Oscailte na hÉireann.

2. Smacht sonraí níos fearr i gcomhlachtaí poiblí, ag cothú seachadadh seirbhíse níos éifeachtúlachta agus éifeachtachta.

3. Níos mó rannpháirteachais agus ionchuimsitheachta ó shaoránaigh.

I dtéarmaí gnóthachain eacnamaíocha, táthar ag súil leis go nginfear iad seo i dtrí phríomhréimse:

1. Nuálaíocht ghnó: Mar gheall ar rochtain níos leithne agus níos tapa ar shonraí beidh sé níos éasca do thaighdeoirí agus gnólachtaí tógáil ar thaighde an Rialtais. Féadfaidh seo cumas nuálaíochta a threisiú i réimsí mar chógaisíocht agus foinsí fuinnimh inathnuaite.

2. Cruthú Gnó: Spreag deiseanna do Shonraí Oscailte táirgí nó seirbhísí a chuireann luach leis na sonraí a ghineann comhlachtaí poiblí.

3. Éifeachtúlacht ghnó: D’fhéadfadh gnólachtaí agus comhlachtaí poiblí tairbhe a bhaint as Sonraí Oscailte trí léargas níos cruinne agus níos iomláine a fháil ar roghanna agus riachtanais custaiméirí, ag éirí dá réir sin níos éifeachtúlachta maidir le dul i ngleic leis na riachtanais sin agus ag an am céanna cur le fás cliste.

 

TIONSCNAMH SONRAÍ OSCAILTE NA HÉIREANN

Tá sé aitheanta ag an Rialtas go bhfuil ról cumhachtach ag Sonraí Oscailte maidir le torthaí níos fearr a bhaint amach faoin gclár oibre um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí. Dá réir sin, is gné thábhachtach iad Sonraí Oscailte de raon leathan phríomhdhoiciméid bheartais agus phleananna gníomhaíochta. Sainaithníonn Straitéis TFC na Seirbhíse Poiblí, go háirithe, sonraí mar chumasóir criticiúil i leith Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, ag éascú “comhroinnt sonraí mhéadaithe agus úsáid nuálach sonraí i ngach Comhlacht Poiblí chun seachadadh seirbhísí comhtháite a chumasú, cinnteoireacht a fheabhsú agus oscailteacht agus trédhearcacht idir Rialtas agus an pobal a fheabhsú”. Aithnítear sa Straitéis TFC Sonraí Oscailte mar thosaíocht agus tacófar le forbairt agus glacadh beartas fianaisebhunaithe um Shonraí Oscailte agus lena chur i bhfeidhm i Seirbhís Phoiblí na hÉireann.

Tá beartaithe ag Tionscnamh Sonraí Oscailte na hÉireann comhlachtaí poiblí a spreagadh chun sonraí a scaoileadh i bhformáidí oscailte agus timpeallacht a chruthú ina spreagtar agus a n-éascaítear úsáid agus athúsáid sonraí oscailte chun sochair shóisialta, dhaonlathacha agus eacnamaíocha a réadú. Cé go mbainfear amach cuspóirí na Straitéise Sonraí Oscailte thar am, is é an sprioc go mbeidh gach tacar sonraí cuí “Oscailte de réir Réamhshocraithe”.

Cabhróidh dul chun cinn i leith Sonraí Oscailte le comhlachtaí poiblí freisin cloí le riachtanais reachtúla faoi Rialachán AE maidir le hAthúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (PSI) agus faoin reachtaíocht um Chomhroinnt Sonraí atá le teacht go luath. Agus sonraí á gcur ar fáil, tá an fhéidearthacht ann go laghdófar iarratais um shaoráil faisnéise; agus tá sé de réir an aistrithe i dtreo foilsiú réamhghníomhach faisnéise lasmuigh de shaoráil faisnéise faoi scéimeanna foilsithe freisin.

Is gné lárnach é de Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta Chomhpháirtíocht um Rialtas Oscailte na hÉireann an méid a chuireann Sonraí Oscailte le hoscailteacht, trédhearcacht agus cuntasacht a neartú.

Fíor: Ailíniú Sonraí Oscailte le Tionscnaimh Athchóirithe Eile

Tá dul chun cinn nach beag bainte amach le tairseach Sonraí Oscailte náisiúnta alpha, data.gov.ie, a bheith forbartha a nascann níos mó ná 560 tacar sonraí. Is eolaire nasc é data.gov.ie, naisc chuig tacair sonraí atá inléite ag meaisín a fhoilsítear in áiteanna eile ar an nGréasán, ar shuíomh gréasáin chomhlacht poiblí de ghnáth. Déantar líon suntasach de na tacair sonraí a liostaítear ar an tairseach a iompórtáil trí bhuainteoirí a nascann le seirbhís StatCentral CSO agus Malartán Sonraí Spásúla na hÉireann; agus táthar ag machnamh ar thuilleadh buainteoirí féideartha.

Chomh maith le cuardaigh sonraí ar líne a éascú, tá an ghné “Mol Tacar Sonraí” ar an tairseach freisin, trína gcuirtear iarratais ar thacair sonraí bhreise ar aghaidh chuig an gcomhlacht poiblí freagrach lena mbreithniú a thuilleadh.

Seolfar leagan beta den tairseach i Meitheamh 2015, ina mbeidh gnéithe breise, lena n-áirítear feidhm chuardaigh fheabhsaithe, anailísíocht sonraí, grúpáil tacair sonraí faoi ábhair, agus tacair sonraí bhreise. De réir mar a rollfar an Straitéis Sonraí Oscailte amach thar am, cuirfear gnéithe breise léi chun a áirithiú gur acmhainn luachmhar é data.gov.ie do tháirgeoirí agus úsáideoirí sonraí.

Leagfaidh an Straitéis seo amach na céimeanna atá riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairseach na caighdeáin idirnáisiúnta is airde mar fhíortairseach Sonraí Oscailte mar a bhfuil tacair sonraí saor le húsáid, le hathúsáid agus le hathdháileadh.

 

FÍS A SHOCRÚ DO GHEALLSEALBHÓIRÍ

FÍS DO CHOMHLACHTAÍ POIBLÍ

Faoin Straitéis Sonraí Oscailte, beidh gach comhlacht poiblí rannpháirteach sa Tionscnamh Sonraí Oscailte, agus áiritheoidh siad go bhfuil Sonraí Oscailte leabaithe ina bpróisis um bhainistíocht eolais.

Déanfaidh Comhlachtaí Poiblí na nithe seo a leanas:

1. An cleachtas is fearr a ghlacadh sa bhainistíocht sonraí chun a áirithiú go dtuigeann siad na tacair sonraí atá ina seilbh agus a áirithiú go mbreithnítear gach tacar sonraí nua cuí le scaoileadh mar Shonraí Oscailte le linn na céime forbartha. Ba cheart go n-áireofaí leis seo machnamh ar thacair sonraí a scaoileadh mar Shonraí Oscailte de réir Réamhshocraithe.

2. É a dhéanamh níos fusa d’aon pháirtí leasmhar sonraí Rialtais a rochtain, a athúsáid agus a athdháileadh, bíodh sin chun críocha tráchtála, taighde nó rannpháirtíocht saoránach.

3. A áirithiú go gcomhlíonann tacair sonraí riachtanais an Chreata Theicniúil um Shonraí Oscailte, lena n-áirítear a áirithiú go bhfuil Sonraí Oscailte saor le hathúsáid.

4. Muinín a thógáil i Sonraí Oscailte trína áirithiú go ndéantar iad a nuashonrú go rialta; agus go gcosnaíonn siad na cearta chun príobháideachta faoin dlí um Chosaint Sonraí. Ciallaíonn sé seo go ndéantar anaithnidiú agus/nó comhbhailiú sonraí a thástáil chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir le dea-chleachtas.

5. Comhoibriú le páirtithe leasmhara eile chun píolótaí féideartha a shainaithint agus a áirithiú go gcuirtear tacair sonraí chuí ar fáil mar Shonraí Oscailte.

6. Riachtanais maidir le forbairt acmhainne a shainaithint agus tabhairt fúthu, mar a shamhlaítear faoi Straitéis TFC na Seirbhíse Poiblí agus faoi Phlean Athchóirithe na Státseirbhíse chun a áirithiú go bhfuil na scileanna atá riachtanach i Seirbhís Phoiblí arna brú chun cinn ag sonraí ar fáil do chomhlachtaí poiblí.

7. Anailísíocht sonraí a úsáid chun feidhmiú riaracháin na hEagraíochta a fheabhsú trí na sonraí féin a úsáid, agus trína gcur ar fáil do dhaoine eile.

8. Sonraí Oscailte a úsáid chun gnóthachain éifeachtúlachta agus éifeachtachta a bhaint amach ina ngníomhaíochtaí.

9. A bheith páirteach go rialta i ngníomhaíochtaí for-rochtana agus comhoibrithe chun feasacht a ardú ar Shonraí Oscailte, dul chun cinn maidir le Sonraí Oscailte a phoibliú, agus ionchur a lorg ó ghnólachtaí, taighdeoirí agus saoránaigh.

10. Ball dá bhfoireann bainistíochta sinsearaí a ainmniú mar cheannaire Sonraí Oscailte dá nEagraíocht.

 

FÍS DON GHNÓ

Braithfidh rath na Straitéise seo ar rannpháirtíocht agus comhoibriú idir gach páirtí leasmhar. Beidh an pobal Gnó i dteagmháil le comhlachtaí poiblí chun cásanna úsáide a léiriú agus tacair sonraí a shainaithint a bhfuil féidearthacht tráchtála ag baint leo.

Déanfaidh gnólachtaí na nithe seo a leanas:

1. Tacú leis an Tionscnamh Sonraí Oscailte trí Shonraí Rialtais Oscailte a lorg agus a úsáid chun seirbhísí agus táirgí sonraí a fhorbairt agus a fheabhsú.

2. Earnálacha a shainaithint mar ar féidir sochair eacnamaíocha fhéideartha a bhaint amach mar gheall ar Shonraí Oscailte a bheith ar fáil ar bhonn níos leithne. I measc na hearnálacha ina bhféadfaidh Sonraí Oscailte sochair a bhaint amach tá:

Turasóireacht,
Cultúr agus Oidhreacht,
Iompar,
Fuinneamh & Timpeallacht,
Sláinte,
Pleanáil,
Oideachas,
Eolaíocht agus Taighde
 

3. A straitéisí féin a fhorbairt chun tairbhe a bhaint as Sonraí Oscailte.

4. Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí tomhais chun réadú sochar na fiontraíochta, arna gcumasú ag Sonraí Oscailte, a ghabháil.

5. Rath na hÉireann le Sonraí Oscailte a chur in iúl go hidirnáisiúnta chun tuilleadh infheistíochta agus nuálaíochta a chothú ag úsáid Sonraí Oscailte.

 

FÍS DON PHOBAL TAIGHDE

Tá ról tábhachtach le himirt ag an bPobal Taighde maidir le deiseanna eacnamaíocha, sóisialta agus daonlathacha Shonraí Oscailte a shainaithint.

Déanfaidh taighdeoirí na nithe seo a leanas:

1. Treochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn maidir le Sonraí Oscailte a shainaithint.

2. Méadrachtaí a fhorbairt a éascaíonn gabháil sochar: mar shampla, cad é a chuireann Sonraí Oscailte le feabhsú éifeachtúlachta agus éifeachtachta sheachadadh na Seirbhíse Poiblí.

3. Deiseanna a shainaithint chun cuntasacht agus trédhearcacht a fheabhsú trí Shonraí Oscailte.

4. An fhéidearthacht maidir le rannpháirtíocht saoránach a mhéadú i ngníomhaíochtaí Sonraí Oscailte.

5. Trí Chásanna Úsáide a fhoilsiú, cabhrú le glacadh Sonraí Oscailte a bhrú chun cinn chun críocha Taighde agus Forbartha.

6. Sonraí Oscailte a úsáid chun nuálaíocht a chur chun cinn trí thaighde agus, sa chás go bhfuil an taighde maoinithe go poiblí, a dtorthaí taighde a chur ar fáil i bhformáidí Sonraí Oscailte.

7. Riachtanais scileanna a thiocfaidh chun cinn amach anseo a shainaithint chun a áirithiú go bhfoghlaimíonn scoláirí na scileanna riachtanacha le bheith rathúil i ngeilleagar arna bhrú chun cinn ag sonraí.

 

FÍS DON PHOBAL I GCOITINNE (SAORÁNAIGH AGUS AN TSOCHAÍ SHIBHIALTA)

Tá ról tábhachtach le himirt ag pobal na Sochaí Sibhialta/na Saoránach lena áirithiú go dtacaíonn Sonraí Oscailte leis an dea-chleachtas maidir leis na tairbhí trédhearcachta agus cuntasachta a eascraíonn ó eisiúint tacair sonraí a uasmhéadú. Tá seo tábhachtach go háirithe i gcomhthéacs Phlean Gníomhaíochta na hÉireann um Chomhpháirtíocht Rialtais Oscailte a chuimsíonn trí phríomhréimse:

1. Sonraí Oscailte agus Trédhearcacht,

2. Rannpháirteachas Saoránach, agus

3.Muinín an phobail as an Rialtas a atógáil

Faoin straitéis Sonraí Oscailte, déanfaidh saoránaigh/an tSochaí Shibhialta na nithe seo a leanas:

1. Sonraí Oscailte a úsáid chun páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht agus i gcomhairliúcháin.

2. Tacair sonraí nua a shainaithint le foilsiú mar Shonraí Oscailte.

3. Beidh comhlachtaí poiblí i dteagmháil leo go luath sa phróiseas reachtúil.

 

PRÍOMHPHRIONSABAIL NA STRAITÉISE SONRAÍ OSCAILTE?

Tabharfaidh an Straitéis Sonraí Oscailte breac-chuntas ar chur chuige comhleanúnach agus comhsheasmhach i leith fhoilsiú Sonraí Oscailte ag comhlachtaí poiblí. Mar gheall ar phróisis a forbraíodh chun tacú le cur chun feidhme na Straitéise seo, lena n-áirítear an Creat Teicniúil um Shonraí Oscailte, beidh próisis dhianseasmhacha agus in-athdhéanta ann ar féidir iad a chomhroinnt i measc comhlachtaí poiblí agus a éascóidh níos fearr scaoileadh tacair sonraí chuí bunaithe ar fhíoréileamh.

Tacóidh an Straitéis Sonraí Oscailte le cuspóirí an Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí chun torthaí níos fearr a bhaint amach do shaoránaigh, gnólachtaí agus seirbhísigh phoiblí. Samhlaíonn an Plean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí go mbainfear na torthaí níos fearr seo amach trí dhíriú ar úsáideoirí seirbhíse, ar éifeachtúlacht agus ar oscailteacht, le béim láidir ar cheannaireacht, cumas agus seachadadh mar bhonn agus mar thaca.

Moltar go mbeidh na prionsabail seo a leanas san áireamh i Straitéis Sonraí Oscailte na hÉireann:

 

PRIONSABAIL STRAITÉIS SONRAÍ OSCAILTE

1. Tá riachtanais saoránach agus gnólachtaí ag lár chur chuige na hÉireann i leith Sonraí Oscailte.

2. Meastar gurb iad Sonraí Oscailte an rogha réamhshocraithe do thacair sonraí nua oiriúnacha. Nuair nach scaoiltear tacair sonraí a lorgaíodh mar Shonraí Oscailte, cuirfidh an comhlacht poiblí freagrach cúiseanna ar fáil ina leith.

3. Comhlíonfaidh Sonraí Oscailte, nasctha tríd an tairseach data.gov.ie, riachtanais an Chreata Theicniúil um Shonraí Oscailte thar am:

Ceadúnas (ag ligean do dhaoine sonraí a úsáid)

Formáidí ((e.g., formáidí neamhdhílsithe a úsáid seachas formáidí dílsithe)

Meiteashonraí (tuairisceoirí beachta faoi thacair sonraí)

Caighdeáin (chun tuiscint chomónta ar na sonraí a áirithiú)

Aitheantóirí Uathúla Acmhainne

 

Déanann príomhphrionsabail Chairt G8 um Shonraí Oscailte eolas do Straitéis Sonraí Oscailte na hÉireann.
 

PRIONSABAIL CHAIRT G8

Prionsabal 1: Sonraí Oscailte de réir Réamhshocraithe:
Prionsabal 2: Cáilíocht agus Cainníocht
Prionsabal 3: Inúsáidte ag Cách
Prionsabal 4: Sonraí a Scaoileadh le haghaidh Rialachas Feabhsaithe
Prionsabal 5: Sonraí a Scaoileadh le haghaidh Nuálaíochta faoi Chairt G8
 

áR BHFOINSÍ SONRAÍ A THUISCINT

Aithníonn an Straitéis Sonraí Oscailte an tábhacht atá le cur chuige pleanáilte agus struchtúrtha i leith fhoilsiú sonraí mar Shonraí Oscailte. Ba cheart do chomhlachtaí poiblí luach na sonraí, an fhéidearthacht a bhaineann lena n-athúsáid, agus an cion is féidir leo a dhéanamh maidir le sochair a réadú. Imríonn iniúchtaí sonraí eagraíochtúla ról tábhachtach ina leith seo.

Chun críocha na Straitéise Sonraí Oscailte, sainmhínítear tacar sonraí mar:

Bailiúchán sonraí, arna fhoilsiú nó arna choimeád ag gníomhaire aonair, agus atá ar fáil lena rochtain nó lena íoslódáil i bhformáid amháin nó níos mó. D’fhéadfadh bunachar sonraí, córas faisnéise, scarbhileog etc. a bheith mar fhoinse tacair sonraí. D’fhéadfadh tacar sonraí tagairt do shonraí oibriúcháin agus riaracháin araon. Áirítear le Tacair Sonraí cláir, bailiúcháin agus suirbhéanna sonraí leanúnacha, tacair sonraí gheospásúla, tháblacha is riaracháin, tacair sonraí a bhaineann le feidhmíocht, sonraí a bailíodh maidir le feidhmeanna eagraíochta, etc.

iniúchtaí

Nuair atá siad ag déanamh sonraí oscailte féachann comhlachtaí poiblí leis sin a dhéanamh ar bhealach éirimiúil agus bainistithe. Príomhthosaíocht is ea na sonraí atá ina seilbh cheana a shainaithint. Chun a áirithiú go mbeidh tacair sonraí ar ardluach ar fáil agus á n-úsáid mar gheall ar fhairsingiú na tairsí data.gov.ie, teastaíonn cur chuige pleanáilte agus struchtúrtha i leith foilsiú sonraí mar shonraí oscailte. Ba cheart don chur chuige seo luach na dtacar sonraí, an fhéidearthacht a bhaineann lena n-athúsáid, agus an cion is féidir leo a dhéanamh maidir le sochair eacnamaíocha, shóisialta agus dhaonlathacha Shonraí Oscailte a bhaint amach a chur san áireamh.

Imríonn iniúchtaí sonraí eagraíochtúla ról tábhachtach ina leith seo. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart breathnú ar iniúchadh tacair sonraí mar chuid de straitéis bhainistíochta faisnéise na heagraíochta. Aithníonn an Straitéis Sonraí Oscailte go bhfuil luach suntasach ag baint le liosta cuimsitheach a bheith ann de na tacair sonraí a chruthaíonn, a bhainistíonn agus a choinníonn gach Roinn, cibé acu is féidir nó nach féidir iad a fhoilsiú faoi láthair. Tacóidh dul chun cinn sa réimse seo le cuspóir an Phlean um Athnuachan na Státseirbhíse chun próisis bhainistíochta sonraí agus cáilíocht sonraí a fheabhsú. Tacaíonn sé freisin le gealltanas na Straitéise TFC i leith sonraí a chaitheamh mar shócmhainn chorparáideach agus tacóidh sé le comhroinnt sonraí in am agus i dtráth.

Faoin Straitéis Sonraí Oscailte seo, éileofar ar gach comhlacht poiblí iniúchadh a dhéanamh ar a dtacair sonraí ag úsáid teimpléid arna fhorbairt ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, bunaithe ar mhodheolaíocht COMSODE.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Déanfaidh gach Roinn Rialtais iniúchadh ar a dtacair sonraí faoi [dáta]

Déanfaidh gach comhlacht poiblí eile iniúchadh ar a dtacair sonraí faoi [dáta]

PLEANANNA UM FHOILSIÚ

Ní hamháin go n-éascódh aschur an iniúchta foilsiú tacair sonraí trí data.gov.ie, ach chuirfeadh sé chun cinn freisin bainistiú éifeachtach faisnéise ar fud na gcomhlachtaí poiblí.

Tar éis an iniúchta, ba cheart do gach comhlacht poiblí Plean um Fhoilsiú dá dtacair sonraí a chur ar fáil. I gcomhthéacs na dtacar sonraí a chuirtear san áireamh sna tuairisceáin iniúchta.

Moltar na céimeanna seo a leanas a ghlacadh i dtreo fhoilsiú mar Shonraí Oscailte, ag cur san áireamh an chóimheá idir costais agus sochair lena bhfuiltear ag súil.

I measc na gcúinsí atá le breithniú maidir le hullmhú sonraí le foilsiú mar Shonraí Oscailte tá:

1. Sa chás go bhfuil tacar sonraí foilsithe cheana féin agus nasctha leis an tairseach Sonraí Oscailte, an dteastaíonn feabhsuithe nó mionathruithe chun na tacair sonraí a dhéanamh níos inchuardaithe?
2. Sa chás go bhfuil tacar sonraí foilsithe cheana féin, ach ní mar Shonraí Oscailte, déan machnamh ar cé acu is féidir nó nach féidir iad a nascadh leis an tairseach Sonraí Oscailte. An dteastaíonn aon fheabhsuithe, e.g., maidir le formáidí, etc.?
3. An bhfuil tacair sonraí neamhfhoilsithe oiriúnach le foilsiú mar Shonraí Oscailte, nó an féidir iad a fhoilsiú tar éis aon ghníomhartha riachtanacha (e.g., iad a cheangal le ceadúnas Sonraí Oscailte, comhbhailiú, anaithnidiú, etc.)?
4. Sa chás go n-éilíonn tacar sonraí anaithnidiú roimh fhoilsiú, conas a tharlóidh an próiseas seo?
5. An féidir sonraí pearsanta nó sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de a anaithnidiú nó a chomhbhailiú a dhóthain le go mbeifear in ann iad a fhoilsiú?
6. An bhfuil foilsiú indéanta i bhfianaise na n-iarrachtaí agus na gcostas a theastaíonn chun sonraí a fhoilsiú mar Shonraí Oscailte; i gcomparáid leis an éileamh féideartha nó na sochair fhéideartha?
 

I bhforbairt Phleananna um Fhoilsiú, ba cheart tacar sonraí “ardéilimh” a chur san áireamh, amhail iarratais rialta ar fhaisnéis, uiríll chuig Airí, Ceisteanna Parlaiminteacha, freagairtí ar shuirbhéanna Sonraí Oscailte, iarratais tríd an tairseach Sonraí Oscailte, agus iarratais eile a thagann chun cinn ó theagmháil eile le pobal úsáideora na Sonraí Oscailte, de réir mar is cuí.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Forbróidh gach comhlacht poiblí Plean Foilsithe um Shonraí Oscailte laistigh de data.gov.ie mí i ndiaidh a n-iniúchadh a chur i gcrích.

Ba cheart Pleananna Foilsithe, ina sonrófaí aon ghlanadh, mionathruithe nó anaithnidiú/comhbhailiú, a bheith faofa ag Bord Bainistíochta gach comhlacht poiblí.

Ba cheart an Plean Foilsithe, lena n-áirítear amlínte, a chur isteach chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe [mar chuid de Phleananna Athchóirithe Comhtháite]

TACAIR SONRAÍ A FHOILSIÚ

Is é an príomhchuspóir a bheidh ag an Straitéis seo a áirithiú go scaoilfear agus go bhfoilseofar tacair sonraí ardluacha trí data.gov.ie.

Beidh foilsiú tacair sonraí tríd an tairseach bunaithe ar riachtanais an Chreata Theicniúil um Shonraí Oscailte, a forbraíodh i gcomhar le Meitheal na gComhlachtaí Poiblí.

Úsáidfidh an Straitéis Sonraí Oscailte an scéim 5 réalta um chur chun feidhme le haghaidh Sonraí Oscailte. Dá mhéad an líon réaltaí, is ea is in-athúsáidte atá na sonraí, agus is fusa atá sé sonraí a athúsáid agus a idirnascadh.

Cé go spreagtar comhlachtaí poiblí oscailteacht a bhformáidí a uasmhéadú agus gluaiseacht i dtreo sonraí nasctha 4 agus 5 Réalta, aithníonn an Straitéis seo go dtógfaidh seo am agus go bhféadfaidh comhlachtaí poiblí cur chuige céimnithe i leith fhormáidí riachtanacha Shonraí Oscailte a bhaint amach.

Fíor: Scéim Sonraí Oscailte 5 Réalta (http://5stardata.info/)

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Is é an chéad sprioc íosta atá ag an Straitéis seo ná Sonraí Oscailte a bheith foilsithe ag formáid 3 Réalta ar a laghad (formáid neamhdhílsithe atá inléite ag meaisín).

Dá réir sin, beidh gach tacar sonraí a fhoilseofar ar an tairseach Sonraí Oscailte, laistigh de fhráma ama comhaontaithe:

  • Inléite ag Meaisín
  • Neamhdhílsithe
  • Bainteach le Ceadúnas Oscailte
  • Arna gcur síos ag Meiteashonraí caighdeánaithe

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Nuair is féidir, ba cheart é a bheith mar aidhm ag comhlachtaí poiblí sonraí a fhoilsiú mar shonraí nasctha, agus socrófar spriocanna sonracha ina leith seo.

 

RIALACHAS SONRAÍ OSCAILTE

AN BORD UM RIALACHAS SONRAÍ OSCAILTE (ODGB)

Bunófar Bord um Rialachas Sonraí Oscailte (ODGB) ar bhonn neamhreachtúil chun ceannaireacht a chur ar fáil de réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr i réimse na sonraí oscailte. Tacóidh sé leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an Rialtas maidir le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta um Shonraí Oscailte a bhrú chun cinn. Measfaidh an Bord deiseanna chun luach Sonraí Oscailte a uasmhéadú le haghaidh sochair fhadtéarmacha eacnamaíocha, shóisialta agus dhaonlathacha, agus cuirfidh sé comhairle ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ina leith seo.

Díreoidh an Bord ar rialachas maidir le cur chun feidhme an Tionscnaimh Sonraí Oscailte ar fud na Seirbhíse Poiblí, le béim ar leith ar shaincheisteanna crosghearrtha.

 

MEITHEAL NA GCOMHLACHTAÍ POIBLÍ (PBWG)

Bunaíodh Meitheal na gComhlachtaí Poiblí (PBWG) i mí Dheireadh Fómhair 2014 chun tacú le D/PER bealach chun tosaigh a chomhaontú maidir le saincheisteanna bonneagair agus cumasaithe. Is é toradh phlé an PBWG an Creat Teicniúil um Shonraí Oscailte.

Samhlaítear, de réir mar a bhogann cur chun feidhme na Straitéise Sonraí Oscailte ar aghaidh, go gcuirfear de chúram ar an PBWG machnamh ar ghníomhaíochtaí forbartha acmhainne; comhairle, treoir agus smaointe a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí curtha chun feidhme don Straitéis Sonraí Oscailte; agus tionscadail Sonraí Oscailte agus tionscnaimh eile a shainaithint chun feasacht a ardú, úsáid a chur chun cinn chun inbhuanaitheacht ghníomhaíochtaí Sonraí Oscailte a áirithiú. Cuirfidh an PBWG tacaíocht, comhairle agus treoir ar fáil freisin do chomhlachtaí poiblí i ngníomhaíochtaí curtha chun feidhme na Straitéise Sonraí Oscailte.

 

SOCRUITHE RIALACHAIS MAIDIR LE HATHCHÓIRIÚ NA SEIRBHÍSE POIBLÍ AGUS PLEAN UM ATHNUACHAN NA STÁTSEIRBHÍSE

Cuireann comhlachtaí poiblí nuashonruithe rialta ar fáil maidir le dul chun cinn faoi Thionscnaimh Athchóirithe reatha, lena n-áirítear an Plean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí. Chun an t-ualach tuairiscithe ar chomhlachtaí poiblí a íoslaghdú, samhlaítear go mbeidh forbairtí Sonraí Oscailte ardleibhéil fós san áireamh sna tuairiscí rialta seo.

 

AG ÁIRITHIÚ GO GCOINNÍONN COMHLACHTAÍ POIBLÍ ÚINÉIREACHT AR SHONRAÍ I NGNÍOMHAÍOCHTAÍ SOLÁTHAIR

Tacóidh forálacha reatha um Chearta Maoine Intleachtúla, dá dtagraítear san Iarratas ar Thairiscintí (“RFT”) de chuid sheirbhísí caighdeánacha na hOifige um Sholáthar Rialtais, leis an Straitéis Sonraí Oscailte.

Déanann an OGP coinníoll go ndílseoidh teideal Chearta Maoine Intleachtúla (IPR) agus leas i ngach tuarascáil, lámhleabhar sonraí agus/nó ábhar eile (seachas bogearraí) (lena n-áirítear gan teorainn gach agus aon taifead fuaime nó closamhairc, tras-scríbhinní, leabhair, páipéir, taifid, nótaí, léirithe, grianghraif, léaráidí) sa Chliant (an comhlacht poiblí). Ar mhaithe le hamhras a sheachaint, sannann an Conraitheoir ar shíniú an Chonartha dó gach IPR, teideal agus leas a bhaineann leis na hÁbhair leis an gcomhlacht poiblí.

Is mar mhaoin an Chliaint a bhíonn IPR i sonraí, faisnéis, aschur (i gcibé meáin) agus tuarascálacha arna dtáirgeadh don Chliant.”

 

ÚSÁID SONRAÍ A ÉASCÚ, A SPREAGADH AGUS A THOMHAS

CÁSANNA ÚSÁIDE

Ar deireadh thiar, tá luach Sonraí Oscailte san úsáid a bhaintear as na sonraí, agus cabhróidh samplaí de chásanna úsáide móiminteam an Tionscnaimh a chur ar fáil agus a choinneáil.

Déanfar cás na húsáide deiridh a mheasúnú i sraith de “Phíolótaí” a dhíreoidh ar gach ceann de na trí phríomhréimse mar a bhfuiltear ag súil le sochair.

Moltar go ndíreoidh na chéad trí phíolóta ar:

1. Gnó

2. Trédhearcacht/Cuntasacht

3. Tionchar Sóisialta

Forbrófar píolótaí ina dhiaidh sin chun réimse a shainaithint mar a bhfuil Sonraí Oscailte ag réadú fíorsochair intomhaiste.

Beidh torthaí na bpíolótaí seo san áireamh sna Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn don Rialtas, a ullmhóidh an ODGB i gcomhar le comhlachtaí poiblí, ag déanamh an dul chun cinn a mheas maidir leis na spriocanna a leagtar amach sa Straitéis seo a bhaint amach.

FOR-ROCHTAIN AGUS SCAIPEADH

Éileoidh cur chun feidhme na Straitéise Sonraí Oscailte comhar agus comhoibriú idir táirgeoirí agus úsáideoirí sonraí chun a chinntiú go bhfuil acmhainní agus iarrachtaí dírithe ar áiteanna as a mbainfear an luach is mó.

Dá réir sin, socrófar imeachtaí rialta for-rochtana agus scaipthe chun rannpháirteachas cuiditheach a éascú idir táirgeoirí agus úsáideoirí.

FORBAIRT ACMHAINNE

Beidh rannpháirteachas leanúnach idir an ODGB, PBWG agus comhlachtaí poiblí chun riachtanais oiliúna atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus, nuair is cuí, chun imeachtaí oiliúna a eagrú do Sheirbhísigh Phoiblí.

Táthar ag súil leis freisin go dtacóidh gníomhaíochtaí Tógála Cumais, ar a dtugtar breac-chuntas sa Straitéis TFC, leis an Straitéis Sonraí Oscailte.

NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE

Forbrófar an Straitéis Sonraí Oscailte mar dhoiciméad beo agus beidh sé faoi réir feabhsú leanúnach thar am.

Is gníomhartha ardleibhéil “straitéiseacha” iad, go bunúsach, na Gníomhartha a leagtar amach sa Straitéis.

Mar sin féin, beidh ar chomhlachtaí poiblí aonair atá ag bogadh trí shaolré na Sonraí Oscailte, ina bPleananna um Fhoilsiú, sceideal a fhorbairt ina leagfar amach cén uair atá sé ar intinn acu a sonraí a fhoilsiú mar Shonraí Oscailte ar féidir iad a nascadh leis an tairseach, data.gov.ie.

CEISTEANNA COMHAIRLIÚCHÁIN

1. Ar cheart do Straitéis Sonraí Oscailte na hÉireann sainmhíniú Open Knowledge ar Shonraí Oscailte a úsáid, de réir opendefinition.org? An bhfuil sainmhínithe eile ann ar cheart, dar leat, tagairt a dhéanamh dóibh?

2. Tugtar breac-chuntas ar phríomhphrionsabail na Straitéise Sonraí Oscailte i gcuid 8 ‘Príomhphrionsabail na Straitéise Sonraí Oscailte?’ thuas. An bhfuil aon Phrionsabail bhreise ag teastáil?

3. An bhfuil aon Phrionsabail bhreise ag teastáil? An iad na gníomhartha ardleibhéil ar a dtugtar breac-chuntas tríd an doiciméad seo na cinn chearta chun rannpháirtíocht leathan a spreagadh i measc comhlachtaí poiblí?

4. In “Ár bhFoinsí Sonraí a Thuiscint” faoi Chuid 9 thuas, leanann an cur chuige molta i leith iniúchóireachta agus phleananna um fhoilsiú a ullmhú do Shonraí Oscailte modheolaíocht COMSODE. An é seo an cur chuige ceart? An bhfuil gnéithe tábhachtacha ar iarraidh ó chur chuige COMSODE?

5. Déanann an doiciméad seo coinníoll gur cheart do Shonraí Oscailte, a nasctar tríd an tairseach data.gov.ie, cloí leis an gCreat Teicniúil. Ach, moltar cur chuige céimnitheach i leith cur chun feidhme. Cad iad na gnéithe den Chreat Teicniúil a mheasann tú a bheith ar na cinn is tábhachtaí le díriú orthu ar dtús faoin Straitéis?

6. An aontaíonn tú gur cheart go mbeadh ar na tacair sonraí a fhoilsítear tríd an tairseach Sonraí Oscailte cloí le caighdeáin íosta (e.g. formáidí neamhdhílsithe atá inléite ag meaisín), nó ar cheart formáidí eile a cheadú?

7. I gcur chuige céimnitheach i leith fhoilsiú Sonraí Oscailte, cad iad na tacair sonraí ar cheart tosaíocht a dhéanamh díobh, dar leat, chun nascadh leis an tairseach?

8. An fearr leat aon fhormáidí foilsithe faoi leith atá oscailte agus inléite ag meaisín?

9. An mbeadh aon tionscadail phíolótacha spéisiúil go háirithe i leith cásanna úsáide? An bhfuil aon samplaí agat de bhealaí ar gabhadh sochair an fhoilsithe ar Shonraí Oscailte trína dtomhas?  Tabhair mionsonraí de na samplaí seo le do thoil.

10. An nglacfá páirt in aon ghníomhaíochtaí For-rochtana nó Scaipthe a bheadh eagraithe chun an Straitéis Sonraí Oscailte a chur chun cinn? Cad iad na gníomhaíochtaí a bheadh úsáideach duit?