Skip to content

Creat Teicniúil um Shonraí Oscailte

An English version of this item is available here.

ARNA FHORBAIRT I GCOMHAR LE MEITHEAL NA GCOMHLACHTAÍ POIBLÍ MAIDIR LE SONRAÍ OSCAILTE

Aitheantas Doiciméid

https://data.gov.ie/ga/pages/creat-teicniuil-um-shonrai-oscailte

Foilsithe

2015-06-01

STÁDAS DOICIMÉID

Cuireadh an Creat Teicniúil um Shonraí Oscailte i gcrích tar éis comhairliúchán poiblí.

Ceadúnas

Ceadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)

CLÁR ÁBHAIR

  1. Admháil
  2. Cúlra
  3. An gá le Creat Teicniúil um Shonraí Oscailte
  4. Sonraí Oscailte a Fhoilsiú
  1. Ceadúnas Sonraí Oscailte
  2. Formáidí Molta do Shonraí Oscailte
  3. Scéimre Meiteashonraí Molta do Shonraí Oscailte
  4. Caighdeáin Mholta do Shonraí Oscailte
  5. Aitheantóirí Uathúla Acmhainne
  1. Iarscríbhinn 1: Gluais um Shonraí Oscailte
  2. Iarscríbhinn 2: Seicliosta um Shonraí Oscailte

 

ADMHÁIL

D’ullmhaigh Meitheal na gComhlachtaí Poiblí (PBWG) an doiciméad seo maidir le Sonraí Oscailte. Is mian leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cion tábhachtach bhaill an PBWG agus buíochas a ghabháil leo as a dtiomantas agus a n-obair chrua le 6 mhí anuas maidir leis an gcreat seo, atá mar bhonn faoi fhoilsiú tacair sonraí ar an tairseach https://data.gov.ie/ga/, a fhorbairt de réir na gcaighdeán comhaontaithe, ag éascú, dá réir sin, athúsáide agus idir-inoibritheachta

 

Eoin McCuirc, an Phríomh-Oifig Staidrimh

Dominic Byrne, Comhairle Contae Fhine Gall

Gareth John, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta

Liam Stewart, Oifig na nOibreacha Poiblí

Niall Hayden, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta

John Nott, an tÚdarás Náisiúnta Iompair

Sandra Collins, Taisclann Dhigiteach na hÉireann

Rebecca Grant, Taisclann Dhigiteach na hÉireann

Tracey Lauriault, OÉ Má Nuad

Pat Mulhall, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Keith Walsh, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Eoin O’Grady, Foras na Mara

Rob Ovington, an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

Brian Costello, an Phríomh-Oifig Staidrimh

Adam Leadbetter, Foras na Mara

Hugh Mangan, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

Ken Noble, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

Martin Troy, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Evelyn O’Connor, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (Cathaoirleach)

Le tacaíocht theicniúil agus comhairle ó Dheirdre Lee, Derilinx

 

CÚLRA

Aithnítear Sonraí Oscailte mar phríomhghné den chlár oibre um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí agus is gné thábhachtach í bainistíocht sonraí fheabhsaithe de raon leathan príomhdhoiciméid bheartais agus pleananna gníomhaíochta. Tá Éire tiomanta, leis, na dúshláin a leagtar amach faoi Chairt G8 um Shonraí Oscailte a shárú.

Ailíniú Sonraí Oscailte le Tionscnaimh Athchóirithe Eile

AN GÁ LE CREAT TEICNIÚIL UM SHONRAÍ OSCAILTE

Príomhthosaíocht faoi Thionscnamh Sonraí Oscailte an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an tUasal Brendan Howlin T.D., is ea an Tairseach Náisiúnta Sonraí Oscailte, https://data.gov.ie/ga/, a fhorbairt agus a fhairsingiú. Is é cuspóir na Tairsí Sonraí Oscailte sonraí rialtais a fhoilsiú ar bhealach a dhéanfaidh é níos inaimsithe, inrochtana, idir-inoibrithí agus in-athúsáidte. Tá an Tairseach nuashonraithe chun tacú le foilsiú tacair sonraí ardluacha chun freastal ar éileamh agus chun cabhrú le fíorshochair eacnamaíocha, shóisialta agus dhaonlathacha a bhaint amach do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus don Earnáil Phoiblí.

Leagtar amach sa doiciméad seo an creat teicniúil beartaithe a thacaíonn le cur chun feidhme leanúnach an Tionscnaimh Sonraí Oscailte agus áirithíonn sé seo go ndéantar tacair sonraí a fhoilsiú ar an Tairseach Sonraí Oscailte, data.gov.ie, ar bhealach comhsheasmhach, dianseasmhach agus fíor-oscailte. Is doiciméad beo é seo a fhairsingeofar de réir mar a fhorbrófar teicneolaíochtaí agus cleachtais.

Áirítear cúig phríomhghné mar chuid den Chreat Teicniúil seo:

  1. Ceadúnas Sonraí Oscailte
  2. Formáidí Molta do Shonraí Oscailte
  3. Scéimre Meiteashonraí Molta do Shonraí Oscailte
  4. Caighdeáin Mholta do Shonraí Oscailte
  5. Aitheantóirí Uathúla Acmhainne

SONRAÍ OSCAILTE A FHOILSIÚ

Leagtar amach sa Chreat Teicniúil um Shonraí Oscailte cur chuige pleanáilte agus struchtúrtha i leith foilsiú tacair sonraí mar Shonraí Oscailte. Ba cheart do Chomhlachtaí Poiblí, nuair atá siad ag machnamh ar Shonraí Oscailte a fhoilsiú, luach na dtacar sonraí, an fhéidearthacht a bhaineann lena n-athúsáid, agus an cion is féidir leo a dhéanamh maidir le torthaí níos fearr a bhaint amach do shaoránaigh, do ghnólachtaí, agus do sheirbhísigh phoiblí eile agus maidir le cinnteoireacht fhianaisebhunaithe de chuid comhlachtaí poiblí a fheabhsú.

Ar deireadh thiar, beidh cinntí maidir le foilsiú Sonraí Oscailte ina n-ábhar do chomhlachtaí poiblí aonair, tar éis Iniúchtaí Sonraí a dhéanfar i ngach comhlacht poiblí thar am.

Tá Iniúchtaí Sonraí tábhachtach sa mhéid is gurb ionann iad agus an bonn le cur chuige pleanáilte agus struchtúrtha le glacadh i leith fhoilsiú sonraí mar Shonraí Oscailte; ag cur san áireamh an luach, an fhéidearthacht le haghaidh athúsáide agus an chaoi gur féidir leis cabhrú maidir le hathchóiriú sa tSeirbhís Phoiblí agus cuspóirí náisiúnta eacnamaíocha a bhaint amach. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart breathnú ar iniúchadh tacair sonraí mar chuid de straitéis bhainistíochta faisnéise na heagraíochta.

Mar gheall ar aschur iniúchtaí, éascófar foilsiú tacair sonraí ar ár dtairseach náisiúnta, https://data.gov.ie/ga/. Cuirfidh iniúchtaí chun cinn freisin bainistíocht agus úsáid/comhroinnt éifeachtach faisnéise i gcomhlachtaí poiblí agus tacóidh siad le cur chun feidhme straitéis TFC na Seirbhíse Poiblí. Mar gheall ar iniúchtaí, beifear in ann na nithe seo a leanas a shainaithint:

  • Méid agus raon na dtacar sonraí atá ann agus a dhéanann comhlacht poiblí a bhainistiú agus a chothabháil
  • Rangú tacair sonraí de réir a dtábhachta i leith chuspóirí Roinne a bhaint amach agus de réir na mbearnaí braite i sonraí úsáideacha a d’fhéadfadh cabhrú maidir leis na cuspóirí seo a bhaint amach
  • An fhéidearthacht maidir le tacair sonraí a chomhroinnt laistigh den Roinn agus den earnáil phoiblí i gcoitinne
  • An fhéidearthacht maidir le sonraí a fhoilsiú agus a chur ar fáil le haghaidh athúsáide – méadófar oibleagáidí ina leith seo a luaithe is a bheidh an Treoir leasaithe PSI trasuite agus bheifí ag súil leis freisin go mbraithfear níos lú ar rochtain ar fhaisnéis faoi Shaoráil Faisnéise de bharr fhoilsiú agus rochtain níos mó ar shonraí oscailte
  • Tógáil ar mholtaí pháipéar Bhord Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta 2012 trí níos mó béime ar cháilíocht faisnéise/sonraí tuairisce a chur chun cinn.

Léirítear mapa ardleibhéil den phróiseas cinnteoireachta san fhíor thíos ina leagtar amach na príomh-shaincheisteanna atá le breithniú. Tá seicliosta foilsitheoireachta um Shonraí Oscailte san áireamh in Iarscríbhinn 2.

Mapa den Phróiseas Cinnteoireachta

CEADÚNAS SONRAÍ OSCAILTE

Le go mbreithneofar tacar sonraí mar Shonraí Oscailte, ní mór dó a bheith foilsithe faoi Cheadúnas Oscailte. Tá treoirlínte eisithe ag an gCoimisiún Eorpach, mar chuid dá obair leanúnach i leith Leasú na Treorach PSI, maidir le ceadúnais mholta agus tacair sonraí. Spreagann na treoirlínte seo “úsáid ceadúnais oscailte, ar cheart dóibh a bheith ina gcleachtas coitianta ar fud an Aontais amach anseo”.

Tar éis comhairliúchán poiblí ar roghanna do Cheadúnas Sonraí Oscailte na hÉireann, fuarthas 14 fhreagairt. Bhí tacaíocht láidir ann ó fhreagróirí d’úsáid an cheadúnais Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Ligeann an ceadúnas seo do dhaoine eile sonraí a dháileadh, a athmheascadh, a mhionathrú, agus tógáil orthu, fiú ó thaobh tráchtála, a fhad is go n-aithníonn úsáideoirí an bhunfhoilsitheoir as an gcruthú bunaidh. Moltar CC-BY 4.0 le haghaidh scaipeadh agus úsáid uasta d’ábhair cheadúnaithe. Ba cheart an ráiteas ceadúnais beartaithe agus na ráitis séanta mholta a úsáid faoin Tionscnamh Sonraí Oscailte.

Moltaí

Beidh na sonraí agus meiteashonraí uile atá nasctha le data.gov.ie bainteach le Ceadúnas Sannta Creative Commons (CC-BY), ar a laghad. Féadfaidh comhlachtaí poiblí cóipcheart a tharscaoileadh agus tacair sonraí a chomhcheangal le CC0, má mheastar go mbeadh sin oiriúnach. Ba cheart an ceadúnas a shainaithint go soiléir sna meiteashonraí.

Ní fhéadfar ach tacair sonraí atá bainteach leis an gCeadúnas Sonraí Oscailte molta a chur san áireamh ar data.gov.ie. Féadfar tacair sonraí atá bainteach go soiléir le ceadúnas eile, amhail an Ceadúnas PSI, a nascadh leis an tairseach Sonraí Oscailte, áfach, a fhad is go dtugtar gealltanas an ceadúnas Caighdeáin Oscailte a úsáid laistigh de thráthchlár atá sainmhínithe go soiléir.

Ráiteas Ceadúnais

Faoin gCeadúnas CC-BY, ní mór d’úsáideoirí foinse na Faisnéise a admháil ina dtáirge nó feidhmchlár tríd an ráiteas sannta seo a chur san áireamh, nó nasc chuige: “Tá Sonraí Rialtas na hÉireann san áireamh arna gceadúnú faoi cheadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)”.

Sannadh Iolrach

Má úsáidtear sonraí ó roinnt Soláthraithe Faisnéise agus mura bhfuil sé praiticiúil sannadh iolrach a liostú i dtáirge nó i bhfeidhmchlár, féadfaidh úsáideoirí URI nó hipearnasc chuig acmhainn ina bhfuil na ráitis sannta riachtanacha a úsáid.

Séanadh

Foilsítear na sonraí uile atá nasctha leis an tairseach Sonraí Oscailte “mar atá”. Déantar an Fhaisnéis a cheadúnú ‘mar atá’ agus fágann an Soláthraí agus/nó Ceadúnóir Faisnéise as an áireamh gach uiríoll, baránta, oibleagáid agus dliteanas maidir leis an bhFaisnéis go dtí an méid uasta a cheadaítear faoin dlí.

Níl an Soláthraí agus/nó Ceadúnóir Faisnéise faoi dhliteanas as aon earráidí nó easnaimh san Fhaisnéis agus ní bheidh siad faoi dhliteanas as aon chaillteanas, gortú nó damáiste de chineál ar bith a eascraíonn óna húsáid. Ní thugann an Soláthraí Faisnéise aon ráthaíocht go leanfar ar aghaidh ag soláthar na Faisnéise.

Díolúintí

Ní chlúdaíonn an ceadúnas seo faisnéis phearsanta, ach amháin má tá sí anaithnidithe agus/nó comhbhailithe a dhóthain. Ní chlúdaíonn sé ach oiread cearta tríú páirtí (lena n-áirítear paitinní, cóipcheart, cearta bunachair sonraí nó trádmharcanna, ach gan a bheith teoranta dóibh).

FORMÁIDÍ MOLTA DO SHONRAÍ OSCAILTE

Cé gur féidir sonraí a fhoilsítear in aon fhormáid a mheas mar Shonraí Oscailte má bhaineann Ceadúnas Oscailte leo, is féidir impleachtaí suntasacha a bheith ag an gcineál formáide sonraí a úsáidtear d’inúsáidteacht na sonraí. Faoin Tionscnamh Sonraí Oscailte, ba cheart do chomhlachtaí poiblí a sonraí a fhoilsiú sa chaoi is oscailte agus is féidir. Bealach amháin chun oscailteacht na bhformáidí a úsáidtear a thomhas is ea tríd an scéim úsáide 5 réalta do Shonraí Oscailte. Dá mhéad an líon réaltaí, is ea is in-athúsáidte atá na sonraí.

Scéim Sonraí Oscailte 5 Réalta (Féach http://5stardata.info/) [Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil]

Le bheith curtha san áireamh sa Tairseach Sonraí Oscailte, ní mór do chomhlachtaí poiblí sonraí a fhoilsiú ag Sonraí Oscailte 3 Réalta ar a laghad, amhail CSV, JSON nó XML. Mar sin féin, moltar tacair sonraí a fhoilsiú i bhformáidí iolracha, mar shampla, 1 Réalta (e.g. PDF), 2 Réalta (e.g. Microsoft Excel) chomh maith leis an bhformáid riachtanach 3 Réalta (e.g. CSV).  Tá tuilleadh samplaí d’fhormáidí ar fáil anseo. [Beidh leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil go luath]

Moltaí

Ba cheart go mbeadh gach tacar sonraí ar https://data.gov.ie/ga/ ar fáil in ar a laghad gceann amháin de na formáidí seo a leanas:

Ginearálta      Geospásúil        Sonrach d’fhearann faoi leith 
CSV GeoJSON NetCDF
JSON GML Datex II
XML KML GTFS
ODF WKT JSON STAT
RDF LAS  
ODS IFC  
  Shapefile  
  ASCII Grid  

 

Tá an liosta seo faoi réir athbhreithnithe agus nuashonraithe de réir mar a fhorbrófar formáidí nua mar gheall ar fhorbairtí teicniúla.

Má tá sé ar intinn ag comhlacht poiblí formáid fhoilsithe a athrú, ba cheart dó réamhfhógra a thabhairt d’úsáideoirí ag lua an dáta óna dtabharfar isteach an fhormáid nua. Ba cheart am dóthanach (trí mhí a mholtar) a thabhairt chun deis a thabhairt d’úsáideoirí aon socruithe riachtanacha a dhéanamh lena áirithiú nach gcuireann an t-athrú isteach go díobhálach orthu.

Féadfar tacair sonraí a fhoilsiú i bhformáidí iolracha.

Ba cheart tráthchlár soiléir a bheith ag tacair sonraí nach bhfuil ar fáil i gceann amháin de na formáidí oscailte fós maidir le cén uair a bheidh siad ar fáil i bhformáid oscailte.

Ba cheart d’fhoilsiú sonraí i bhformáidí oscailte a bheith ionsuite i bpróisis fhoilsithe sonraí de chuid gach comhlacht poiblí, agus a bheith mar chuid den bhainistiú faisnéise ar bhonn níos ginearálta.

SCÉIMRE MEITEASHONRAÍ MOLTA DO SHONRAÍ OSCAILTE

Chun sochair Sonraí Oscailte a bhaint amach, ba cheart do chomhlachtaí poiblí a sonraí a dhéanamh níos inchuardaithe agus inúsáidte. Chun é seo a bhaint amach, ba cheart do chomhlachtaí poiblí tuairisceoirí beachta a sholáthar maidir lena dtacair sonraí chun cabhrú le húsáideoirí sonraí acmhainní ar líne a shainaithint agus a aisghabháil, agus le suíomh na n-acmhainní sin a shainaithint.

“Meiteashonraí” a ghlaoitear ar na tuairisceoirí seo go coitianta.

Is ionann meiteashonraí agus an fhaisnéis achomair a chuireann síos ar na sonraí, lena n-áirítear infhaighteacht, cineál agus comhábhair na sonraí. Cuireann siad comhthéacs ar fáil faoi na sonraí a chabhraíonn le húsáideoirí a gciall a thuiscint, amhail:

  • Cad a ghlaoitear ar an tacar sonraí?
  • Cad é an t-ábhar?
  • Cén áit ar féidir liom an tacar sonraí a aimsiú?
  • Cathain a táirgeadh agus a nuashonraíodh go deireanach é?
  • Cad iad na foinsí ónar tiomsaíodh an fhaisnéis?
  • An bhfuil aon srianta ar a n-úsáid?

Éilíonn an Tionscamh Sonraí Oscailte cur chuige comhsheasmhach i leith fhoilsiú Shonraí Oscailte chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir tacair sonraí a fhoilsíonn comhlachtaí poiblí, ag leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta araon.

Dá réir sin, molann an Creat Teicniúil go nglacfaidh comhlachtaí poiblí Scéimre Meiteashonraí caighdeánaithe, is í an Ghluais Chatalóige Sonraí (DCAT) de chuid W3C, agus, níos sonraí, Próifíl Feidhmchláir DCAT do Thairseacha Sonraí Oscailte na hEorpa (DCAP-AP). Tá DCAT-AP á úsáid i roinnt tairseacha Sonraí Oscailte. de chuid na hEorpa Tá Treoir Thagartha asbhainte ar DCAT-AP ar fáil sa tábla thíos.

Gné amháin de DCAT-AP atá in easnamh is ea cuimsiú geospásúil meiteashonraí. Shainaithin Meitheal DCAT-AP an AE an gá le tacair sonraí gheospásúla, sraitheanna sonraí agus seirbhísí a thuairisciú. Mar thoradh air sin, tá an Grúpa sin ag obair ar GeoDCAT-AP, breiseán de chuid DCAT-AP. Chun críocha https://data.gov.ie/ga/, cuirfear gnéithe na meiteashonraí geospásúla a shainaithnítear sa tábla thíos san áireamh.

Class Class URI Mandatory properties Recommended properties Optional properties
Catalogue dcat:Catalog dcat:dataset dct:description dct:publisher dct:title dct:issued dct:language dct:license dct:modified dcat:themeTaxonomy foaf:homepage dcat:record dct:rights dct:spatial
Dataset dcat:Dataset dct:description dct:title adms:contactPoint dcat:distribution dcat:keyword dcat:theme dct:publisher adms:identifier adms:version adms:versionNotes dcat:landingPage dct:accrualPeriodicity dct:conformsTo dct:identifier dct:issued dct:language dct:modified dct:spatial dct:temporal
Distribution dcat:Distribution dcat:accessURL dct:description dct:format dct:license adms:status dcat:byteSize dcat:downloadURL dcat:mediaType dct:issued dct:modified dct:rights dct:title

Tábla: Tagairt Achomair DCAT-AP d’Aicmí agus do Ghnéithe. Arna n-asbhaineadh ó Shonraíocht Deiridh DCAT-AP v1.01 (Leagan Word)

Property URI Domain Range Usage note Card.
Geographic Bounding Box gmd:EX_GeographicBoundingBox Dcat:Dataset gmd:EX_GeographicBoundingBox http://www.datypic.com/sc/niem20/t-gmd_EX_GeographicBoundingBox_Type.html 0..1
Temporal Extent dct:temporal Dcat:Dataset dct:PeriodOfTime This property refers to a temporal period that the Dataset covers. 0..n
Lineage dct:provenance Dcat:Dataset dct:ProvenanceStatement This property contains a statement about the lineage of a Dataset. 0..n
Spatial Reference System gmd:MD_ReferenceSystem Dcat:Dataset gmd:MD_ReferenceSystem http://www.datypic.com/sc/niem20/e-gmd_MD_ReferenceSystem.html (See table below) 0..1
Spatial Resolution gmd:MD_Resolution Dcat:Dataset gmd:MD_Resolution http://www.datypic.com/sc/niem20/e-gmd_MD_Resolution.html 0..1
Conformance dct:conformsTo Dcat:Dataset dct:Standard This property refers to an implementing rule or other specification. 0..n

Tábla: Eilimintí meiteashonraí geospásúla le bheith curtha san áireamh in data.gov.ie

Name Acronym EPSG Code URI
Irish Transverse Mercator ITM 2157 http://www.opengis.net/def/crs/EPSG/0/2157
Irish Grid   29902 http://www.opengis.net/def/crs/EPSG/0/29902
European Terrestrial Reference System 1989 ETR89 4258 http://www.opengis.net/def/crs/EPSG/0/4258
Ireland 1975 Mapping Adjustment&   (1953/1956?)  
World Geodetic System 1984 WGS-84 4326 http://www.opengis.net/def/crs/EPSG/0/4326

Tábla: Córais Tagartha Spásúla

 

Moltaí

Ní mór do na Sonraí Oscailte uile a bheith bainteach trí mheiteashonraí caighdeánaithe.

Ní mór an Ceadúnas Oscailte a bheith ag gabháil leis na meiteashonraí uile.

Glacfar le DCAT AP mar Scéimre Meiteashonraí Thionscnamh na Sonraí Oscailte, le breac-chuntas cuí ar luachanna geospásúla.

Beidh meiteashonraí atá i gcomhréir le DCAT-AP in éineacht le gach tacar sonraí ar http://data.gov.ie (leis an mbreiseán Geo, más cuí don tacar sonraí).

San áireamh sa Scéimre Meiteashonraí seo tá trí chatagóir meiteashonraí, mar a leagtar amach i dTábla 3 thuas:

  • Éigeantach
  • Molta
  • Roghnach

CAIGHDEÁIN MHOLTA DO SHONRAÍ OSCAILTE

Áirithíonn caighdeáin sonraí, dá dtagraítear freisin mar shamhlacha sonraí nó gluaiseanna sonraí, comhthuiscint ar inneachar sonraí agus ar a gcuireann sé síos d’úsáideoirí sonraí; agus éascaíonn siad malartú réidh sonraí. Áirithíonn caighdeáin go bhfoilsítear sonraí ar bhealach buan, seasmhach agus leanúnach.

Cabhraíonn caighdeáin sonraí comhchiall a thabhairt do shonraí. Tá seo tábhachtach go háirithe nuair atá sonraí á n-úsáid ag tríú páirtí, á gcomhtháthú ó fhoinsí éagsúla, nó nuair atá sonraí á gcomhroinnt ar fud comhlachtaí poiblí. Ní hamháin go sainmhíníonn caighdeáin sonraí an chiall a bhaineann le coincheapa áirithe, ach sainmhíníonn siad an chaoi a mbaineann coincheapa lena chéile, rud a éascaíonn idir-inoibritheacht sonraí.

Nuair atáthar ag foilsiú Sonraí Oscailte, ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta arna sainmhíniú ag eagraíochtaí a bhfuil caighdeáin iontaofa acu, amhail ISO, an Coimisiún Eorpach, W3C, IETF, OGC agus OASIS, a úsáid más féidir. Mura bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta ar fáil nó má tá siad mí-oiriúnach, úsáid caighdeáin náisiúnta. Le haghaidh ábhair shainiúla amhail ábhair geospásúla, staidreamh, nó sláinte, úsáid caighdeáin náisiúnta arna sainmhíniú ag an eagraíocht fhreagrach (OSI, CSO, HIQA, etc.).

D’athbhreithnigh Meitheal na gComhlachtaí Poiblí (PBWG) na caighdeáin sonraí is coitianta a úsáideann Comhlachtaí Poiblí Éireannacha. Sainmhínítear iad seo sa tábla seo thíos. Ní liosta uileghabhálach é seo agus tá sé deartha le bheith ina fhoinse tagartha d’fhoilsitheoirí sonraí. Nuashonrófar an liosta le caighdeáin nua de réir mar a ghlactar leo sa chleachtas ginearálta.

Short Title Title Domain Standardisation Body URL
AR-DRG Australian Refined Diagnosis Related Group Health Australian Government http://www.aihw.gov.au/hospitals-data/ar-drg-data-cubes/
ATC/DDD The Anatomical Therapeutic Chemical Classification System with Defined Daily Doses Chemical WHO http://www.who.int/classifications/atcddd/en/
COICOP Classification of Individual Consumption According to Purpose Consumption UN Statistics Division http://unstats.un.org/unsd/cr/registry/regcst.asp?Cl=5
CSO Standard Classifications CSO Standard Classifications Multiple CSO http://www.cso.ie/en/surveysandmethodology/classifications/standardclassifications/
CSO Standards CSO Standard Classifictions Statistics CSO http://www.cso.ie/en/surveysandmethodology/classifications/standardclassifications/
DataCube Data Cube Vocabulary Statistical W3C http://www.w3.org/TR/vocab-data-cube/
DCAT Data Catalog Vocabulary Metadata W3C http://www.w3.org/TR/vocab-dcat/
DCMI Dublin Core Metadata Initiative Metadata Dublin Core http://dublincore.org/documents/dcmi-terms/
Disadvantage Index Disadvantage index   ERC ?
EUCAN Common Cancers Cancer WHO http://eco.iarc.fr/eucan/Default.aspx
IANA IANA Media Types Media/File Types Internet Assigned Numbers Authority http://www.iana.org/assignments/media-types/media-types.xhtml
IATI International Aid Transparency Initiative Transparency IATI http://iatistandard.org/
ICCS Irish Crime Classification System Crime CSO http://www.cso.ie/en/media/csoie/releasespublications/documents/crimejustice/current/crimeclassification.pdf
ICD International Classification of Diseases Health WHO http://www.who.int/classifications/icd/en/
ISO 19100 19100 Geographic Information standard series developed by the International Organization for Standardization (ISO) Geospatial ISO/OGC http://www.iso.org/iso/iso_catalogue/catalogue_tc/catalogue_tc_browse.htm?commid=54904&published=on&includesc=true
INSPIRE Infrastructure for Spatial Information in the European Community Spatial / Environmental EC http://inspire.ec.europa.eu/
ISO 3166-2:IE Country codes and subdivisions   ISO http://www.iso.org/iso/iso_3166-2_newsletter_ii-3_2011-12-13.pdf
ISO 639 Language codes Language ISO http://www.iso.org/iso/home/standards/language_codes.htm
ISO 8601 Date and time format Date/Time ISO http://www.iso.org/iso/home/standards/iso8601.htm
ISO 4217 Currency codes Mulitple ISO http://www.iso.org/iso/home/standards/currency_codes.htm
MDC Major Diagnostic category Health Utah Department of Health http://health.utah.gov/opha/IBIShelp/codes/MDC.htm
NACE Rev.2 NACE Rev.2 Metadata Eurostat http://ec.europa.eu/eurostat/ramon/nomenclatures/index.cfm?TargetUrl=LST_NOM_DTL&StrNom=NACE_REV2&StrLanguageCode=EN&IntPcKey=&StrLayoutCode=HIERARCHIC&CFID=1110191&CFTOKEN=3ca0f6dadb71d377-1F2DE4F0-F7BF-BCAE-31C18C386EA88F92&jsessionid=f900daad75c14b465532m
NUTS Nomenclature of territorial units for statistics   EC http://ec.europa.eu/eurostat/web/nuts/overview
SDMX Statistical Data and Metadata eXchange Statistical SDMX http://sdmx.org/
Total poverty index Total poverty index   ERC ?
XBRL eXtensible Business Reporting Language Business XBRL http://www.xbrl.org/
  The 26 geographic counties, except that Tipperary NR and Tipperary SR are distinguished   CSO ?
  The 26 geographical counties   CSO ?
  The 32 geographic counties of Ireland and Northern Ireland   CSO ?
  The 34 administrative counties, except that Tipperary NR and Tipperary SR are combined   CSO ?
  The 34 administrative counties   CSO ?

Tábla: Caighdeáin Sonraí Mholta do data.gov.ie

Moltaí

Úsáid an tábla thuas mar thagairt do chaighdeáin sonraí a úsáidtear go coitianta le haghaidh Sonraí Oscailte in Éirinn.

Nuair atáthar ag foilsiú Sonraí Oscailte, ba cheart do chomhlachtaí poiblí iarracht a dhéanamh ar dtús caighdeáin idirnáisiúnta a athúsáid arna sainmhíníú ag eagraíochtaí a bhfuil caighdeáin iontaofa acu, amhail ISO, an Coimisiún Eorpach, W3C, IETF, OGC agus OASIS.

Mura bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta ar fáil nó má tá siad mí-oiriúnach, úsáid caighdeáin náisiúnta. Le haghaidh ábhair shainiúla amhail ábhair geospásúla, staidreamh, nó sláinte, cuir chun cinn caighdeáin náisiúnta arna sainmhíniú ag an eagraíocht fhreagrach (OSI, CSO, HIQA, etc.).

AITHEANTÓIRÍ UATHÚLA ACMHAINNE

Leagann an Creat Teicniúil céimeanna amach a ligfidh do chomhlachtaí poiblí Sonraí Oscailte 3 Réalta ar a laghad a bhaint amach. San fhadtéarma, áfach, is é an aidhm atá ann ná leibhéil níos airde de shonraí nasctha (4 agus 5 Réalta) a bhaint amach.

Is gné thábhachtach den chur chuige níos fadtéarmaí seo i leith Sonraí Oscailte é Aitheantóirí Uilíocha Acmhainne (URIanna) a úsáid agus cuirfear de chúram ar Mheitheal Oibre na gComhlachtaí Poiblí Straitéis URI a fhorbairt agus patrún URI a chomhaontú le húsáid faoin Tionscnamh Sonraí Oscailte, ag úsáid taithí idirnáisiúnta agus dea-chleachtas.

Mar gheall ar fhorbairt leanúnach Sonraí Oscailte agus an mhian a n-idir-inoibritheacht a mhéadú, táthar ag brath níos mó ar URIanna mar aitheantóirí le haghaidh réimse leathan coincheap; gach rud ó theangacha go foirgnimh, comhlachtaí poiblí go hairgeadraí. Tá URIanna luachmhar sa mhéid is gur féidir leo acmhainní sonraí a idirdhealú agus sainaithint uathúil sonraí, cur i gcomparáid agus nascadh a éascú. Is féidir idir áiteanna, dhaoine, rudaí agus choincheapa a shainaithint trí úsáid a bhaint as URIanna.

Tá sé beartaithe gurb é an toradh a bheidh ar obair an PBWG patrúin URI seasmhacha agus inscálaithe a léiriú a leanfar ar aghaidh á n-úsáid fiú nuair a athróidh comhlachtaí poiblí agus nuair a fhairsingeoidh feidhmchláir a úsáideann URIanna.

Samplaí de phatrúin URI

Léirítear sa taighde idirnáisiúnta gur cheart go n-áireofaí iad seo a leanas leis na comhpháirteanna faoi bhreithniú le bheith san áireamh sa Phatrún Náisiúnta URI:

  1. eilimint {fearann} Tá an fearann Idirlín mar chuid den chomhpháirt {fearann} agus, de rogha, cosán laistigh den fhearann sin.
  2. léiríonn {cineál} eilimint {cineál} cén cineál URI atá i gceist. Féadfar gurb ionann seo agus:
    • ‘id’ - aitheantóir oibiachta (duine aonair/ásc) i gclár.
    • 'doc' - doiciméadacht (meiteashonraí) ar an oibiacht sa chlár.
    • ‘def’ - sainmhíniú téarma in ointeolaíocht
  3. tugann {coincheap} eilimint {coincheap} leid don léitheoir daonna maidir leis an gcineál coincheapa a aithníonn an URI.
  4. Is é {tagairt} eilimint {tagairt} ainm nó cód aitheantais na hoibiachta aonair.

I measc eilimintí féideartha eile tá: {ainmspás} (Do thacair URI nua a chuirtear faoi rialachas comónta), {earnáil} (Na catagóirí céanna atá san áireamh in data.gov.ie, agus {teanga}

IARSCRÍBHINN 1: GLUAIS UM SHONRAÍ OSCAILTE

Is Gluais ghinearálta í seo de Théarmaí agus Acrainmneacha a bhaineann le Sonraí Oscailte, le húsáid mar threoir thagartha don Tionscnamh Sonraí Oscailte. Fairsingeofar agus feabhsófar an Ghluais de réir mar is gá.

Sonraí Oscailte

Tagraíonn Sonraí go ginearálta d’fhaisnéis, arna cur ar fáil ar bhealach atá inléite ag duine nó ríomhaire, a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar taighde nó ina toradh amh taighde. Féadfar tacar sonraí a mheas mar thacar oscailte má tá cead ag duine ar bith é úsáid, a athúsáid, agus a athdháileadh – faoi réir amháin, ar a mhéad, an riachtanais foinse a lua agus/nó foinse chomhchosúil a chomhroinnt. (Open Knowledge Foundation - opendefinition.org)

Sonraí Rialtais Oscailte

Sonraí a tháirg nó a bhailigh comhlachtaí poiblí le linn gníomhaíochtaí gnó, agus arna bhfoilsiú faoi Cheadúnas Oscailte.

Cosaint Sonraí

Cosnaíonn reachtaíocht um chosaint sonraí cearta príobháideachta daoine aonair maidir le próiseáil a sonraí pearsanta.

Nuair a fhoilsítear go hoscailte iad, ní ceadmhach do thacair sonraí daoine aonair a shainaithint.

Anaithnidiú agus Comhbhailiú

Is féidir anaithnidiú agus comhbhailiú a úsáid chun a áirithiú go gcloíonn tacair sonraí a bhaineann le hoibiachtaí daonna le reachtaíocht ábhartha um chosaint sonraí sula bhfoilsítear iad.

Is é atá i gceist le hanaithnidiú ná faisnéis a cheilt ó thacar sonraí sa chás gurbh fhéidir daoine aonair a shainaithint roimhe sin.

Is é atá i gceist le comhbhailiú ná tacar sonraí a fhoilsiú i bhfoirm achomair chun faisnéis phearsanta, a d’fhágfadh gur féidir duine aonair a shainaithint, a fhágáil ar lár.

Tá treoir agus faisnéis maidir le hanaithnidiú ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí anseo.

Cóipcheart

Is réimse den dlí um Maoin Intleachtúil é cóipcheart a chlúdaíonn bunsaothair chruthaitheacha lena n-áirítear saothair liteartha, drámaíochta, cheoil agus ealaíonta, scannáin, taifid fuaime, craolacháin agus cóiriú clóghrafach ar eagráin fhoilsithe, bogearraí ríomhaire agus bunachair sonraí neamhbhunaidh, agus taibhithe. Bíonn cóipcheart ann ón uair a gcruthaítear an saothar, agus ní éilíonn sé aon chlárú den saothar. I gcás tacar sonraí, féadfar gur le fostóir, le roinn rialtais, le maoinitheoir nó le páirtí eile cóipcheart, ag brath ar an gconradh maidir le cruthú na sonraí.

Ceadúnas

Mar gheall ar cheadúnú is féidir le húinéirí cóipchirt úsáid agus athúsáid fhaofa a saothair a cheadú, gan cóipcheart a ghéilleadh go hiomlán. Is féidir le ceadúnú athúsáid tráchtála agus neamhthráchtála saothair a cheadú, ag brath ar théarmaí an cheadúnais, agus féadfaidh ceadúnais maireachtáil go deo nó ar feadh tréimhse shonraithe. Ní hionann ceadúnas a chur i bhfeidhm agus a rá nár cheart ráiteas cóipchirt a chur i bhfeidhm ar shaothar, agus molann mórán ceadúnas, amhail Creative Commons, go n-aithneofar an sealbhóir cóipchirt. Samhlaítear Sonraí Oscailte le Ceadúnas Oscailte amhail CC-BY (Sannadh Creative Commons Amháin) de ghnáth, nó le Tíolacadh Fearainn Phoiblí amhail CC0.

CC0

Ní Ceadúnas Creative Commons go fírinneach é CC0/ Tíolacadh Fearainn Phoiblí nó “Gan Cearta ar Cosaint”, mar ní chosnaíonn sé aon chearta i saothar cóipchirt. Nuair a shanntar Tíolacadh Fearainn Phoiblí do shaothar géilltear gach ceart ann, agus ceadaítear úsáid agus athúsáid an tsaothair chun aon chríche, gan aitheantas a thabhairt don bhunúdar. Go bunúsach, ligeann an tíolacadh seo do shaothair dul isteach san fhearann poiblí sula bhfuil deireadh leis an téarma dlíthiúil cóipchirt. Ní féidir Tíolacadh Fearainn Phoiblí a aisghairm.

Ceadúnas Sannta

Ceadúnas a éilíonn go luafar foinse bhunaidh an ábhair cheadúnaithe (ceadúnas sannta).

CC-BY (Sannadh Creative Commons)

Ligeann an ceadúnas seo do dhaoine eile do shaothar a dháileadh, a athmheascadh, a mhionathrú, agus tógáil air, fiú ó thaobh tráchtála, a fhad is go n-aithníonn siad thú as an gcruthú bunaidh. Moltar an ceadúnas seo le haghaidh scaipeadh uasta agus ath-inúsáidteacht ábhair cheadúnaithe.

Formáid inléite ag meaisín

Is é is formáidí atá inléite ag meaisín ann ná iad siúd ina bhfuil sonraí struchtúrtha is féidir a asbhaint agus a anailísiú ar bhealach uathoibrithe. I measc formáidí atá inléite ag meaisín tá siad siúd a bhfuil struchtúr táblach acu amhail .xls agus .csv, chomh maith le formáidí amhail XML agus JSON atá níos solúbtha.

De ghnáth, áirítear i bhformáidí coitianta atá inléite ag daoine, amhail doiciméid Word, PDF agus HTML, faisnéis maidir le formáidiú agus taispeáint, rud a chiallaíonn nach bhfuil siad inléite ag meaisín.

Formáidí oscailte

Is é is formáid oscailte ann ná formáid a bhfuil na sonraíochtaí do na bogearraí ar fáil do chách, saor in aisce, ionas gur féidir le duine ar bith na sonraíochtaí seo a úsáid ina mbogearraí féin gan aon teorainneacha ar athúsáid curtha i bhfeidhm faoi chearta maoine intleachtúla. I measc formáidí oscailte tá .csv agus .xml.

Formáidí dílsithe

Tá formáid dílsithe má ionchódaíonn sí sonraí sa tslí is nach bhfuil comhad inléite ach amháin trí úsáid a bhaint as an gcineál céanna bogearra a úsáidtear chun an comhad a chruthú. Ní fhoilsíonn bogearraí dílsithe a sonraí le haghaidh athúsáide go hoscailte. I measc formáidí dílsithe tá .xls (arna chruthú in Microsoft Excel) agus .docx (arna chruthú in Microsoft Word).

Comhéadan Ríomhchláraithe Feidhmchláir

Is é is Comhéadan Ríomhchláraithe Feidhmchláir (API) ann ná tacar gnáthamh, prótacal, agus uirlisí chun feidhmchláir bhogearra a thógáil. Beidh comhéadain úsáideora chomhchosúla ag cláir a úsáideann API comhchoiteann, sa tslí is go mbíonn sé níos fusa d’úsáideoirí cláir nua a fhoghlaim. (Gluais W3C eGov)

ACRAINMNEACHA A ÚSÁIDTEAR GO COITIANTA

ASCII American Standard Code for Information Interchange

CC Creative Commons

CKAN Comprehensive Knowledge Archive Network

CSO Central Statistics Office of Ireland

CSV Comma Separated Value

DCAT Data Catalogue

DCAT-AP DCAT Application Profile

DCMI Dublin Core Metadata Initiative

EC European Commission

ETR European Terrestrial Reference

GeoJSON Geo JavaScript Object Notation

GML Geography Markup Language

GTFS General Transit Feed Specification

HIQA Health Information and Quality Authority

IATI International Aid Transparency Initiative

IETF Internet Engineering Task Force

IFC Industry Foundation Classes

INSPIRE Infrastructure for Spatial Information in the European Community

ISO International Organization for Standardization

ITM Irish Transverse Mercator

JSON JavaScript Object Notation

KML Keyhole Markup Language

LAS Log ASCII Standard

NetCDF Network Common Data Form

OASIS Organization for the Advancement of Structured Information Standards

ODF OpenDocument Format

OGC Open Geospatial Consortium

ODS Open Document Spreadsheet

OSi Ordnance Survey Ireland

PBWG Public Bodies Working Group

PDF Portable Document Format

PSI Public Sector Information

RDF Resource Description Framework

SDMX Statistical Data and Metadata eXchange

URI Uniform Reference Identifier

W3C World Wide Web Consortium

WGS World Geodetic System

WHO World Health Organization

WKT Well Known Text

WFS Web Feature Service

WMS Web Map Service

XBRL eXtensible Business Reporting Language

XML Extensible Markup Language

 

IARSCRÍBHINN 2 SEICLIOSTA UM SHONRAÍ OSCAILTE

An Seicliosta Deiridh

Le haghaidh seiceáil deiridh, úsáid seicliosta um ullmhú tacar sonraí:

  1. Seiceáil an tacar sonraí maidir le cáilíocht
  2. Seiceáil na sonraí maidir le tráthúlacht agus comhsheasmhacht
  3. Seiceáil an tacar sonraí maidir le húsáid chaighdeán, Cuir meiteashonraí leis
  4. Seiceáil an gcuirtear síos ar na meiteashonraí mar Shonraí Nasctha
  5. Seiceáil an tacar sonraí maidir leis an oscailteacht theicniúil
  6. Seiceáil an tacar sonraí maidir le hoscailteacht dhlíthiúil. Mura bhfuil sé oscailte, roghnaigh ceadúnas cuí agus cuir i bhfeidhm ar an gcomhad é.
  7. Cuir faisnéis cheadúnais agus faisnéis maidir le Seicliosta bunúis um Ullmhú Tacar Sonraí ar fáil

 

Seicliosta um Ullmhú Tacar Sonraí (ó EDP Open Data Goldbook for Data Managers and Data Holders)