Is é an cuspóir atá againn maidir le do shonraí pearsanta a phróiseáil ná nuacht a thabhairt duit i dtaca le beartas agus cleachtas Sonraí Oscailte in Éirinn. Is é an bunús dlí a bhfuil muid ag brath air chun an phróiseáil a dhéanamh ná cead uait agus tú ag clárú le haghaidh na nuachtlitreach seo.
Ionas gur féidir linn ár nuachtlitir a sheoladh chugat, tá do sheoladh ríomhphoist de dhíth orainn.
Bailímid na sonraí uait nuair a chláraíonn tú le haghaidh na nuachtlitreach seo ar ár suíomh nó nuair a thugann tú seoladh ríomhphoist dúinn ag ceann dár n-imeachtaí i dtaca le Sonraí Oscailte.
Úsáidimid do shonraí ionas gur féidir linn ár nuachtlitir a sheoladh chugat. D'fhéadfaimis staitisticí a bhailiú freisin maidir le hoscailt agus cliceanna ríomhphoist agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí caighdeánacha tionscail chun cabhrú linn monatóireacht agus feabhsúchán a dhéanamh ar ár nuachtlitir.
Coinnímid do shonraí chun críche ár nuachtlitir a sheoladh chugat fad nach dtarraingíonn tú do chead siar ná nach n-easaontaíonn tú le próiseáil den chineál sin de do shonraí.
Toisc go bhfuilimid ag brath ar do chead chun ár bpróiseáil a dhéanamh ar do shonraí pearsanta le haghaidh an nuachtlitir a sheoladh chugat, tá an ceart agat do chead a tharraingt siar. Más mian leat ag aon am do chead a tharraingt siar nó easaontú a dhéánamh leis an bpróiseáil, ba cheart duit an nasc a leanúint trí chliceáil ar an gcnaipe 'díliostáil' sa nuachtlitir ríomhphoist nó trí ríomhphost a sheoladh chuig opendata@per.gov.ie. Má dhéanann tú é sin, déanfaimid ár dtaifid a nuashonrú chun do rogha a léiriú.
Áirítear leis na cearta eile atá agat faoin RCGS:
Rochtain ar do shonraí pearsanta (Airteagal 15 den RGCS). Is féidir faisnéis faoi conas Iarratas Rochtana Ábhair a dhéanamh maidir le do shonraí pearsanta a fháil ar an leathanach gréasáin gov.ie Cosaint Sonraí agus Iarratais Rochtana Ábhair.
Ceartú sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leat (airteagal 16 – RGCS)
I gcúinsí áirithe, an ceart chun go scriosfaí do shonraí pearsanta (airteagal 17 den RGCS)
I gcúinsí áirithe, an ceart chun srian a chur le próiseáil a dhéanamh ar do shonraí pearsanta (airteagal 18 den RCGS)
Nuair is ábhartha, an ceart chun iniomparthacht sonraí (airteagal 20 den RGCS)
Bainimid úsáid as an ardán Mailchimp chun ár nuachtlitreacha a sheoladh. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar leathanach eolais comhlíonta RCGS Mailchimp.
Má tá imní ort faoin gcaoi a ndéantar próiseáil ar do shonraí chun críche na nuachtlitreach seo, ná bíodh drogall ort muid a chur ar an eolas faoi ábhar imní den chineál sin. Chun é sin a dhéanamh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digitithe ag dataprotection@per.gov.ie
Is féidir an beartas príobháideachais le haghaidh an tsuímh gréasáin Sonraí Oscailte a fháil ar an leathanach bheartas príobháideachais data.gov.ie.
Is féidir an beartas príobháideachais le haghaidh suíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digitithe a fháil ar an leathanach bheartas príobháideachais per.gov.ie
Is féidir leat freisin gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. Is iad a sonraí teagmhála:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
6 Pembroke Row
Dublin 2
D02 X963
Ireland
1800 437 737 / (01) 765 0100
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo trí fhoirmeacha gréasáin ar shuíomh gréasáin an Choimisiún um Chosaint Sonraí.
Is mór ag an Aonad Sonraí Oscailte do chuid aiseolais, ceisteanna nó tuairimí. Bímid sásta i gcónaí cloisteáil uait.