Soláthraítear sa tacar sonraí seo faisnéis mhionsonraithe faoi na stadanna bus a n-úsáideann cuideachtaí a oibríonn faoi choimirce an Údaráis Náisiúnta Iompair iad. Soláthraítear sonraí a bhaineann le cuaillí, le scáthláin agus le Faisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí.
Tá an tacar sonraí comhdhéanta de chomhad idirghníomhach html amháin agus de cheithre chomhad GeoJSON. Tá cur síos achomair ar na sonraí i ngach comhad le fáil sa réamhamharc ar an acmhainn sonraí thíos.