Baineann an tábla le hOllfhiachas Náisiúnta (OFN) amháin, agus soláthraítear ann miondealú ar mhéideanna fiachais atá ag seasamh amach i míreanna fiachais atá ainmnithe in euro agus nach bhfuil ainmnithe in euro, chomh maith le miondealú aibíochta iarmharach fiachais.
Is ionann OFN agus an fiachas arna thabhú ag an Státchiste roimh asbhaint airgid agus sócmhainní airgeadais eile. Is ionann é agus an phríomhchuid d’Fhiachas Rialtais Ghinearálta (FRG), lena n-áirítear freisin, fiachas comhlachtaí eile rialtais láir agus rialtais áitiúil, agus cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) na sonraí i dtoll a chéile agus foilsíonn iad. Foilsíonn Banc Ceannais na hÉireann sonraí maidir leis an Ollfhiachas Náisiúnta ar bhonn ráithe bunaithe ar shonraí ó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (NTMA).