Bhí vótaíocht ag an reifreann ar an gCéadaoin, 17ú Meitheamh, 1959. Bhí toghchán uachtaránachta ar siúl an lá céanna.
Scaipeadh an achoimre seo a leanas ar na príomh-mholtaí sa Bhille um an
Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1958, mar eolas do vótálaithe:
"I láthair na huaire, toghtar comhaltaí Dháil Éireann ar chóras
ionadaíochta cionmhaire do dháilcheantair a bhfuil ar a laghad triúr
comhaltaí ag filleadh orthu agus vóta amháin inaistrithe ag gach
vótálaí.
Tá sé molta sa Bhille deireadh a chur leis an gcóras ionadaíochta
cionmhaire agus córas dáilcheantair aonchomhalta a ghlacadh ina
ionad, agus vóta aonair neamh-inaistrithe a bheith ag gach vótálaí. Ina
theannta sin, tá sé molta sa Bhille Coimisiún a chur ar bun chun na
toghcheantair a chinneadh agus a athbhreithniú, in ionad é seo a
bheith déanta ag an Oireachtas, mar atá faoi láthair.”