Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé hAoine, 22ú Bealtaine, 2015. Bhí reifreann ar Aois Iarrthóra an Uachtaráin ar an lá
céanna.
Áiríodh an ráiteas seo a leanas mar eolas do vótálaithe ar ábhar an reifrinn i
mbileog a seoladh chuig gach toghthóir:
An Bille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2015–
Páipear ballóide BÁN.
Fiafraítear díot sa reifreann seo an aontaíonn tú leis an togra chun Airteagal
41 den Bhunreacht a leasú chun a fhoráil go bhféadfaidh beirt pósadh, gan
beann ar a ngnéas. Leanfar den phósadh a rialáil le reachtaíocht agus leis an
dlí coiteann.
Beartaítear leis an mBille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht
(Comhionannas Pósta), 2015 an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt
3 d’Airteagal 41 den Bhunreacht:
“4. Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh
de réir dlí.”