Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl ar an nDéardaoin, 7ú Meitheamh, 2001. Bhí reifrinn ar Phionós an Bháis a Chur ar Ceal agus ar
an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar an lá céanna.
Áiríodh an ráiteas seo a leanas mar eolas do vótálaithe ar ábhar an reifrinn i
mbileog a seoladh chuig gach toghthóir:
‘Páipéar Ballóide BÁN – CONRADH NICE
Is é atá beartaithe leis an mBille um an gCeathrú Leasú is Fiche ar an
mBunreacht, 2001, na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt 6°
d'alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht:
“7˚ Tig leis an Stát Conradh Nice ag leasú an Chonartha ar an Aontas
Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus
Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Nice an 26ú lá d'Fheabhra,
2001, a dhaingniú.
8˚ Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear
le hAirteagail 1.6, 1.9, 1.11, 1.12, 1.13 agus 2.1 den Chonradh dá
dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo nó fúthu ach beidh aon fheidhmiú
den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an
Oireachtais".