Tionscnamh na nUaireanta Glasa agus Sóisialta
23 Aibreán 2024An English version of this item is available here.
In 2022, d’fhorbair an tAonad Sonraí Oscailte, sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, creat chun seirbhísí teicniúla a sholáthar do bhainistiú sonraí ginearálta agus d'fhoilsiú Sonraí Oscailte. Faoi láthair, déanann an Oifig um Sholáthar Rialtais an creat teicniúil sin a bhainistiú. Mar chuid de théarmaí an chreata, déanann an tairgeoir buaiteach, Derilinx sa chás seo, roinnt uaireanta tacaíochta a sholáthar faoi fhoráil ‘glas agus sóisialta’ den chonradh. Bunaítear líon na n-uaireanta ar an méid oibre a fhaightear tríd an gcreat. Is éard atá i gceist leis sin go gcuireann siad roinnt uaireanta ar fáil saor in aisce ina dtugann siad comhairle, oiliúint, léachtaí nó meantóireacht d’eagraíochtaí a bhfuil sainchúram glas, sóisialta nó oideachais acu, mar chuid dá gconradh leis an Oifig um Sholáthar Rialtais. Is iad na réimsí saineolais atá acu ná iniúchadh sonraí, bainistíocht agus foilsitheoireacht Sonraí Oscailte.
Is iomaí eagraíocht a bheadh in ann leas a bhaint as na huaireanta sin. Roinnt samplaí ná ollscoileanna nó coláistí agus a gCumann Sonraí, buaiteoirí an Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte nó eagraíochtaí a bhfuil sainchúram comhshaoil, pobail nó sóisialta acu. Rachaidh an tAonad Sonraí Oscailte i dteagmháil leis an eagraíocht ansin agus cuirfidh siad i dteagmháil iad le Derilinx agus an Oifig um Sholáthar Rialtais chun plean saincheaptha a chumadh do gach eagraíocht. Le Derilinx, déanfaidh an eagraíocht measúnú ar a dtosaíochtaí maidir le sonraí. Oibreoidh an eagraíocht go dlúth ansin le Derilinx chun tosaíochtaí dá leithéid a bhaint amach. D’fhéadfadh na huaireanta pro bono sin teacht i bhfoirm cabhrú leis an eagraíocht iniúchadh sonraí a dhéanamh, a sonraí a ghlanadh, modhanna bailithe agus bainistíochta sonraí níos fearr a bhunú, nó cabhrú leo a gcuid sonraí a fhoilsiú.
Eagraíocht amháin a bhain tairbhe mhór as Tionscnamh na nUaireanta Glasa agus Sóisialta ná Smart Dublin. In 2022, rinne Smart Dublin Dúshlán Gníomhaíochta Sonraí Oscailte ar son na hAeráide i Réigiún Bhaile Átha Cliath inar lorgaíodh smaointe agus feidhmchláir nuálacha a bhain úsáid as Sonraí Oscailte chun gníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn. Mar chuid de Thionscnamh na nUaireanta Glasa agus Sóisialta, bhain Smart Dublin leas as tacaíocht ó Derilinx agus chomhoibrigh leo ar an dúshlán. Bhí Derilinx mar chuid den choiste eagraithe. Rinne siad athbhreithniú ar shonraí aeráide don dúshlán, thug siad meantóireacht do rannpháirtithe agus chuidigh siad le moltóireacht a dhéanamh ar na tionscadail. Chuir siad tacaíocht margaíochta ar fáil freisin agus chuir siad an dúshlán chun cinn trí chainéil ar líne ar nós a suímh gréasáin agus ar na meáin shóisialta. Ina theannta sin, chuir Derilinx tacaíocht mheantóireachta ar fáil do Smart Dublin freisin le linn a Haiceatóin maidir le Cáilíocht Aeir in 2023 i gcomhpháirtíocht le Google agus Aclima mar chuid de Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte 2022/2023. Le linn an Haiceatóin, thairg an tairgeoir buaiteach, faoin Tionscnamh Glas agus Sóisialta, meantóireacht do rannpháirtithe ar an lá a bhí ag úsáid Sonraí Oscailte chun teacht ar réitigh ar thruailliú aeir. D’oibrigh siad go dlúth freisin le buaiteoirí eile an Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte amhail eTownz, OÉG, agus an Institiúid um Luach Nuálaíochta in Ollscoil Mhá Nuad chun réimse de sheirbhísí comhairleoireachta sonraí a sholáthar.
Má tá cur amach agat ar aon eagraíochtaí nó grúpaí a chreideann tú a d’fhéadfadh leas a bhaint as na huaireanta sin, déan teagmháil le opendata@per.gov.ie.