Béim ar an gCiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte - Aghaidh a thabhairt ar Dhúshláin a bhaineann le Cáilíocht Sonraí Oscailte sa Chatalóg Iompair/Soghluaisteachta

17 Meitheamh 2024

An English version of this item is available here.

Sa tsraith seo, breathnaímid níos géire ar chuid de na Buaiteoirí Ciste Rannpháirtíochta 2023/2024 a bhí againn le gairid. An mhí seo, insíonn Sana Kiran agus Markus Helfert ó Ollscoil Mhá Nuad dúinn faoina dtionscadal, a bhaineann le tírdhreach casta na ndúshlán cáilíochta sonraí laistigh d’fhoinsí sonraí oscailte, agus béim ar leith á leagan ar réimse na soghluaisteachta cliste (Catalóg Iompair sa tairseach sonraí oscailte). Trí fhíoranailís uileghabhálach a dhéanamh ar thacar sonraí, tá sé d’aidhm ag an tionscadal léargas a thabhairt ar impleachtaí praiticiúla na ndúshlán cáilíochta sonraí sin.

 

Acmhainn Sonraí Ardchaighdeáin a chur ar fáil d’Iompar Cliste

Bíonn córais chliste soghluaisteachta ag brath ar shonraí oscailte agus ar shonraí ardchaighdeáin chun córais iompair phoiblí a láimhseáil go héifeachtach, a chlaochlú agus a bharrfheabhsú.  De réir straitéis Sonraí Oscailte na hÉireann 2023-2027, is ionann ceann de na prionsabail sonraí oscailte agus a chinntiú go bhfuil na sonraí ar ardchaighdeán agus gur sonraí reatha iad, a fhreagraíonn do riachtanais úsáideoirí. Ní féidir fíorluach na sonraí a bhaint amach ach amháin má tá siad oiriúnach don chuspóir beartaithe.

 

 

Cén Fáth a Bhfuil Tábhacht le Cáilíocht Sonraí?

Samhlaigh cathair ina laghdaítear brú tráchta le sonraí iontaofa agus cruinne, ina gcuirtear feabhas ar iompar poiblí, agus ina dtugtar nuashonruithe fíor-ama do chomaitéirí ar a mbealaí. Inár dtionscadal taighde is déanaí, dírítear ar na dúshláin cháilíochta sonraí ríthábhachtacha sin laistigh d’fhoinsí sonraí oscailte, go háirithe iad siúd a úsáidtear in earnáil na soghluaisteachta cliste.

 

Ár Misean: Cáilíocht Sonraí a Fheabhsú

Is iarracht chomhoibríoch é cáilíocht sonraí a fheabhsú agus éilítear leis ionchur a fháil ó pháirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le foilsiú agus úsáid tacar sonraí. An misean atá againn ná treoirlínte a bhunú chun cáilíocht sonraí a fheabhsú trí dhul i ngleic go gníomhach leis na páirtithe leasmhara sin. Áirítear leis sin oibriú go dlúth leo siúd atá freagrach as tacair sonraí a fhoilsiú chun cruinneas agus tráthúlacht a chinntiú, chomh maith le haiseolas a bhailiú ó úsáideoirí na dtacar sonraí sin chun a gcuid riachtanas agus a ndúshláin a thuiscint.

Dul Chun Cinn agus Torthaí Reatha

Go dtí seo, scrúdaíomar 450 tacar sonraí ó chatalóg iompair thairseach sonraí oscailte na hÉireann, ag díriú ar dhá ghné ríthábhachtacha de cháilíocht sonraí: cruinneas agus tráthúlacht. Léiríonn ár dtorthaí an ríthábhacht a bhaineann le sonraí a nuashonraítear go leanúnach agus a léirítear go cruinn. Má thugtar aghaidh ar na saincheisteanna sin, méadófar úsáideacht agus tionchar sonraí oscailte go mór i bpleanáil agus i mbainistíocht iompair.

 

Tionchar ar Shoghluaisteacht Chliste agus Tuilleadh

Imríonn an tionscadal tionchar dearfach ar an tsochaí trí chinnteoireacht rialtais níos eolasaí a chumasú, agus trí thrédhearcacht a chur chun cinn, rud atá ar cheann de phríomhaidhmeanna an tionscnaimh sonraí oscailte. Trí fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar iontaofacht na dtacar sonraí ar leith atá ríthábhachtach do phleanáil iompair, cinntíonn ár dtionscadal go bhfaigheann cuideachtaí iompair rialtais agus páirtithe leasmhara faisnéis chruinn atá cothrom le dáta.

 

Bí Linn chun an Todhchaí a Mhúnlú

Táimid ar bís faoi na buntáistí féideartha a bhaineann leis an tionscadal seo, lena n-áirítear trédhearcacht fheabhsaithe rialtais, cinnteoireacht bunaithe ar shonraí, agus iontaofacht.

Ba mhór dúinn cloisteáil uait! Má tá aon cheist agat, nó má tá aon aiseolas agat, nó má tá tú ag iarraidh comhoibriú linn chun cáilíocht sonraí do shoghluaisteacht chliste a fheabhsú, téigh i dteagmháil linn. Déan teagmháil linn ag sana.kiran.2023@mumail.ie nó markus.helfert@mu.ie, nó téigh chuig an suíomh gréasáin chun tuilleadh faisnéise a fháil https://ivi.ie/staff/.