Ceardlann ar an Tairseach um Shonraí Eorpacha
15 Nollaig 2025An English version of this item is available here.

D’fhreastail ionadaithe de chuid Aonad Sonraí Oscailte na hÉireann sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, ar Cheardlann na Tairsí um Shonraí Eorpacha do Sholáthróirí Sonraí ar an 3 Nollaig in Tallinn na hEastóine.
Ba í Oifig Foilseachán an AE a d’eagraigh an cheardlann. Bhí cuir i láthair agus comhphlé ann ar an tírdhreach beartais san AE le haghaidh sonraí agus teicneolaíochta, ar threoirlínte agus dea-chleachtas i dtaobh Tacair Sonraí Ardluacha, ar phróiseas agus modheolaíocht measúnaithe aibíochta sonraí oscailte, agus ar thacar uirlisí nua atá beartaithe chun tionchar sonraí oscailte a thomhas.
Is é atá sa Tairseach um Shonraí Eorpacha ná pointe lárnach rochtana chuig sonraí oscailte ó thairseacha idirnáisiúnta, de chuid an AE, náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus geoshonraí – lena n-áirítear data.gov.ie. Is é atá beartaithe leis an Tairseach:
- go dtabharfadh sí rochtain ar shonraí oscailte Eorpacha agus go gcothódh sí a n-athúsáid i measc saoránach, gnólachtaí agus eagraíochtaí.
- go gcuirfeadh sí chun cinn agus go dtacódh sí le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus forais eile de chuid an AE agus tíortha de chuid na hEorpa níos mó meiteashonraí agus meiteashonraí ar chaighdeán níos airde a eisiúint, rud a chuirfeadh le trédhearcacht rialtais na hEorpa.
- go gcuirfeadh sí oideachas ar shaoránaigh agus eagraíochtaí maidir leis na deiseanna a eascraíonn as infhaighteacht na sonraí oscailte.
