COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ CHOIMISIÚN AN AE MAIDIR LE HATHBHREITHNIÚ AR AN TREOIR PSI

17 November 2017

An English version of this item is available here.

Comhairliúchán poiblí ar líne maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir PSI

 

Mar ullmhúchán don athbhreithniú ar an Treoir um Athúsáid Fhaisnéis na Seirbhíse Poiblí (PSI), tá comhairliúchán poiblí ar líne seolta ag an gCoimisiún Eorpach. Lorgaíonn sé tuairimí maidir le conas inrochtaineacht agus athúsáid sonraí poiblí agus sonraí arna mhaoiniú go poiblí a fheabhsú, agus déanann sé rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí atá i seilbh phríobháideach a bhfuil leas poiblí ag baint leo a mheas chomh maith.

 

Nasc leis an gComhairliúchán: https://data.europa.eu/ga/news-events/news/public-hearing-review-directive-re-use-psi

 

Tá an comhairliúchán seo roinnte ina thrí chuid:

  1. Baineann an chéad chuid le meastóireacht chur chun feidhme agus fheidhmiú chreat reachtúil reatha an AE maidir le hathúsáid sonraí rialtais.
  2. Breathnaíonn an dara cuid ar na feabhsuithe féideartha ar an gcreat seo don todhchaí.
  3. Is léiriú í an tríú cuid ar an bplé reatha maidir leis an bhféidearthacht ligean do chomhlachtaí san earnáil phoiblí sonraí atá i seilbh phríobháideach a rochtain agus a úsáid, cibé uair a thabharfadh leas poiblí údar leis seo.

Iarrtar ar gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear rialtais, sealbhóirí agus úsáideoirí sonraí san earnáil phoiblí, athúsáideoirí tráchtála agus neamhthráchtála, saineolaithe agus acadóirí chomh maith le saoránaigh a dtuairimí a chomhroinnt trí thairseach comhairliúcháin tiomnaithe an AE go dtí an 12 Nollaig 2017.