Deaiseanna Forthacair ar data.gov.ie anois

23 September 2025

An English version of this item is available here.

Déanann tairseach Sonraí Oscailte náisiúnta na hÉireann, data.gov.ie, níos inrochtana, géarchúisí, agus inghníomhaithe sonraí poiblí. Tá feidhm nua a dhéanann Forthacar Apache a chomhtháthú go díreach leis an ardán á chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach, ag cur cumais láidre deaise agus faisnéise gnó ar fáil. Go dtí seo, bhí data.gov.ie ina thaisclann shaibhir tacar sonraí, agus cé go bhfuil sonraí inaimsithe agus in-íoslódáilte anois mar thoradh air sin, is iad na deaiseanna forthacair todhchaí an léirshamhlaithe, ag cabhrú le húsáideoirí sonraí a aimsiú agus a thuiscint.

A bhuí le comhoibriú le Derilinx, d’éirigh linn Forthacar Apache a chomhtháthú le CKAN. Ciallaíonn an comhtháthú seo:

  • Gur féidir le húsáideoirí rochtain a fháil ar dheaiseanna cannaithe díreach ón tairseach.
  • Gur féidir le foilsitheoirí údaraithe léirshamhluithe a chruthú tríd an gcomhéadan féinseirbhíse a úsáid, gan ardscileanna teicniúla a bheith de dhíth orthu.
  • Gur féidir deaiseanna a leabú go díreach in data.gov.ie nó gur féidir rochtain a fháil orthu trí Chomhéadan Úsáideora (CÚ) Forthacair iomasach ar leith.

 

Is féidir iniúchadh dinimiciúil agus idirghníomhach a oireann go mór do thaighdeoirí, lucht déanta beartais, iriseoirí, agus saoránaigh a dhéanamh de bharr na ndeaiseanna seo. Is ar a inúsáidte atá Sonraí Oscailte a bhraitheann a láidreacht. Trí dheaiseanna Forthacair a leabú agus léirshamhlú fíor-ama a chumasú, tá data.gov.ie:

  • Ag cruthú inrochtaineacht níos fearr ar chinnteoireacht bunaithe ar shonraí.
  • Ag cumasú úsáideoirí le treochtaí, patrúin, agus léargais a fhiosrú gan amhshonraí a íoslódáil ná a phróiseáil.
  • Ag feabhsú trédhearcacht agus cuntasacht sonraí poiblí.

Is cuma más díograiseoir sonraí nó anailísí rialtais tú, aistríonn an fheidhm nua seo data.gov.ie ina mhol beo faisnéise sonraí.