OILIÚINT I SONRAÍ OSCAILTE – DÁTAÍ FHÓMHAR AGUS GHEIMHREADH 2024 AR FÁIL!

25 September 2024

An English version of this item is available here.

 

Tabhair do d’aire nach bhfuil na cúrsaí seo ar fáil ach i mBéarla amháin ar an drochuair.

 

Tá dátaí nua 2024 eisithe ag UrbanTide le haghaidh sé chúrsa oiliúna i Sonraí Oscailte do chomhlachtaí poiblí in Éirinn agus tá siad ar oscailt le haghaidh áirithintí trí Eventbrite.

I gcomhpháirt lena chéile, d’fhorbair Ollscoil na Gaillimhe agus UrbanTide SÉ chúrsa oiliúna úrnua do bhaill foirne na hearnála poiblí go léir in Éirinn!

Beidh na cúrsaí á reáchtáil AR LÍNE ach mar sin féin, tá súil againn oiliúint aghaidh-ar-aghaidh a chur ar fáil arís uair éigin i mbliana. 

Táimid ag tnúth leat a bheith páirteach inár n-oiliúint i Sonraí Oscailte mar chuid den tionscnamh iontach agus uaillmhianach Tionscnamh um Shonraí Oscailte na hÉireann.

cúrsaí agus dátaí in 2024 - CUIR IN ÁIRITHINT ANOIS!

General Introduction to Open Data - Forbair d’eolas agus do thuiscint ar céard atá i gceist le sonraí oscailte agus ar céard atá i gceist leis do shaoránaigh agus don earnáil phoiblí. 

  • Ar líne, lá amháin, €75
  • Dé Máirt, 5 Samhain 2024

 

Introduction to the Open Data Directive - Foghlaim faoi cad is gá do Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí a dhéanamh i ndiaidh thabhairt isteach Threoir nua an Aontais Eorpaigh maidir le Sonraí Oscailte, agus conas é a dhéanamh.

  • Ar líne, lá amháin, €96
  • Dé Céadaoin, 6 Samhain 2024

 

Open Data Audits & Data Publication - Forbair níos mó eolas praiticiúil faoi conas sonraí oscailte a fhoilsiú de réir na dTreoirlínte maidir le Sonraí Oscailte a Fhoilsiú.

  • Ar líne, dhá lá, €96
  • Dé Céadaoin, 13 Samhain agus Déardaoin, 14 Samhain 2024

 

Introduction to Data Analytics & Visualisation - Foghlaim conas oibriú le hanailísíocht chun léargas agus léirshamhluithe a mheallann a chruthú.

  • Ar líne, dhá lá, €160
  • Dé Céadaoin, 20 Samhain agus Déardaoin, 21 Samhain 2024

 

Data Anonymisation Techniques - Leis an anaithnidiú is féidir sonraí a fhoilsiú gan prionsabail maidir le cosaint sonraí a shárú trí dhíphearsanú agus trí chomhiomlánú. 

  • Ar líne, lá amháin, €160
  • Dé Céadaoin, 4 Nollaig 2024

 

Introduction to Linked Data - Dea-chleachtas molta chun píosaí sonraí a nochtadh, a chomhroinnt agus a nascadh.

  • Ar líne, leathlá, €160
  • Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair 2024
  • Déardaoin, 5 Nollaig 2024

 

 Coinnigh súil ar ár suíomh gréasáinagus lean muid ar Twitter i gcomhair an eolais is déanaí.

  

CUIR IN ÁIRITHINT ANOIS! ar Eventbrite 

Tuilleadh eolais agus áirithintí tríd an nasc Eventbrite thuas.

 

Oiliúint eagraíochta:

Más fearr leat oiliúint shaincheaptha laistigh d’eagraíocht féin, téigh i dteagmháil linn, agus bheimis fíor-shásta do riachtanais a phlé a thuilleadh leat.

 

Má tá aon cheisteanna agat, téigh i dteagmháil le Katy Aird ag training@urbantide.com

UrbanTide.com | @urbantide