Skip to content

Straitéis Sonraí Oscailte 2023-2027

An English version of this item is available here.

Rinne an Rialtas straitéis úr náisiúnta, Straitéis Sonraí Oscailte 2023-2027, a fhaomhadh agus foilsíodh go hoifigiúil í i mí na Samhna, 2023. Agus í ag cur leis an dul chun cinn suntasach a rinneadh ó cuireadh tús le Tionscnamh na Sonraí Oscailte in 2014 agus ón Straitéis Sonraí Oscailte roimhe seo ó 2017-2022, tá leagtha amach i Straitéis Sonraí Oscailte 2023 – 2027 treochlár cuimsitheach chun teacht i dtír ar acmhainneacht na sonraí oscailte chun an nuálaíocht agus an bunathrú a thiomáint in earnálacha éagsúla.

Faoi stiúir an Bhoird um Rialachas Sonraí Oscailte, chuaigh ionchur ó pháirtithe leasmhara éagsúla chun sochair don straitéis, lena n-áirítear ionadaithe de chuid lucht gnó, grúpaí sochaí sibhialta, taighdeoirí/an saol acadúil, leabharlannaithe/gairmithe faisnéise agus ó Ghrúpa Oibre na bhForas Poiblí ar Shonraí Oscailte. Foilsíodh an doiciméad boinn, Doiciméad Boinn um fhorbairt Straitéis Sonraí Oscailte na Seirbhíse Poiblí sa bhliain 2015, tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh ina leith. I mí an Mheithimh, 2017, le comhairliúchán poiblí gairid eile, tugadh deis eile do pháirtithe leasmhara a gcuid léargas a chur chun tosaigh.

 

Táthar tar éis gníomhartha a leagan amach sa Straitéis faoi Colúin:

 

  • Foilsitheoirí: Chun tacú le foilsitheoirí agus táirgeadh tacar sonraí ardluacha agus ardchaighdeáin atá freagrúil ar riachtanais úsáideora a bhrú chun cinn. Áireofar leis seo cur síos ar na buntáistí agus ar an bpríomhról a imríonn Sonraí Oscailte i gcinntí trédhearcacha agus bunaithe ar fhianaise.
  • Ardán: Chun éiceachóras rathúil Sonraí Oscailte a bhrú chun cinn, le tacaíocht ó ardán Sonraí Oscailte a bhfuil muinín ann, atá freagrúil ar riachtanais páirtithe leasmhara. Torthaí luachmhara d’úsáideoirí a sheachadadh, ag obair ag ardchaighdeáin rialachais agus cumarsáide oscailte.
  • Úsáideoirí: Chun tacú le páirtithe leasmhara ar fud gach earnála chun rochtain éasca a mhúnlú agus a fheabhsú ar fhoinsí Sonraí Oscailte a bhfuil muinín iontu agus iad a úsáid, chun tairbhe dá bpobail páirtithe leasmhara.

 

Cuireann an straitéis ar fáil creat le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh an tSeirbhís Phoiblí sna cúig bliana seo romhainn. Leagtar amach deiseanna ar thrí cholún chun cumhacht Sonraí Oscailte in Éirinn a scaoileadh. Cuirtear spriocanna treoracha ar fáil 1. d’fhoilsitheoirí sonraí, 2. le haghaidh an t-ardán Sonraí Oscailte a fhorbairt agus 3. d’úsáideoirí sonraí.

 

Colún 1 - Foilsitheoirí:

  • Tacair sonraí seirbhísí poiblí a mhapáil agus a innéacsú le bheith inaimsithe go héasca agus comhlíontach le formáidí caighdeánacha agus ceadúnais.
  • A éascú go bhfoilseofar níos mó sonraí ábhartha nach bhfuil ar fáil faoi láthair chun teacht le riachtanais sonraí páirtithe leasmhara.
  • A chinntiú go mbeidh minicíocht uaslódála tráthúil agus seasta do thacair sonraí foilsithe.
  • Luach agus tionchar Sonraí Oscailte a léiriú agus táscairí ratha a shainaithint chun fianaise a chur ar fáil ar an gcás gnó le haghaidh níos mó Sonraí Oscailte a úsáid.
  • Úsáid fíor-ama Sonraí Oscailte a chur chun cinn i gcomhlachtaí rialtais chun cinnteoireacht iomlán trédhearcach a fheabhsú. Tá sé lárnach do sholáthar na sprice seo oideachas a chur ar mhais chriticiúil de sheirbhísigh phoiblí maidir le straitéisí bainistíochta éifeachtaí sonraí.
  • Léargais aiseolais ar an gcleachtas is fearr a úsáid chun foghlaim uathu agus caighdeán agus raon na sonraí a fhoilsítear a bheachtú.
  • A chinntiú go bhfoilsítear tacair sonraí ardchaighdeáin agus ardluacha trí phobal cleachtais a thógáil trí rannpháirtíocht, oiliúint agus tacaíocht páirtithe leasmhara.
  • Níos mó soiléireachta a chur chun cinn i measc foilsitheoirí agus foilsitheoirí féideartha maidir le cén sonraí ba cheart dóibh a chur ar fáil mar Shonraí Oscailte.

 

Colún 2 - Ardán:

  • Ár n-ardán Sonraí Oscailte a nuashonrú chun cuardaigh níos fearr, grafaicí agus pearsantú feabhsaithe eispéiris a sheachadadh trí chomhoibriú éifeachtach le páirtithe leasmhara agus lúba aiseolais níos fearr.
  • Tuairiscí léargais ar ardchaighdeán a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí maidir le húsáid sonraí, ag tógáil eolas earnáilsonrach maidir le glacadh agus úsáid tacar sonraí luachmhar.
  • Ár gcreataí rialachais a neartú chun ardchaighdeáin a bhaint amach sa phríobháideachas, slándáil agus eitic chun muinín inár gcórais a fheabhsú.
  • Acmhainn agus ábaltacht ár n-éiceachórais Sonraí Oscailte a fhorbairt trí ócáidí páirtithe leasmhara, maoiniú agus deiseanna a chruthú le haghaidh líonraithe ar fud earnálacha.
  • Aitheantas a ardú ar an luach agus tionchar a chuireann Sonraí Oscailte ar fáil, chun na hacmhainní a theastaíonn chun a lánacmhainneacht a bhaint amach d’eagraíochtaí agus do phobail a ailíniú agus a dhaingniú. Tá sé ríthábhachtach tacú leis an líonra Oifigeach Teagmhála Sonraí Oscailte chun seo a dhéanamh ar an talamh ina n-eagraíochtaí féin.
  • Foghlaim an dea-chleachtas ó chomhpháirtithe agus pobail taighde idirnáisiúnta a chomhroinnt lenár n-ardán agus éiceachóras Sonraí Oscailte a fheabhsú agus a nuáil.

 

Colún 3 - Úsáideoirí:

  • Cumas léirshamhlaithe sonraí a thógáil laistigh dár dtairseach Sonraí Oscailte a fhágfaidh Sonraí Oscailte níos éasca a úsáid chun iad a aimsiú, a rochtain agus a thuiscint.
  • Deiseanna dár líonra úsáideoirí a óstáil chun foghlaim agus taithí a chomhroinnt.
  • Tacú le cumarsáid níos fearr, rannpháirtíocht agus ócáidí for-rochtana pobail.
  • Lúba aiseolais éifeachtacha a chruthú le grúpaí úsáideoirí agus pobail spéise chun a thuiscint conas is féidir le Sonraí Oscailte riar ar a riachtanais agus a n-eispéireas ar rochtain agus úsáid Sonraí Oscailte a fheabhsú.
  • Comhpháirtíochtaí comhoibríocha a éascú chun rannpháirtíocht úsáideoirí a neartú chun úsáid Sonraí Oscailte a chomhchruthú agus a mhéadú ar fud earnálacha agus inár bpobail.

 

Is éard is aidhm leis an straitéis seo ná cur lenar baineadh amach roimhe seo, bainistiú sonraí a fheabhsú agus tairbhí na sonraí oscailte a uasmhéadú d’Éirinn thar na cúig bliana atá romhainn agus ina dhiaidh sin. 

Le haghaidh níos mó sonraí, féach Preaseisiúint an Aire [Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil].