Skip to content

Treoir Maidir le Sonraí Oscailte

An English version of this item is available here.

Tugtar sainordú leis an Treoir maidir le Sonraí Oscailte chun sonraí ón earnáil phoiblí a scaoileadh i bhformáidí atá oscailte agus saor in aisce. Rinneadh an Treoir (an teideal iomlán: an Treoir maidir le Sonraí Oscailte, agus maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid) (AE) 2019/1024 a thrasuí i ndlí na hÉireann le I.R. Uimh. 376/2021 an 22 Iúil 2021. Is é cuspóir iomlán na Treorach geilleagar sonraí an Aontais Eorpaigh a neartú i rith an ama tríd an méid sonraí ón earnáil phoiblí atá ar fáil lena n-athúsáid a mhéadú, iomaíocht chóir agus rochtain éasca ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí a áirithiú, agus nuálaíocht trasteorann bunaithe ar shonraí a chur chun feabhais.

Is é príomhphrionsabal na Treorach gur cheart go mbeadh sonraí rialtais oscailte d’aon ghnó agus mar réamhshocrú.  Tá siad seo a leanas ar fhorálacha na Treorach:

  • Sonraí neamhphearsanta a scaoileadh i bhformáidí oscailte agus de réir caighdeáin oscailte.
  • Sonraí a chur ar fáil i bhfíor-am agus trí APInna (más féidir).
  • Rialacha nua maidir le muirearú — prionsabal is ea athúsáid saor in aisce.
  • Sonraí taighde a dhéantar le maoiniú poiblí a athúsáid.
  • Liosta de Thacair Shonraí Ardluacha (HVDanna) a leagan amach i nGníomh cur chun Feidhme.
  • Cosc a chur le gaibhniú sonraí; socruithe eisiacha a dhíspreagadh.
  • Sonraí atá i seilbh gnóthais phoiblí, ar nós fóntais phoiblí agus soláthraithe iompair, a athúsáid.

 

IARRATAÍ ATHÚSÁIDE

An raibh a fhios agat go raibh an ceart agat faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí a athúsáid, faoin Treoir maidir le Sonraí Oscailte?

Féadfaidh aon duine aonair nó eintiteas iarraidh a dhéanamh chuig comhlacht na hearnála poiblí chun doiciméid/sonraí a scaoileadh lena n-athúsáid. 

Ba cheart go gcuirfí in iúl go soiléir san iarraidh go bhfuil sí á déanamh faoin Treoir maidir le Sonraí Oscailte, agus maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid, ar a dtugtar an Treoir maidir le Sonraí Oscailte de ghnáth.  Foráiltear leis na Rialacháin maidir le Sonraí Oscailte lenar trasuíodh an Treoir i ndlí na hÉireann (I.R. Uimh. 376/2021) gur cheart do chomhlacht na hearnála poiblí freagra a thabhairt ar iarraidh ar Shonraí Oscailte:

  • laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil, 
  • laistigh de 40 lá oibre más iarraidh chasta atá i gceist.

Sa chás, mar gheall ar mhéid nó ar chastacht an iarratais, go nglacfaidh próiseáil níos faide ná 20 lá oibre ón tráth a bhfaightear an t-iarratas, comhairleoidh an comhlacht ábhartha de chuid na hearnála poiblí dá réir sin don té a chuireann isteach an t-iarratas laistigh de thrí seachtaine ó fuarthas an chéad iarratas. I dtosca mar sin, ba cheart don chomhlacht atá mar chuid den earnáil phoiblí an t-iarratas a fhreagairt ina iomláine laistigh de 40 lá oibre ón tráth a bhfuarthas an t-iarratas.   

ACHOMHAIRC

Mura mbíonn tú sásta le cinneadh an chomhlachta phoiblí faoi d’iarraidh, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise, is comhlacht achomharc neamhspleách ag a bhfuil an chumhacht cinneadh an chomhlachta phoiblí a dhearbhú, a chur ar neamhní nó a athrú.

CEADÚNAS SONRAÍ OSCAILTE

Beidh bunús na sonraí agus na meiteashonraí atá nasctha le data.gov.ie bainteach le Ceadúnas Sannta Creative Commons (CC-BY), ar a laghad.  Faoin gCeadúnas CC-BY, ní mór d’úsáideoirí foinse na Faisnéise a admháil ina dtáirge nó feidhmchlár. Sa chás nach gcuireann an Soláthraí Faisnéise ráiteas sannta sonrach, ba cheart go gcuirfeadh úsáideoirí an ráiteas sannta seo, nó nasc chuige, san áireamh: “Tá Sonraí Earnáil Phoiblí na hÉireann san áireamh arna gceadúnú faoi cheadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)”.

RIALACHÁIN

Iúil 2021 -  Ionstraim Reachtúil 376/2021 — Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Sonraí Oscailte agus Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid), 2021

Meitheamh 2019 - Treoir (AE) 2019/1024 maidir le Sonraí Oscailte, agus maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid (an Treoir maidir le Sonraí Oscailte)

TREOIR PSI

Bhí an Treoir maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí (PSI) a Athúsáid i bhfeidhm roimh an Treoir maidir le Sonraí Oscailte.  Cuireadh an Treoir maidir le Sonraí Oscailte in ionad Threoir PSI.

TREORACHA AGUS CIORCLÁIN

Ciorclán 20/2021 — an Treoir maidir le Sonraí Oscailte