Déantar réimse cuimsitheach faisnéise a chruinniú agus a fhoilsiú gach ráithe faoi na cistí infheistíochta cónaitheacha ar fad in Éirinn. Sonraítear stoc agus idirbhearta go mion sa phríomhthacar sonraí le faisnéis, i ndáil le sócmhainní agus dliteanais na gcistí, faoin scála, comhdhéanamh, agus na réimsí tíreolaíochta nó earnála a bheadh le tabhairt san áireamh ina leith. Cuirtear sonraí faoi chistí ar aghaidh chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach mar ghné den lón staidrimh acusan i ndáil le comhardú íocaíochtaí agus cuntais náisiúnta in Éirinn agus sa limistéar euro. Is bunábhar tábhachtach na sonraí chomh maith maidir leis an tomhas ar chúlbhaincéireacht bunaithe ar shainmhíniú an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais ina leith sin.