An English version of this item is available here.
SONRAÍ 3-RÉALTA AR DATA.GOV.IE
Tá sé d’aidhm leis an gCáipéis Bhunaidh chun Straitéis Sonraí Oscailte na Seirbhíse Poiblí a fhorbairt ná timpeallacht a chruthú, trí shonraí Rialtais a oscailt, ina ndéanfadh forais phoiblí, gnólachtaí, taighdeoirí agus saoránaigh níos mó deiseanna le haghaidh taighde, nuálaíochta, trédhearcachta, rannpháirteachais agus níos mó éifeachtúlachta a sheachadadh agus a réadú. Tá sé ríthábhachtach, dá réir sin, go ndéanfaí tacair sonraí ardchaighdeáin a oscailt ar data.gov.ie ar bhealach oscailte in-athúsáidte.
Le Creat Teicniúil na Sonraí Oscailte, soláthraítear treoir ar na gnéithe praiticiúla a bhaineann le Sonraí Oscailte a fhoilsiú, rud a chinntíonn go ndéantar tacair sonraí a fhoilsiú ar data.gov.ie ar bhealach comhsheasmhach dianseasmhach fíor-oscailte. Áirítear anseo, a chinntiú:
COMHÉADAN FEIDHMCHLÁIR (API) DATA.GOV.IE
Úsáideadh CKAN 2.9 le data.gov.ie a thógáil, rud a fhágann go bhfuil Comhéadan Feidhmchláir cumhachtach ann a ligeann d’fhorbróirí tacair sonraí, grúpaí nó oibiachtaí CKAN eile a aisghabháil agus a ligeann dóibh tacair sonraí a chuardach. Tá doiciméadacht iomlán do API CKAN ar fáil ar líne.
GLAONNA SAMPLACHA API
Faigh liostaí JSON-formáidithe de na tacair sonraí nó oibiachtaí CKAN eile a bheadh ag suíomh:
data.gov.ie/api/3/action/package_list
data.gov.ie/api/3/action/tag_list
Faigh léiriú iomlán JSON de thacar sonraí, d’acmhainn nó d’oibiacht eile:
data.gov.ie/api/3/action/package_show?id=the-walled-towns-of-ireland
data.gov.ie/api/3/action/tag_show?id=marine
Cuardaigh pacáistí nó acmhainní a mheaitseálfadh iarratas:
data.gov.ie/api/3/action/package_search?q=museum
data.gov.ie/api/3/action/resource_search?query=name:The%20Walled%20Towns%20of%20Ireland
MOLTAÍ MAIDIR LE TACAIR SONRAÍ
Ceapadh data.gov.ie le rochtain éasca a chur ar fáil ar thacair sonraí atá saor in aisce lena n-úsáid, a athúsáid, agus a athdháileadh. Más mian leat tacar sonraí nua a d’fhéadfaí a fhoilsiú a mholadh, nó má tá aon mholtaí agat i dtaca le bealaí le rochtain ar thacair sonraí atá ann cheana a fheabhsú d’fhorbróirí, téigh, le do thoil, chuig an leathanach ‘Mol Tacar Sonraí’.
TÁ FÁIL ANOIS AR CHÓD FOINSEACH DATA.GOV.IE!
Is féidir an cód foinseach don bhreiseán CKAN data.gov.ie a aimsiú anseo.
Is breiseán é seo ar CKAN agus Drupal lena soláthraítear oiriúnuithe a bhaineann go sainiúil le tionscadal data.gov.ie, bunaithe ar obair de chuid an tionscadail data.gov.uk.
Ar na breiseáin CKAN bhainteacha eile atá in úsáid ar data.gov.ie, tá:
Faigh an cód foinseach ar Github [Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil]
The Open Data Unit values your feedback, questions or comments. We are always delighted to hear from you.
We use cookies to provide login services for authorized users, feedback between web requests, and to record your cookie preferences
You can change your settings at any time, including withdrawing your consent, by going to the Privacy Policy page of this site.