Comhdháil Náisiúnta um Shonraí Oscailte 2026

1 October 2026

An English version of this item is available here.


Fillfidh  Comhdháil Náisiúnta na Sonraí Oscailte an phríomhchomhdháil sa réimse seo, i mí na Samhna 2026 chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le sonraí oscailte tacú le hÉirinn atá níos sonraíbhunaithe, níos trédhearcaí agus níos cumasaithe ó thaobh cúrsaí digiteacha de.

Déanfar plé ag an gcomhdháil faoin ról atá ag sonraí oscailte mar bhonneagar digiteach ríthábhachtach chun muinín an phobail a neartú, tacú le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, seirbhísí poiblí digiteacha nua-aimseartha a chumasú, agus nuálaíocht a spreagadh thar réimse leathan earnálacha, lena n-áirítear an taighde, an tionscal agus an beartas poiblí.

Ag tógáil ar na deiseanna a chruthaíonn teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga (IS), ar fhorbairtí i réimse bheartas digiteach na hEorpa agus ar an Straitéis Sonraí don tSeirbhís Phoiblí atá le foilsiú, tabharfaidh an chomhdháil geallsealbhóirí ó réimse leathan de na hearnálacha poiblí agus príobháideacha le chéile chun tionchar na sonraí oscailte a léiriú, pléití tábhachtacha a spreagadh agus cás-staidéir phraiticiúla a chur i láthair.

Tá clár na comhdhála ar fáil anois agus is féidir é a íoslódáil thíos. Áirítear ar an gclár cur i láthair agus plé painéil maidir le Sonraí Oscailte ar mhaithe le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr, Sonraí Oscailte ar mhaithe le Tionchar agus Sonraí Oscailte ar mhaithe le Claochlú, agus beidh cainteoirí ó Éirinn, an Fhrainc, an tAontas Eorpach, an saol acadúil agus an tionscal páirteach iontu. 

Íoslódáil: Comhdháil Náisiúnta Sonraí Oscailte 2026 – Clár

Is trí mheán an Bhéarla amháin a reáchtálfar Comhdháil Náisiúnta Sonraí Oscailte 2026.

Roinnfear leathanach clárúcháin na hócáide le líonraí ábhartha agus cuirfear nasc rochtana ar líne ar fáil ar an leathanach seo go luath.