Shainghrúpa maidir le Sonraí Rialtais Oscailte an ECFE

22 Deireadh Fómhair 2024

An English version of this item is available here.

Meitheal Oifigigh Shinsearacha an Rialtais Dhigitigh (Ríomh-Cheannairí) 10ú Cruinniú den Shainghrúpa maidir le Sonraí Rialtais Oscailte

Ceanncheathrú na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE), Páras, an Fhrainc. 4 Deireadh Fómhair 2024.

D'fhreastail Foireann Sonraí Oscailte na hÉireann ar chruinniú spreagúil faisnéiseach de Shainghrúpa ECFE ar Shonraí Rialtais Oscailte a tionóladh i gCeanncheathrú ECFE i bPáras, an Fhrainc. Ba í Stiúrthóireacht ECFE um Rialachas Poiblí a d’óstáil an t-imeacht sin.

Thug Janos Bertok an t-aitheasc tosaigh, Leas-Stiúrthóir, agus Barbara Ubaldi, Leas-Cheann an Rannáin agus ceann an Aonaid um Rialtas Digiteach, an bheirt acu de chuid na Stiúrthóireachta um Rialachas Poiblí. Dhírigh an cruinniú ansin ar na príomhléargais ó Innéacs OURdata 2023, a bhfuil 600 pointe sonraí ann agus a raibh Éire sa séú háit as 36 thír ECFE agus as 4 thír ar iarrthóirí iad. Is anailís chuimsitheach í Innéacs Sonraí Oscailte, Úsáideacha agus Ath-inúsáidte ECFE (OURdata) ar bheartais sonraí oscailte ar fud Thíortha ECFE. Díríonn sé ar thrí phríomhcholún: infhaighteacht sonraí, inrochtaineacht sonraí, agus tacaíocht rialtais d'athúsáid sonraí. Leagtar béim san innéacs ar thábhacht mhéadaitheach na Sonraí Oscailte maidir le nuálaíocht, rannpháirtíocht dhaonlathach agus ceapadh beartas a chur chun cinn. Leag ECFE béim ar Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte na hÉireann agus mhol é mar eiseamláir ar an gcaoi ar féidir le hathúsáid Sonraí Oscailte tionchar a imirt. Tugadh suntas ar leith don tionscadal ar Chaighdeán an Aeir de chuid Bhaile Átha Cliath Chliste, a rinneadh i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Google. Tá 31% de na tacair sonraí a bhaineann le cuideachtaí ar fáil ar fud Thíortha ECFE de réir thorthaí Innéacs OURdata 2023. Sonraíonn sin an bhearna in infhaighteacht Sonraí Oscailte, toisc nach bhfuil formhór na dtacar sonraí sin inrochtana ar fad. Leagtar béim san innéacs ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí chun nuálaíocht, trédhearcacht agus cinnteoireacht eolasach a chothú. Trí níos mó sonraí a bhaineann le cuideachta a dhéanamh inrochtana go hoscailte, is féidir le rialtais léargais ghnó, taighde eacnamaíoch agus muinín an phobail a fheabhsú. Tá Cuideachtaí agus Úinéireacht Cuideachta ar cheann de na sé chatagóir théamacha de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún ón 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair shonracha ardluacha sonraí agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid.

Dhírigh an cruinniú ansin ar an gcaoi a dtéann dul chun cinn maidir le himscaradh agus úsáid IS san earnáil phoiblí i bhfeidhm ar shonraí na hearnála poiblí agus ar bheartais Sonraí Oscailte. Chualamar ón bhFoireann Pleanála Sonraí Oscailte i nGníomhaireacht Náisiúnta na Sochaí Faisnéise sa Chóiré faoi oibreacha atá á ndéanamh ar leibhéal Náisiúnta.

Áiríodh ar na samplaí sin

  • An luach a fhágann siad ar Shonraí Oscailte,
  • An dul chun cinn atá á ndéanamh acu san Intleacht Shaorga,
  • An tacaíocht a fhaigheann siad ó pholaiteoirí agus institiúidí polaitíochta agus
  • Samhail Anailíse Gutha na Cóiré.

Thug an Fhrainc, mar aon leis an Danmhairg, suntas don chaoi a ndéantar a dTairseacha Náisiúnta Sonraí Oscailte agus a gCatalóga Sonraí Earnála Poiblí araon a chomhcheangal in aon chomhéadan amháin. Pléadh Tacair Sonraí Ardluacha (HVDanna) don aistriú glas freisin, bhí sé suimiúil a thabhairt faoi deara go bhfuil 6 chatagóir HVD ag an ECFE, agus tá 4 cinn acu mar an gcéanna leis na 6 chatagóir HVD Eorpacha.  Bhí cuir i láthair ón gCóiré Theas, ón bhFrainc agus ón Ríocht Aontaithe maidir lena nGníomhaíochtaí Sonraí Rialtais Oscailte agus ó ECFE, agus ón gCairt um Shonraí Oscailte.  Seolfar Tuarascáil Dhomhanda IS de chuid ECFE do 2025 an bhliain seo chugainn chun comhlíontacht phrionsabail IS bunaithe ar luachanna de chuid ECFE a rianú. Cuirfear cuid d’Innéacs OURdata 2023 san áireamh sna scóir a fhaigheann na ballstáit don tuarascáil sin.

Roimh dheireadh an chruinnithe, phléigh na toscairí tosaíochtaí an tSainghrúpa amach anseo bunaithe ar ár dtosaíochtaí náisiúnta, torthaí Innéacs OURdata 2023, agus forbairtí tapa i réimsí amhail sonraí rialtais, IS agus an rialtas digiteach.