Skip to content

Ceadúnas Sonraí Oscailte

An English version of this item is available here.

STÁDAS DOICIMÉID

Roghnaíodh an ceadúnas Sonraí Oscailte tar éis comhairliúchán poiblí, a reáchtáladh i mí Feabhra agus Márta 2015. Tá gach aighneacht a fuarthas ar fáil ar líne.

FORLÉARGAS

Le go measfar Tacar Sonraí mar Shonraí Oscailte, ní mór dó a bheith bainteach le Ceadúnas Oscailte.

Tá treoirlínte eisithe ag an gCoimisiún Eorpach, mar chuid dá obair leanúnach i leith na Treorach PSI, maidir le ceadúnais mholta agus tacair sonraí. Spreagann na treoirlínte seo “úsáid ceadúnais oscailte, ar cheart dóibh a bheith ina gcleachtas coitianta ar fud an Aontais amach anseo”.

Tar éis comhairliúchán poiblí ar roghanna do Cheadúnas Sonraí Oscailte na hÉireann, fuarthas 14 fhreagairt. Bhí tacaíocht láidir ann ó fhreagróirí d’úsáid an cheadúnais Sannta Creative Commons (CC-BY). Ligeann an ceadúnas seo do dhaoine eile sonraí a dháileadh, a athmheascadh, a mhionathrú, agus tógáil orthu, fiú ó thaobh tráchtála de, a fhad is go n-aithníonn siad an bunsamhaltóir as an gcruthú bunaidh. Moltar CC-BY le haghaidh scaipeadh uasta agus úsáid ábhar ceadúnaithe. Áirítear ráiteas ceadúnais agus ráitis séanta mholta sa Chreat Teicniúil um Shonraí Oscailte agus ba cheart é a úsáid faoin Tionscnamh Sonraí Oscailte.

MOLTAÍ

Beidh sonraí agus meiteashonraí uile atá nasctha le data.gov.ie bainteach le Ceadúnas Sannta Creative Commons (CC-BY), ar a laghad. Féadfaidh comhlachtaí poiblí cóipcheart a tharscaoileadh agus tacair sonraí a chomhcheangal le CC0, má mheastar go mbeadh sin oiriúnach.

Ba cheart an ceadúnas a shainaithint go soiléir sna meiteashonraí. Ní fhéadfar ach tacair sonraí atá bainteach leis an gCeadúnas Sonraí Oscailte molta a bheith san áireamh ar data.gov.ie. San idirlinn, féadfar tacair sonraí atá bainteach go soiléir le ceadúnas eile, amhail an Cheadúnais PSI, a nascadh leis an tairseach Sonraí Oscailte a fhad is go dtugtar gealltanas an ceadúnas Caighdeáin Oscailte a úsáid laistigh den tréimhse lenar glacadh.

RÁITEAS CEADÚNAIS

Faoin gCeadúnas CC-BY, ní mór d’úsáideoirí foinse na Faisnéise a admháil ina dtáirge nó feidhmchlár. Sa chás nach gcuireann an Soláthraí Faisnéise ráiteas sannta sonrach, ba cheart go gcuirfeadh úsáideoirí an ráiteas sannta seo, nó nasc chuige, san áireamh: “Tá Sonraí Earnáil Phoiblí na hÉireann san áireamh arna gceadúnú faoi cheadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)”.

SANNADH IOLRACH

Má úsáidtear sonraí ó roinnt Soláthraithe Faisnéise agus mura bhfuil sé praiticiúil sannadh iolrach a liostú i dtáirge nó i bhfeidhmchlár, féadfaidh úsáideoirí UR nó hipearnasc chuig acmhainn ina bhfuil na ráitis sannta riachtanacha a úsáid.

SÉANADH

Foilsítear na sonraí uile atá nasctha leis an tairseach Sonraí Oscailte “mar atá”. Déantar an Fhaisnéis a cheadúnú ‘mar atá’ agus fágann an Soláthraí agus/nó Ceadúnóir Faisnéise as an áireamh gach uiríoll, baránta, oibleagáid agus dliteanas maidir leis an bhFaisnéis go dtí an méid uasta a cheadaítear faoin dlí.

Níl an Soláthraí agus/nó Ceadúnóir Faisnéise faoi dhliteanas as aon earráidí nó easnaimh san Fhaisnéis agus ní bheidh siad faoi dhliteanas as aon chaillteanas, gortú nó damáiste de chineál ar bith a eascraíonn óna húsáid. Ní thugann an Soláthraí Faisnéise aon ráthaíocht go leanfar ar aghaidh ag soláthar na Faisnéise.

DÍOLÚINTÍ

Ní chlúdaíonn an ceadúnas seo sonraí pearsanta san fhaisnéis. Ní chlúdaíonn sé ach oiread cearta tríú páirtí (lena n-áirítear paitinní, cóipcheart, cearta bunachair sonraí nó trádmharcanna, ach gan a bheith teoranta dóibh).

FAISNÉIS NA HEARNÁLA POIBLÍ (PSI)

Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise ar PSI.