Athbhreithniú ar Chreat Teicniúil na hÉireann um Shonraí Oscailte

Foilsíodh an Creat Teicniúil um Shonraí Oscailte i mí an Mheithimh 2015 agus tá sé ar fáil ag https://data.gov.ie/pages/opendatatechnicalframework. Is é Grúpa Oibre na gComhlachtaí Poiblí (PBWG) um Shonraí Oscailte a d’ullmhaigh an doiciméad.

Sa Chreat Teicniúil um Shonraí Oscailte leagadh amach na heilimintí teicniúla atá beartaithe a thacaíonn le cur chun feidhme leanúnach an Tionscnaimh um Shonraí Oscailte. Rinneadh deimhin leis go ndearnadh tacar sonraí ar an Tairseach Sonraí Oscailte, https://data.gov.ie, a fhoilisú ar bhealach comhsheasmhach, leanúnach agus fíor-oscailte.

Bhí cúig cuid lárnacha sa Chreat Teicniúil um Shonraí Oscailte:

  1. Ceadúnas um Shonraí Oscailte

  2. Formáidí Inmholta le haghaidh Sonraí Oscailte

  3. Scéimre Meiteashonraí Molta le haghaidh Sonraí Oscailte

  4. Caighdeáin Mholta le haghaidh Sonraí Oscailte

  5. Aitheantóirí acmhainní uathúla

Ó 2015 i leith, rinneadh dul chun cinn suntasach i réimse na Sonraí Oscailte agus i bhfearainn gaolmhara leis, sa mheaisínfhoghlaim, mar shampla, san intleacht shaorga agus in idirlíon na rudaí nithiúla. Tá cineálacha nua sonraí á nginiúint agus á mbailiú faoi láthair, agus tá na teicneolaíochtaí chun sonraí a anailísiú, a shaothrú agus a phróiseáil ag athrú ó bhonn an t-am ar fad. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na hathruithe seo, agus leanúint ar aghaidh ag tacú le treoirlínte praiticiúla d’fhoilsitheoirí sonraí, agus dá soláthar freisin, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar Chreat Teicniúil Sonraí Oscailte na hÉireann. I leagan 2 den doiciméad seo, na Treoirlínte Praiticiúla um Foilseachán Sonraí Oscailte, leagfar amach samhail shoiléir ar na comhpháirteanna teicniúla atá molta chun Sonraí Oscailte a fhoilsiú, ag cur leis an mbunsraith láidir a cuireadh ar fáil leis an gCreat Teicniúil ar fáil. Ar an mbealach seo, leanfar leis an inrochtaineacht, an infhionntacht agus an athúsáid a dheimhniú leis na Treoirlínte.