Mear-Threoir

Seo a leanas achoimre ar an gcaoi ar féidir na Treoirlínte Foilseacháin um Shonraí Oscailte a chur i bhfeidhm, agus béim curtha ann ar chuid de na dúshláin choitianta atá le tabhairt ag foilsitheoirí ionchasacha.

Ar dtús, beidh foilsitheoirí ag iarraidh na tacair sonraí atá le foilsiú mar Sonraí Oscailte a shainaithint.

Chun cabhrú le tuiscint a fháil ar cad is tacar sonraí ardluacha ann, féach ar Threoirlíne 1: Tacair Shonraí Ardluacha a Fhoilsiú. Chun treoir a fháil maidir le conas treochlár a ullmhú do d’eagraíocht féin, féach Treoirlíne3: Treochlár Foilsitheoireachta um Shonraí Oscailte a chur i bhfeidhm.

Is dúshlán coitianta é seo, mar is féidir tacair sonraí a chruthú agus a bhainistiú in aon cheann de na haonaid ar fud eagraíochta. Is annamh a bheadh aon duine amháin in ann gach uile thacar sonraí a fheiceáil. Chomh maith leis sin, cé gur féidir le foirne teicniúla na sonraí a phróiseáil, is minic gurb iad foirne gnó a úsáideann na sonraí agus a bhíonn in ann iad a thuiscint. Dá bhrí sin, is féidir iniúchtaí sonraí a dhéanamh d’fhonn tuiscint níos fearr a bheith againn ar ghabháltais sonraí d’eagraíochta. Is féidir tús a chur leis seo le liosta simplí de na tacair sonraí atá á mbainistiú ag an aonad, nó cur síos mionsonraithe ar na tacair sonraí go léir i ngach uile aonad. Chun níos mó a fháil amach faoi conas iniúchadh sonraí a dhéanamh, féach Treoirlíne 2: Iniúchtaí Sonraí a Dhéanamh.

Chun níos mó faisnéise a fháil ar fhormáidí sonraí, féach Treoirlíne 11: Sonraí a Fhoilsiú i bhFormáidí Oscailte. Más mian leat níos mó a fháil amach faoi APIanna, faoi rochtain ar shonraí dinimiciúla a chur ar fáil, agus faoi shonraí stairiúla a fhoilsiú, féach Treoirlíne 12: Tacair Shonraí Stairiúla a Fhoilsiú, Treoirlíne 13: Rochtain a sholáthar ar Shonraí Dinimiciúla, agus Treoirlíne 14: Sonraí a Fhoilsiú trí APIanna. Tá sé riachtanach sonraí a cheangal le ceadúnas oscailte freisin chun a chur in iúl go soiléir d’úsáideoirí cad atá incheadaithe dóibh a dhéanamh leis na sonraí. Chun níos mó faisnéise a fháil ar an gceadúnú, féach Treoirlíne 4: Sonraí Comhlachaithe le Ceadúnas Sonraí Oscailte.

Gan aon amhras ar bith, tuigeann na saineolaithe fearainn atá ag obair le sonraí na sonraí ar leith atá i gceist níos fearr ná aon duine eile. Ní fágann sé sin, áfach, nach féidir luach a bheith ag na sonraí sin lasmuigh den chás úsáide ar leith. Is féidir a lán feidhmeanna ag Sonraí Oscailte lasmuigh de na cinn a bhí tuartha dóibh ag an tráth ar bailíodh iad den chéad dul síos. Chun cabhrú le húsáideoirí ionchasacha na sonraí a thuiscint go hiomlán, tá sé tábhachtach an oiread faisnéise comhthéacsúla agus tuairisciúla faoi na sonraí a sholáthar. Chun níos mó a fháil amach, féach Treoirlínte 5: Meiteashonraí Cuimsitheacha a sholáthar, Treoirlíne 6: Meiteashonraí Cruinne Achair Ama a sholáthar, Treoirlíne 8: Geoshuíomh Sonraí a Chumasú, Treoirlíne 9: Sonraí Gráinneacha a Sholáthar, agus Treoirlíne 10: Doiciméid don Tacar Sonraí a Comhlonnú.

Eascraíonn idir-inoibritheacht as caighdeáin sonraí a úsáid, i.e. bealaí coitianta chun coincheapa a thuairisciú i do tacar sonraí. Le haghaidh tuilleadh treorach maidir le hidir-inoibritheacht do chuid sonraí a fheabhsú, féach ar Threoirlíne 15: Úsáid Caighdeáin Sonraí, Treoirlíne 16: Úsáid Aitheantóirí Iontaofa chun Nasc a chur le Tacar Sonraí, agus Treoirlíne 18: Sainaithin Tacair Sonraí Gaolmhara

Tá sé ar cheann de na fadhbanna is coitianta maidir le Sonraí Oscailte ná go bhfuil siad as dáta. Chun chur leis an muinín i measc na n-úsáideoirí, is gá tacair sonraí a choinneáil suas le dáta agus ba cheart go mbeadh gach nasc ag obair. Chun níos mó a fháil amach faoi conas Sonraí Oscailte a chothabháil, léigh Treoirlíne 7: A chinntiú go bhfuil na sonraí cothrom le dáta agus Treoirlíne 17: A chinntiú go bhfuil URLanna na dtacar sonraí ag Feidhmiú.

Tá go leor bealaí ann chun tuiscint a fháil ar riachtanais an úsáideora, agus chun an úsáid sonraí a thomhas freisin. Má tá a fhios agat cé hiad na húsáideoirí atá agat, is féidir leat oibriú go díreach leo ag imeachtaí duine le duine, nó ar líne trí na meáin shóisialta nó ar fhóraim úsáideoirí. Tá roinnt gnéithe ar data.gov.ie freisin a chabhróidh le riachtanais an úsáideora agus rochtain tacar sonraí araon a thomhas freisin. Chun níos mó a fháil amach faoi conas dul i dteagmháil le húsáideoirí agus an t-éileamh a thuiscint, féach Treoirlíne 19: Tacú le húsáideoirí Neamhtheicniúla chun na Sonraí a Thuiscint, Treoirlíne 20: Comhoibriú le Pobal na n-Úsáideoirí, Treoirlíne 21: Tabhair Samplaí de na Sonraí atá in Úsáid, agus Treoirlíne 22: Úsáid Sonraí a Thomhas.