Cuspóir na dTreoirlínte um Fhoilsiú Sonraí Oscailte

Ón tráth ar bunaíodh Tionscnamh um Shonraí Oscailte na hÉireann agus seoladh an Catalóg Sonraí Oscailte data.gov.ie, tá níos mó agus níos mó tacar sonraí á bhfoilsiú an t-am ar fad, agus fágann sé sin dá bharr go bhfuil rochtain mhéadaithe ar an bhfaisnéis d’úsáideoirí.

Cé go dtacaíonn soláthar sonraí ina bhfoirm amh le hathúsáid sonraí d’fheidhmchláir éagsúla, tá bealaí éagsúla ann a d’fhéadfaí foilsiú sonraí a bheachtú agus a fheabhsú chun tuiscint, úsáid ionchasach agus tionchar foriomlán na faisnéise a mhéadú. Sin é an fáth go bhfuiltear ag díriú, sna Treoirlínte seo maidir le Foilsiú Sonraí Oscailte, ar moladh a thabhairt maidir leis an dea-chleachtas lena ndéanfar:

  • infhionntacht agus inrochtaineacht sonraí a chinntiú,

  • daoine a chumhachtú chun sonraí a thuiscint agus a úsáid,

  • tacú le trédhearcacht mhéadaithe sa tseirbhís phoiblí,

  • an chinnteoireacht agus an nuálaíocht fianaisebhunaithe a chur ar aghaidh,

  • agus tionchar intomhaiste a chumasú.

Is éard atá i gCatalóg Sonraí Oscailte modh chun sonraí a fhoilsiú agus a roinnt leo siúd a bhfuil sé de teastáil uathu, agus bealach a chur ar fail leis chomh maith chun raon níos leithne tacar sonraí a fhionnachtain. Dá bhrí sin, ba cheart go gcomhlíonfadh na sonraí a fhoilsítear ar Thairseacha Sonraí Oscailte go príomha riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh faisnéis a fháil, a thuiscint agus rochtain a fháil uirthi. De réir an chur chuige seo atá dírithe ar an úsáideoir, tá gach ceann de na treoirlínte ceangailte le sochar / sochair shonracha a sheachadadh d’úsáideoirí Sonraí Oscailte.