Skip to content

Ballraíocht an Bhoird um Rialachas Sonraí Oscailte

An English version of this item is available here.

Nótaí Beathaisnéise do Chomhaltaí an Bhoird um Rialachas Sonraí Oscailte (ODGB)

Aoife Sexton (Cathaoirleach)

Is Príomhoifigeach Príobháideachta agus Ceannasaí Nuálaíochta Táirgí ag Trūata í Aoife. Bhunaigh Mastercard agus IBM Trūata in 2018, agus is soláthróir réiteach cosanta sonraí a chuireann ar a gcumhacht d’eagraíochtaí níos mó a dhéanamh lena sonraí ar scála. Tá freagracht ar Aoife as na feidhmeanna laistigh den eagraíocht a bhaineann le hEolaíocht Sonraí, Príobháideacht agus Táirge.

Maidir lena cúlra, is dlíodóir teicneolaíochta agus príobháideachta í a bhfuil 25 bliana de thaithí aici ag obair i agus le cuideachtaí Éireannacha san earnáil teicneolaíochta. Is céimí í Aoife den Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (BCL) agus Coláiste na hEorpa, an Bheilg. Is Comhalta í den Bhord Comhairleach Eorpach den Chumann Idirnáisiúnta Gairmithe Príobháideachta agus tá deimhniú CIPP/E aici. Is léachtóir dlí cosanta sonraí í i scoil dlí Dhlí-Chumann na hÉireann chomh maith lena chúrsaí iarchéime ar an dlí um chosaint sonraí agus an teicneolaíocht.

 

Andrew O’Sullivan
Chuaigh an tUasal O’Sullivan isteach sa Gharda Síochána ón bPríomh-Oifig Staidrimh mar a raibh sé ina Ard-Stiúrthóir Cúnta agus ina Phríomhoifigeach Faisnéise ó 2016. Roimhe sin bhí a ghairm sa tionscal teicneolaíochta, ina raibh a phost is deireanaí mar Phríomhoifigeach Faisnéise do Citibank Europe, agus roimhe sin le Microsoft, IONA Technologies agus Fujitsu. Tá an tUasal O’Sullivan ina chathaoirleach ar fhorbairt Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí mar chomhalta de Bhord Comhairleach TFC an Rialtais, agus is comhalta é freisin de Bhord an Rialtais um Rialachas Sonraí Oscailte. Sa Gharda Síochána tá freagracht fhoriomlán aige as teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide. Cuimsíonn a ról freisin ról an Phríomhoifigigh Sonraí le freagracht as luach agus cáilíocht shonraí an Gharda a chinntiú don phóilíneacht ar an líne thosaigh, staidreamh oifigiúil, páirtithe leasmhara Rialtais agus saoránaigh/cónaitheoirí. Tá céimeanna ag Andrew san Eolaíocht Ríomhaireachta, Bainistíocht Innealtóireachta agus Staidreamh ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

 

Barry Lowry, Príomh-Oifigeach Faisnéise, Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais

Tá Barry Lowry ina Phríomh-Oifigeach Faisnéise do Rialtas na hÉireann ó Aibreán 2016 i leith, arb é a phríomhthasc Straitéisí TFC na Seirbhíse Poiblí agus r-Rialtais a thabhairt chun tosaigh. Leagtar amach iontu seo uaillmhianta maidir le húsáid seirbhísí comhroinnte, seirbhísí digiteacha agus sonraí a fhorbairt chun freastal níos fearr ar mhuintir na hÉireann agus a chinntiú go bhfuil Éire in áit mhaith chun tairbhe a bhaint as tionscnaimh Eorpacha, amhail an Margadh Aonair Digiteach. Roimhe seo ba é Barry an Stiúrthóir le haghaidh Seirbhísí Comhroinnte agus Straitéis Theicneolaíocht na Faisnéise, agus Ceannasaí Ghairm Theicneolaíocht na Faisnéise i Státseirbhís Thuaisceart Éireann. Is comhalta de Chumainn Ríomhaire na hÉireann agus na Breataine agus is iarbhuaiteoir an ghradaim Gairmí Theicneolaíocht Faisnéise na bliana de chuid BCS Thuaisceart Éireann é.

 

An Dr Adegboyega Ojo

Is Ollamh Comhlach le Bainistíocht agus Córais Faisnéise Rialtais é Adegboyega Ojo i Scoil Ghnó Ollscoil Mhá Nuad. Sular ceapadh é in Ollscoil Mhá Nuad, ba é Comhalta Taighde Sinsearach agus Ceannasaí an Aonaid r-Rialtais ag an Institiúid Eolaíochta Sonraí, OÉ Gaillimh.  D’oibrigh sé freisin ag an Ionad le haghaidh Rialachas Leictreonach, Ollscoil na Náisiún Aontaithe i Sainréigiún Riaracháin Macao, an tSín, mar ar thacaigh sé le rialtais san Afraic, san Áise, agus sa Mheiriceá Laidineach. D’fhoilsigh Adegboyega go fairsing sna réimsí sonraí oscailte, ríomh-rannpháirtíocht, straitéis r-rialtais agus ailtireacht, agus cathracha cliste. Ina thaighde reatha fiosraítear coinníollacha le haghaidh glacadh éifeachtach na nuálaíochta arna brú chun cinn ag sonraí agus réitigh bunaithe ar Intleacht Shaorga i rialtas agus sa tsochaí.

 

An tUasal Martin Quigley

Tá níos mó ná 15 bliana de thaithí ag Martin Quigley san earnáil phoiblí, sheachbhrabúsach agus shóisialta. Is Stiúrthóir Sonraí & Anailísíochta é Martin le Pobal, gníomhaireacht a riarann maoiniú thar ceann Ranna Rialtais tríd an ionchuimsiú sóisialta, cúram leanaí agus cláir gníomhachtaithe mhargadh na fostaíochta. Stiúir sé forbairt fheidhmeanna eolaíochta sonraí agus anailísíochta Pobal, agus thacaigh sé le húsáid tacair sonraí riaracháin le haghaidh ríomhchlárú agus feabhsú beartais. In 2018 bhuaigh Martin agus a fhoireann an gradam ar son na húsáide is fearr a baineadh as eolaíocht sonraí i gComhlacht den Earnáil Phoiblí. Déanann Martin maoirseacht ar choimisiúnú innéacs Pobal Díthe HP agus tacaíonn sé le mórán gníomhaireachtaí stáit agus Ranna Rialtais maidir leis an uirlis seo a úsáid chun acmhainní a dhíriú go hoibiachtúil i dtreo na bpobal is mó atá ar an ngannchuid.

 

An Dr Bahareh Heravi

Is é an Dr Heravi an tOllamh Cúnta leis an Léann Faisnéise & Cumarsáide sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ceapadh ar an mBord é i mí na Nollag 2018.

 

An tUasal Cianán Clancy

Is Grúpcheannasaí, Tráchtáil agus Moltaí Custaiméara an tUasal Clancy do Independent News and Media Plc (INM) – an grúpa meán is mó in Éirinn.  Ina ról reatha, tá freagracht ar Chianán as cabhrú claochlú digiteach agus leathnú tairiscintí INM a bhrú chun cinn níos gasta trí chomhpháirtíochtaí a dhéanamh ar fud sciartha ilghnéitheacha agus moltaí a chruthú a chomhlíonann an iomad cuspóirí tráchtála/custaiméara.    Roimhe seo bhí Cianán mar Cheannasaí na Nuálaíochta agus na Straitéise le INM, mar ar mhaoirsigh sé comhfhiontair, chothaigh sé comhpháirtíochtaí tríú páirtí agus threoraigh sé foirne i ndearadh, tógáil agus bainistiú gnólachtaí nua inscálaithe trí mhodhanna éifeachtacha lúfara.

Roimh INM, bhí ról sinsearach ag Cianán ag IDCC, mar ar stiúir sé forbairt straitéise agus tionscadail anailísíochta sonraí agus rinne sé monatóireacht ar agus d’fhreagair sé ar reachtaíocht AE agus Éireannach a bhain le rialachas sonraí, bainistiú sonraí agus slándáil. Le linn a ama leis an gcuideachta ríomhthráchtála is mó in Éirinn, Paddy Power, stiúir Cianán foireann a bhí dírithe ar choincheapa táirgí nua spéisiúla agus bunaidh. Roimhe sin bhí Cianán ina chomhalta bunaidh de choiste stiúrtha Ionad na hÉireann le haghaidh Ard-Taighde Anailíseach Sonraí, ina chomhbhunaitheoir Beats Medical Group agus ina Shainchomhairleoir Straitéise ag Accenture. Is abhcóide láidir é ar son beartais sonraí ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus tugadh aitheantas pearsanta do Chianán leis an iomad gradam náisiúnta/idirnáisiúnta, lena n-áirítear an chéad Ghradam Sonraí Oscailte de chuig Chomhairle Contae Fhine Gall, Buaiteoir Foriomlán Your Country, Your Call, Comórtas Náisiúnta Straitéise Nuálaíochta na hÉireann, agus buaiteoir foriomlán Eurapp. Tá Céim Bhaitsiléara Chéadonóracha sa Léann Gnó ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath aige, chomh maith le Teastas Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna i nDlí an Ghnó ó Choláiste Náisiúnta na hÉireann.

 

An tOllamh Neil O’Hare

Is Ollamh le Faisnéisíocht Sláinte é Neil (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) agus Príomhoifigeach Grúpa Faisnéise do Ghrúpa Ospidéal Oirthear na hÉireann.  

B’fhisiceoir ar dtús é, agus bhí béim láidir aige ar an bhfaisnéisíocht sláinte i rith a ghairme, lena n-áirítear a bheith i mbun mórán tionscadal maidir le cur chun feidhme i dtaca le córais faisnéise chliniciúla, ag gníomhú mar chomhairleoir don Roinn Sláinte agus bainistiú tionscadail i raon tionscadail feistithe sláinte. In 2007 ghlac sé le ról mar Cheannaire Cláir maidir leis an Tionscadal Náisiúnta um Córas Comhtháite Íomháithe Liachta (NIMIS) d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Éire. Tá sé seo ar cheann de na réitigh aonair PACS / RIS is mó a cuireadh i bhfeidhm ar domhan. Is comhalta é de Bhord Tionscadail de thionscadail EHR géar an FSS.

Roimhe seo bhí ceapacháin acadúla ag Neil in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, le spéiseanna taighde san fhaisnéisíocht sláinte, íomháú agus dáileogmhéadracht fótateiripe UV. Is é Cathaoirleach reatha Chumann Faisnéisíochta Sláinte na hÉireann (HISI) é agus in 2019 bronnadh Comhaltacht Oinigh air i nDámh na Raideolaíochta, RCSI, agus is é an dara raideolaí, go díreach, ar bronnadh a leithéid air ó bunaíodh an Dámh i dtús na 1960idí.

www.linkedin.com/in/neil-o-hare-904a8417

 

Joan O’Connor

Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin agus sainchomhairleoir í Joan a bhfuil taithí aici sa rialachas corparáideach, iniúchóireacht, airgeadas agus riosca, lena n-áirítear ceapacháin mar chathaoirleach agus comhalta boird agus coiste.

Is ceannaire í a bhfuil taithí aici agus le déanaí scoir sí agus í ina comhpháirtí sinsearach ó Deloitte le taithí leathan i gcúrsaí straitéise, beartais, dlí, seirbhísí airgeadais, gnó agus cánach.  Stiúir sí cleachtas Teicneolaíochta, Meán Sóisialta agus teileachumarsáide na gnólachta Éireannaí agus d’oibrigh sí go dlúth le, idir eile, gnólachtaí teicneolaíochta idirnáisiúnta agus gnólachtaí teicneolaíochta lonnaithe in Éirinn le linn a gairmré.

Faoi láthair tá roinnt ceapachán aici san earnáil phoiblí, lena n-áirítear comhalta boird den Bhord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, comhalta de Chomhairle na nDochtúirí Leighis agus coistí iniúchóireachta, airgeadais agus riosca CNCM agus coiste gearán Údarás Rialála Dhlí-Chumann na hÉireann.

Tá M.A. (Oxon); M.A. agus B.A. (TCD) ag Joan. Is Comhalta í d’Institiúid Cánach na hÉireann (FITI), Comhairleoir Cánach Cairte agus Comhalta den Institiúid Cuntasóirí Cairte in Éirinn (FCA). I measc a spéiseanna taighde iarchéime tá tionchar bheartas AE ar straitéis dhigiteach agus an dlí um maoin intleachtúil.

 

Declan Smyth

Staitisteoir Sinsearach is ea Declan leis an bPríomh-Oifig Staidrimh ag díriú ar Chomhordú Chóras Staidrimh na hÉireann/Tuarascálacha Cothrománacha.