Éire ar thús cadhnaíochta san Aibíocht Sonraí Oscailte san Eoraip

5 January 2026

An English version of this item is available here.

Uair amháin eile tá Éire i measc na 5 thír is fearr, as 36 tír ar fad, i rangú 2025 na hEorpa um Measúnú Aibíochta Sonraí Oscailte. Tá Éire sa 5ú háit ar an iomlán agus sa 4ú háit i measc thíortha AE-27 ag a bhfuil scór aibíochta de 96%.

Cuireann Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh agus Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta an suirbhé i gcrích, lena ndéantar measúnú ar dhul chun cinn thíortha na hEorpa maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a chur ar fáil agus a hathúsáid a chur chun cinn. Tá an measúnú ina thagairt riachtanach chun dul chun cinn a rianú, chun treochtaí nua a shainaithint agus chun tacú leis an bpiarfhoghlaim ar fud na hEorpa. Déanann sé an aibíocht a thomhas de réir ceithre ghné a bhaineann le sonraí – beartas, tionchar, tairseach agus cáilíocht.

I measúnú na bliana seo, mhol an tuarascáil Éire as a cur chuige i leith tacaíocht theicniúil agus chomhairleach le heagraíochtaí seirbhíse poiblí, soláthar cúnaimh phraiticiúil agus ábhar in-athúsáidte san áireamh. Luaitear ann gur éirigh le hÉirinn ardán náisiúnta comhroinnte, catalóga agus cainéil theicniúla chomhairleacha a chur ar fáil, rud a chuidíonn le baic a mhaolú do chomhlachtaí áitiúla a fhéachann le tacair sonraí ardcháilíochta a fhoilsiú.

I Straitéis Sonraí Oscailte náisiúnta na hÉireann, a foilsíodh in 2023, leagtar amach treochlár soiléir don tseirbhís phoiblí maidir le cuspóir na hÉireann rochtain éasca ar shonraí rialtais d'ardchaighdeán a chur ar fáil. Spreagann sonraí oscailte dul chun cinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus tá siad lárnach i soláthar raon leathan seirbhísí poiblí agus spriocanna sochaí ríthábhachtacha. Tá comhlachtaí seirbhíse poiblí ag cothú muiníne i measc an phobail agus ag neartú rialtas oscailte agus an daonlathais atá againn trí shonraí a chur ar fáil ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir leis an straitéis.

Le straitéis chlaochlaithe an Rialtais, Seirbhísí Poiblí Níos Fearr 2030, leagtar amach fís do sheirbhís phoiblí atá ionchuimsitheach, ar ardchaighdeán agus comhtháite, a riarann ar riachtanais agus a fheabhsaíonn saol mhuintir na hÉireann. Tá Sonraí Oscailte ina bpríomháisitheoir maidir leis an gclaochlú seo agus tá siad mar bhonn faoi na trí thosaíocht seo a leanas: Digitiú agus Nuálaíocht ar Scála; Lucht Saothair agus Eagraíocht na Todhchaí, agus Beartas agus Seirbhísí Fianaisebhunaithe atá deartha ar son ár bpobail agus lenár bpobal.

Léigh an tuarascáil faoin Aibíocht Sonraí Oscailte